Tús á chur le hathbhreithniú maidir le gearáin faoi chúrsaí oibre i Rannóg an Aistriúcháin

An Príomh-Aistritheoir ag ‘dul i ngleic’ leis na ‘dúshláin’ atá roimh an Rannóg’

Tús á chur le hathbhreithniú maidir le gearáin faoi chúrsaí oibre i Rannóg an Aistriúcháin

Tá “dul chun cinn suntasach” déanta maidir le tús a chur le hathbhreithniú, a bheidh á stiúradh go seachtrach, ar “timpeallacht oibre, caidrimh oibre agus cultúr eagraíochtúil” na Rannóige Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais.

I dteachtaireacht a scaip Príomh-Aistritheoir na Rannóige, Vivian Uíbh Eachach ar bhaill foirne le déanaí, thagair sé d’alt nuachtáin faoi ghearáin éagsúla a bheith déanta ag baill foirne sa Rannóg i gcoinne baill foirne eile.

“Is eol dom gur chuir an t-alt nuachtáin a foilsíodh Dé Máirt isteach ar chuid mhór daoine sa Rannóg agus ba mhaith liom an deis seo a thapú chun a chur in iúl daoibh go bhfuil mise agus ardbhainistíocht Sheirbhís Thithe an Oireachtais anseo chun tacú libh.

“Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl as obair fhoireann na Rannóige agus a dhearbhú libh go bhfuilimse, mar Phríomh-Aistritheoir, ag obair go gníomhach le hElaine Gunn, Leas-Ardrúnaí, agus le Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann, chun dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh an Rannóg,” a deir Uíbh Eachach sa chomhfhreagras atá feicthe ag Tuairisc.ie.

Sa chomhfhreagras sin, meabhraíonn an Príomh-Aistritheoir do bhaill foirne go bhfuil an tSeirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe na Státseirbhíse ann chun tacaíocht “aghaidh ar aghaidh” a thabhairt faoi rún d’aon bhall foirne a bhfuil deacracht aige nó aici “ó thaobh nithe a bhaineann lena gcuid oibre nó lena saol a bhainistiú”.

“Mar fhocal scoir, is féidir liom a dhearbhú libh go mbeidh mé fhéin agus an ardbhainistíocht ag obair go dlúth le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna go léir agus chun tacú leis an bhfoireann i Rannóg an Aistriúcháin,” a deir Uíbh Eachach.

D’aontaigh Seirbhís Thithe an Oireachtais agus an ceardchumann IMPACT an t-athbhreithniú a chur ar bun chun teacht ar réiteach ar ghearáin san áit oibre agus ar cheisteanna a bhaineann le liúntais agus táirgiúlacht oibre sa Rannóg.

Thángthas ar aontú mar gheall ar an athbhreithniú i mí na Nollag seo caite i ndiaidh ballóide i measc fhoireann IMPACT sa Rannóg.

Deirtear go bhfuil an  próiseas maidir le ceist na liúntas PCW (An Clár um Iomaíochas agus Obair) “beagnach críochnaithe” agus go gcuirfear i gcrích é an mhí seo.

Deirtear chomh maith go bhfuil “dul chun cinn suntasach déanta” maidir le dréachtú na dtéarmaí tagartha don Athbhreithniú Acmhainne.

D’aontaigh Seirbhís Thithe an Oireachtais le hIMPACT go gcuimseoidh an t-athbhreithniú seo an timpeallacht oibre, cúrsaí caidreamh oibre agus an cultúr “eagraíochtúil” laistigh den Rannóg.

Deirtear go bhfuil “raon agus cineál an athbhreithnithe” á mbreithniú ag  ardbhainistíocht Sheirbhís Thithe an Oireachtais.

Fág freagra ar 'Tús á chur le hathbhreithniú maidir le gearáin faoi chúrsaí oibre i Rannóg an Aistriúcháin'