Tús á chur le hullmhú ‘Culture 2025’ – beartas nua náisiúnta

Tá an tAire Heather Humphreys ag súil go nglacfaidh cuid mhór den phobal an deis tuairimí a nochtadh maidir le forbairt an chultúir mar chuid de bheartas nua atá á ullmhú faoi láthair

25/09/2014. Heather Humphreys. Pictured Minister f

Tá tús le cur le próiseas fairsing comhairliúcháin mar ullmhú don  bheartas nua náisiúnta cultúir dar teideal ‘Culture 2025’ dar leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys.

Tá fonn uirthi tuairimí na bpáirtithe leasmhara uile agus tuairimí an phobail a chur san áireamh sa straitéis atá á ullmhú ag a Roinn i láthair na huaire, a thug sí le fios mar fhreagra ar cheist Dála.

Dúirt an tAire freisin go raibh sí i mbun cainte cheana féin le forais áirithe cultúir agus go raibh bailchríoch á cur ar dhréachtpháipéar ag oifigigh a Roinne faoin bpróiseas a bhaineann le hullmhú an bheartais nua náisiúnta.

Ní bhainfidh ábhar an bheartais nua le soláthar airgid ach leis an mbealach a dtugann an stát tacaíocht do chúrsaí cultúir, a dúirt an tAire.

Sheol an tIar-Aire Jimmy Deenihan ‘Culture 2025’ an samhradh seo caite agus tá sé mar aidhm ag an Roinn “ardspriocanna agus beartais an Rialtais i réimse an chultúir a leagan amach as seo go dtí an bhliain 2025”. Is é seo an chéad bheartas rialtais dá chineál le fada an lá.

Tá €156 milliún curtha ar leataobh do na healaíona, don chultúr agus do scannáin i mbuiséad na Roinne don bhliain 2015.

Táthar ag súil gur go gairid a fhoilseoidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ráiteas straitéise don tréimhse 2015-2017 ina mbeidh léargas ar thosaíochta na Roinne i dtaca le polasaí cultúir i measc nithe eile.

Fág freagra ar 'Tús á chur le hullmhú ‘Culture 2025’ – beartas nua náisiúnta'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Léargas ar dhearcadh/mheon an dream ar chúl seo gur Culture 2025 seachas Cultúr 2025 atá mar theideal ar an mór bheartas seo. Nach í an Ghaeilge Príomh theanga na Roinne sin?