Tá tús le cur go luath ag Roinn na Gaeltachta ar leagan amach an mhúnla a d’fhéadfadh a bheith ar ‘scéim labhairt na Gaeilge’ nua.
Cuireadh deireadh in 2011 le Scéim Labhairt na Gaeilge, an scéim faoina n-íoctaí €260 le teaghlaigh Ghaeltachta ina raibh labhairt na Gaeilge ag na páistí, ach tá sé ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, go bhfuil a mhachnamh á dhéanamh aige ar an deontas a thabhairt ar ais.
Tá céim eile á tabhairt go luath maidir le bunú na scéime nua agus tús á chur le plé faoi mholtaí atá bailithe ag Roinn na Gaeltachta le seacht mí anuas faoin múnla a d’fhéadfadh a bheith uirthi.
Mí Feabhra seo caite a d’eagraigh Roinn na Gaeltachta ‘meitheal smaointeoireachta’ faoi na bearta “breise” a d’fhéadfaí a dhéanamh ar mhaithe le labhairt na Gaeilge a chur chun cinn sa Ghaeltacht agus bhí ‘scéim labhairt na Gaeilge’ nua i measc na moltaí a tháinig chun cinn.
“Ó shin tá an t-ábhar pléite le roinnt páirtithe leasmhara le smaointe agus tuairimí maidir le scéim nua a bhailiú,” a dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.
“Siad na chéad chéimeanna eile ná breis plé a dhéanamh ar na smaointe a tháinig as an phlé seo agus raon bearta nua a mhúnlú timpeall orthu.”
I 1933 a bunaíodh Scéim Labhairt na Gaeilge, tráth a n-íoctaí £2 an páiste in aghaidh na bliana le tuismitheoirí sa Ghaeltacht a spreagadh lena bpáistí a thógáil trí Ghaeilge.
Nuair a cuireadh deireadh leis an scéim in 2011 deontas €260 in aghaidh na scoilbhliana a bhí á íoc le teaghlaigh sa Ghaeltacht ina raibh páistí scoile.
Sa bhliain deiridh den deontas, rinne 3,378 teaghlach iarratas faoin scéim, íocadh an deontas iomlán (€260) le 2,346 teaghlach agus an deontas laghdaithe (€130) le 435 teaghlach eile.
Dúirt urlabhraí na Roinne go raibh “raon leathan de bhearta” curtha i bhfeidhm ar mhaithe le labhairt na Gaeilge a spreagadh sa Ghaeltacht ó cuireadh deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge. Luaigh sé bunú na heagraíochta Tuismitheoirí na Gaeltachta, maoiniú breise agus an próiseas pleanála teanga ar na bearta sin.
Liam
Fé dheiridh ach is fearr go mall ná go brách. Teip iomlán ar an Scéim Aitheantais don Pholasaí Oideachais Gaeltachta: Bainistíocht i roinnt scoileanna Gaeltachta ag earcú múinteoirí gan aon Ghaolainne agus ag brú Béarla ar phobail scoileanna. Fiosrúchán de dhíth ar an gcleachtas seo. An Ghaolainn fágtha in áit na leith phingine ag roinnt Príomhoidí i scoileanna Gaeltachta. Gearradh siar ar liúntais stáit de dhíth orthu seo atá ag creimeadh na Gaolainne sna scoileanna go bhfuileadar ceapaithe í a láidriú. Conas gur féidir leis na Príomhoidí seo a bheith ag obair i scoil Ghaeltachta? Tuairisc.ie rachaigí i mbun fiosrúcháin.
Donncha Ó hÉallaithe
Ní ‘macnamh’ a theastaíonn ón Aire Stáit ach cinneadh agus gníomhú. Tá an mhoilleadóireacht atá ar bun ag Roinn na Gaeltachta faoi seo gan leithscéal. An fhad is atá a chuid macnaimh á dhéanamh ag an Aire Stáit tá an taoille ag trá ar an nGaeilge mar theanga teaghlaigh sna ceantair Ghaeltachta ina mbíodh sí láidir.
Mícheál Ó Flaithearta
Cé mhéad eile machaimh a theastaíonn sula mbeidh an Ghaeilge imithe mar theanga pobail? Cuireann an útamáil seo ar fad déistean orm. Ach is fearr ann an scéim seo ná as.
Seán ÓM
Ba mhinic a bhíodh Donncha Ó hÉallaithe ag rá go raibh fadhbanna leis an sean-scéim mar nár chuir sí go leor béime ar pháistí óga in aois réamhscoile.
Tá súil agam go mbeidh cinneadh agus gníomh le feiceáil gan mhoill agus neart béime ar na luathbhlianta sa scéim nua.