Tús á chur le plean ionad pobail agus mol digiteach nua a thógáil ar Inis Meáin

Tá comhairleoirí le ceapadh le tús a chur leis an bplean an seanionad tumadóireachta ar an oileán Gaeltachta a athchóiriú

Tús á chur le plean ionad pobail agus mol digiteach nua a thógáil ar Inis Meáin

Tá tús á chur le plean ionad pobail agus mol digiteach nua a thógáil ar Inis Meáin.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne inniu go bhfuil deontas á thabhairt do Chomhlacht Forbartha Inis Meáin ar mhaithe le comhairleoirí a cheapadh le tús a chur leis an bplean an seanionad tumadóireachta ar an oileán Gaeltachta a athchóiriú.

€32,000 atá ceadaithe le caitheamh ar na comhairleoirí a dhéanfaidh an t-ionad nua a dhearadh, a lorgóidh tairiscintí don obair agus a dhéanfaidh monatóireacht ar an obair athchóirithe. 

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé “ríthábhachtach” go mbeadh infreastruchtúr agus seirbhísí pobail “ar ardchaighdeán” i gceantair thuaithe. Bhí an Rialtas “tiomanta”, a dúirt sé “an caighdeán saoil ar an oileán a fheabhsú” don 127 duine atá ina gcónaí in Inis Meáin

“Tá an Comhlacht Forbartha ag feidhmiú faoi láthair gan oifig fiú agus is léir go bhfuil géarghá le saoráid mar seo ar an oileán. Beidh saoráid den scoth ar fáil amach anseo don phobal láidir Gaeltachta seo agus is cinnte go gcuideoidh sé le cuairteoirí a mhealladh chuig an gceantar freisin. Tá súil agam go gcabhróidh an maoiniú seo leo agus iad ag brú an togra seo chun cinn,” arsa Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

Fág freagra ar 'Tús á chur le plean ionad pobail agus mol digiteach nua a thógáil ar Inis Meáin'