Tús á chur le Scoil Samhraidh an Phiarsaigh 100 bliain tar éis a imeachta ó Ros Muc den uair dheireanach

Sraith cainteanna eagraithe ag Comhairle Contae na Gaillimhe agus déanfar scagadh ar an am a chaith an Piarsach thiar, mar aon lena fhealsúnacht i leith na teanga agus ceist an oideachais

Pearse

Is tráthúil go gcuirfear tús ar maidin le Scoil Samhraidh an Phiarsaigh i Ros Muc i gConamara óir is cothrom an lae seo 100 ó shin a d’fhág Pádraig Mac Piarais a theachaín samhraidh ar an Turloch den uair dheireanach.

Ba sa teachaín céanna a scríobh sé an óráid cháiliúil a thabharfadh sé cois uaigh Uí Dhonnabháin Rosa ar a shochraid, óráid a ghríosaigh go leor daoine chun réabhlóide agus a chabhraigh leis an bPiarsach fís agus aidhmeanna Óglaigh na hÉireann a chur chun cinn agus a scaipeadh.

Tá sraith cainteanna eagraithe ag Comhairle Contae na Gaillimhe le haghaidh na Scoile inniu agus déanfar scagadh ar an am a chaith an Piarsach thiar, mar aon lena fhealsúnacht i leith na teanga agus ceist an oideachais.

Ag caint dó faoin Scoil le Tuairisc.ie, dúirt Páid Ó Neachtain, Oifigeach Forbartha Gaeilge Chomhairle Contae na Gaillimhe, gurb é an “chéad ócáid náisiúnta” é a bhaineann le comóradh céad bliain 1916 agus gurb “iontach an rud é gur i Ros Muc atá sé”.

“Tá tábhacht nach beag ag baint leis [an scoil] don cheantar agus is fiú ceiliúradh a dhéanamh ar an bhfear é féin agus ar na tréimhsí a chaith sé sa gceantar”, a dúirt Ó Neachtain.

S37535-xlimage-R6637
Seosamh Ó Cuaig

Is ar na tréimhsí céanna sin a bheas an gníomhaí pobail agus an t-iarchraoltóir, Seosamh Ó Cuaig, ag díriú ina chaint seisean ar an bPiarsach, a bheas ar siúl ag 11.20 ar maidin.

In Aill na Brún, Cill Chiaráin a rugadh agus a tógadh Seosamh Ó Cuaig, atá bainteach le cearta sibhialta agus feachtais phobail ó d’fhág sé an scoil. B’as Ros Muc a mháthair agus bhí a shin-seanathair, Seán Ó Gaora, agus a mhac siúd, Colm, an-mhór leis an bPiarsach. Bhí Colm Ó Gaora i gCraobh Ros Muc d’Óglaigh na hÉireann.

Pléifidh an Dr. Ciarán Ó Coigligh, léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig agus duine a chaith tréimhsí fada i Ros Muc ag foghlaim na Gaeilge ina fhear óg, fealsúnacht agus fís oideachais an Phiarsaigh ina chaintsean. Tá an-chíoradh déanta ag an gCoiglíoch ar fhilíocht Mhic Phiarais agus ar shaothair liteartha Chaitlín Maude.

Labhróidh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, faoi chearta teanga ina dhiaidh sin agus is é an tOllamh Emeritus le Stair in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Gearóid Ó Tuathaigh, a thabharfas aitheasc oscailte na Scoile ag 10.50 am.

Dúirt Páid Ó Neachtain go mbeidh go leor “eolas áitiúil á thabhairt” ag an ócáid, go mór mór i gcaint Sheosaimh Uí Chuaig, agus go gcuirfidh daoine an-spéis ann.

Beidh amhráin agus damhsa ar an sean-nós ag Teach an Phiarsaigh tar éis na gcainteanna, agus déanfar athchruthú ansin ar óráid an Phiarsaigh ar shochraid Uí Dhonnabháin Rosa.

Siúlfar go Cnocán na Móna ina dhiaidh sin, mar a nochtfaidh an dornálaí clúiteach, Seán Ó Mainnín, leacht cuimhneacháin.

Dúirt Ó Neachtain go raibh tábhacht leis na himeachtaí seo sa tráthnóna mar go mba nós leis an bPiarsach beagán “siamsaíochta” a dhéanamh don chomhluadar tar éis dó a chuid oibre a chur de ó lá go lá.

Tá sé i gceist ag an gComhairle Contae ócáid bhliantúil a dhéanamh den scoil amach anseo agus cur le líon n-imeachtaí don bhliain seo chugainn.

Ag a deich a chlog ar maidin a bheas an clárú don Scoil agus tá fáilte roimh chách.

Fág freagra ar 'Tús á chur le Scoil Samhraidh an Phiarsaigh 100 bliain tar éis a imeachta ó Ros Muc den uair dheireanach'