Cuirfear tús i Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá inniu le héisteacht an cháis ar son Donald Trump a chiontú as “éirí amach a spreagadh”.
Tráthnóna inné a cuireadh tús sa Seanad le triail Trump, an chéad uachtarán ar Mheiriceá a ndearnadh táinseamh faoi dhó air.
Cuireadh tús le himeachtaí na trialach inné le díospóireacht faoi cé acu an raibh nó nach raibh sé de cheart ag an Seanad iar-uachtarán a chur ar a thriail.
Vótáil móramh nach raibh a leithéid in aghaidh an bhunreachta.
Beidh dhá lá ag lucht a chúisithe chun a gcás a dhéanamh sula ndéanfaidh lucht dlí an iar-uachtaráin a gcás siúd.
Déarfaidh lucht tionscnaimh tháinseamh Trump go bhfuil “an-mhórán fianaise dhoshéanta” ann go raibh freagracht ar leith ar Trump as an ruathar ar an gCaipeatól in Washington ar an 5 Eanáir.
Deir lucht cúisithe Trump nach mbeadh eachtraí an lae sin tarlaithe in aon chor mura mbeadh an lasair curtha sa bharrach ag Trump.
Vótáil móramh i dTeach na nIonadaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá mí Eanáir go ndéanfaí Trump a tháinseamh. Cuireadh i leith Trump gur ghríosaigh sé a lucht tacaíochta chun ruathar a thabhairt ar an gCaipeatól.
Roinnt uaireanta an chloig sula dtug grúpa de lucht tacaíochta Trump ruathar faoin gCaipeatól, dúirt sé le slua daoine in Washington nach mbeadh “aon tír a thuilleadh acu” mura gcuirfidís suas “troid an diabhail”.
Ní dócha go n-éireoidh leis an iarracht an t-iar-uachtarán a chiontú mar go dteastódh dhá thrian a bheith ar son a tháinsimh sa Seanad chun é a chiontú.
Dá gciontófaí sa Seanad é d’fhéadfaí cosc a chur air seasamh i dtoghcháin arís ach seans go ndéanfar iarracht é sin a dhéanamh fiú mura gciontófar é.
Níor thacaigh ach cúigear Seanadóirí ón bpáirtí Poblachtánach an mhí seo caite leis an rún go gcuirfí Trump ar a thriail sa Seanad.
55 Seanadóir a vótáil ar son Trump a chur ar a thriail agus 45 a vótáil i gcoinne an rúin ach bheadh tacaíocht ag teastáil ó 17 Poblachtánach chun Trump a chiontú.
Fág freagra ar 'Tús á chur leis an gcás ar son Trump a chiontú'