Tús á chur le dréachtú cúiseanna táinsimh i leith Trump

D’fhéadfadh anois vóta a bheith ann roimh Nollaig faoi Donald Trump a chúiseamh as mórchionta agus oilghníomhartha

Tús á chur le dréachtú cúiseanna táinsimh i leith Trump

Tá tús á chur ag Teach na nIonadaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá le cúiseanna táinsimh a dhréachtú i leith an Uachtaráin Donald Trump.

Fágann sin go bhféadfadh vóta a bheith ann roimh Nollaig faoi Trump a chúiseamh as mórchionta agus oilghníomhartha.

D’fhógair Spéicéir Theach na nIonadaithe Nancy Pelosi inniu nach raibh aon rogha eile ann ach iarratas a dhéanamh go ndéanfaí Trump a tháinseamh as mí-úsáid a bhaint as an gcumhacht atá aige mar Uachtarán.

Dúirt Pelosi go raibh iarrtha aici ar Choiste Breithiúnais Theach na nIonadaithe airteagail táinsimh a ullmhú i gcoinne an Uachtaráin maidir le brú a chur an Úcráin fiosrú a dhéanamh faoi Joe Biden.

“Daonlathas na tíre seo atá i gceist, agus ní fhágann ár nUachtarán aon rogha eile againn ach gníomhú,” arsa Pelosi.

Inné a cuireadh a thosaigh Coiste Breithiúnais an Tí ag meá na cúiseanna a d’fhéadfaí a chur i leith an Uachtaráin.

Dúirt Donald Trump inniu nárbh fholáir do na Daonlathaigh deabhadh a dhéanamh dá mba mhaith leo é a tháinseamh.

“Más fúibh mé a tháinseamh deanaigí láithreach bonn é ionas go bhféadfaimid triail chothrom a bheith againn sa Seanad agus ionas gur féidir linn dul i mbun gnó na tíre arís.” arsa Trump i dtvuít a chuir sé amach tamall gairid roimh fhógra Pelosi.

Dúirt sé chomh maith go raibh na Daonlathaigh “as a gcéill”.

Dúirt Nancy Pelosi go raibh sé soiléir ó na fiosrúcháin atá ar siúl le dhá mhí gur sháraigh an tUachtarán móid a oifige nuair a lorg sé cabhair ó thír eachtrannach do thoghchán uachtaránachta 2020. Dá bhfágfaí Trump in oifig, is amhlaidh a bheadh “an phoblacht” féin “i mbaol”, arsa Pelosi.

Tá sé curtha i leith Trump ag na Daonlathaigh gur bhain an tUachtarán mí-úsáid as a oifig ar mhaithe le fabhar polaitiúil agus gur coinníodh cúnamh slándála ón Úcráin chun brú a chur orthu fiosrúchán a dhéanamh faoi mhuintir Biden.

Dúradh i dtuarascáil táinsimh an choiste fáisnéise a foilsíodh Dé Máirt gurbh amhlaidh gur bhain an tUachtarán mí-úsáid as a chumhacht chun a leasa féin agus gur chuir sé bac ar cheartas trí ordú a thabhairt d’fhinnéithe tábhachtacha gan fianaise a thabhairt.

Fág freagra ar 'Tús á chur le dréachtú cúiseanna táinsimh i leith Trump'