Tús á chur le cuid a dó de shéasúr CLG 2020… tá súil agam go bhfeicfimid a chríoch

Agus gan ach ráigeanna, rátaí atáirgthe, rianú agus ráflaí againn le roinnt míonna anuas, tá gliondar ar ár gcolúnaí faoi fhilleadh na gcluichí

Tús á chur le cuid a dó de shéasúr CLG 2020… tá súil agam go bhfeicfimid a chríoch

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

De ghnáth, is ag deireadh na bliana a scríobhaim alt faoin mbliain iomána agus na buaicphointí a tharla le linn na séasúr idirchontae agus club. I mbliana, áfach, táim ag súil anois go mbeidh dhá shéasúr againn, an ceann roimh Covid agus an ceann ina dhiaidh.

Dar ndóigh, bhí an séasúr réamh-Covid an-ghearr agus cuireadh críoch thobann leis i lár mhí an Mhárta. Tharla mórán i rith na tréimhse gairide sin, mar sin féin.

Ní raibh ach coicís caite san athbhliain nuair a bhuaigh Luimneach agus Loch Garman na coirn do na comórtais réamhshéasúir.

Ansin, agus Eanáir fós linn, bhí coimhlint againn a bheadh ar an ngearrliosta do chluiche na bliana nuair a bhuaigh Tulach Ruáin as Cill Chainnigh ar Chumann an Athar Uí Néill as Corcaigh i gcluiche ceannais idirmheánach na hÉireann.

Scóráladh ocht gcúl agus 31 cúilín sa 60 nóiméad agus poc deireanach an chluiche, a bhuail captaen Thulach Ruáin, Shane Walsh (deartháir d’iarlaoch na gCat, Tommy) thar an trasnán, a shocraigh cé a bhí buacach agus cé a bhí caillteach.

Ba í sméar mhullaigh na hoíche ná an óráid a thug Walsh agus é ag glacadh leis an gcorn, óráid chomh suimiúil agus chomh greannmhar le haon cheann a tugadh riamh ar chéimeanna ársa Ardáin Uí Ógáin.

An lá ina dhiaidh sin, thug Baile Héil, faoi stiúir iarlaoch eile de chuid Chill Chainnigh, Henry Shefflin, corn na sinsear leo don dara bliain as a chéile agus den ochtú huair ar fad.

Bhí muid fós i mí Eanáir nuair a thosaigh an tSraith Náisiúnta Iomána agus is iad fir Luimnigh a sheas amach sna cluichí is luaithe.

Ag an am céanna, imríodh comórtas Mhic Giobúin agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh a choinnigh seilbh ar an gcorn don dara bhliain as a chéile. Ní raibh ach trí nóiméad fágtha sa chluiche ceannais nuair a chuaigh foireann Chorcaí chun tosaigh den chéad uair in aghaidh Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach.

Bhí an tsraith ag teacht go ceann scríbe nuair a bhuail Covid-19 an tír.

Bhí Luimneach agus an Clár cáilithe do na cluichí leathcheannais agus áit bainte amach ag Loch Garman, Gaillimh, Port Láirge agus Cill Chainnigh sna babhtaí ceathrú ceannais ach, i bpreabadh na súl, cuireadh stop le gach rud.

In áit dheireadh na sraithe agus tús na craoibhe, bhí cúpla mí againn gan faic ach dianghlasáil, clutharú, scoitheadh sóisialta, aonaid dianchúraim, NPHET, ráigeanna, rátaí atáirgthe, rianú agus ráflaí.

Ansin, ar an 19 Meitheamh d’fhógair an Taoiseach go bhféadfaí tús a chur arís le himeachtaí spóirt áirithe ag deireadh na míosa, cé go mbeadh srianta i gceist.

D’fhógair Cumann Lúthchleas Gael go raibh rún fós acu tús a chur le cluichí clubanna ar an 31 Iúil ach go bhféadfaí tosú ar thraenáil cheart ar an bpáirc níos túisce ná mar a bhí socraithe.

Nach orainn a bhí an gliondar nuair a rinneadh athrú eile a thug cead do na comórtais chlub tosú an deireadh seachtaine seo. Seo sinn anois agus sinn ag fanacht le cluichí ar fud na tíre.

Beidh Nemeton agus TG4 i lár an aonaigh mar is gnáth agus sceideal na gcluichí a bheidh á dtaispeáint acu fógartha. Cuireadh tús leo aréir i Loch Garman.

Amárach, beidh iománaíocht againn ó Bhaile Átha Cliath agus dhá cheann de na foirne is láidre sa chontae, Baile Buadáin Naomh Éanna agus Cill Mochuda na Crócaigh, ag imirt i gcoinne a chéile.

Dé hAoine beag seo, beidh an-choimhlint againn i gCraobh Luimnigh idir na Piarsaigh agus Cill Mocheallóg.

Sea, tá tús curtha le cuid a dó de shéasúr CLG 2020. Tá súil agam go bhfeicfimid a chríoch.

Fág freagra ar 'Tús á chur le cuid a dó de shéasúr CLG 2020… tá súil agam go bhfeicfimid a chríoch'