Tús á chur le craobhacha peile i nGaillimh, i gCiarraí agus i gCorcaigh

Beidh foirne as Conamara, Corca Dhuibhne agus Múscraí ag dul chun páirce sa chraobh den chéad uair i mbliana agus cluichí tábhachtacha iomána ar siúl i bPort Láirge agus sa Mhí freisin

Tús á chur le craobhacha peile i nGaillimh, i gCiarraí agus i gCorcaigh

I nGaillimh, cuirfidh seaimpíní na bliana seo caite, Maigh Cuilinn, tús lena bhfeachtas amárach nuair a chasfaidh siad ar Bhaile Chláir i Staid an Phiarsaigh ag 6pm

Beidh deireadh seachtaine mór peile ag foirne Gaeltachta ar fud na tíre agus tús á chur le craobhacha i nGaillimh, i gCiarraí agus i gCorcaigh an deireadh seachtaine seo.

I nGaillimh, cuirfidh seaimpíní na bliana seo caite, Maigh Cuilinn, tús lena bhfeachtas amárach nuair a chasfaidh siad ar Bhaile Chláir i Staid an Phiarsaigh ag 6pm. Anuraidh, ba iad fir Mhaigh Cuilinn an chéad dream as Conamara a bhuaigh Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe ó thug An Cheathrú Rua leo an chraobh i 1996. Seans gur láidre atá an fhoireann i mbliana agus an t-imreoir contae Peter Cooke fillte abhaile as Meiriceá.

Amárach freisin a bheidh Bearna ag imirt a gcéad chluiche sa Chraobh Shinsir. Is i gcoinne Chora Finne (5.45pm i dTuaim) a bheidh Bearna, a raibh an-bhliain acu anuraidh nuair a bhain siad na babhtaí ceathrú ceannais amach.

Beidh dhá fhoireann Ghaeltachta eile san iomaíocht sa Chraobh Shinsir Dé Domhnaigh. Imreoidh An Spidéal in aghaidh Bhaile an Mhuilinn i Staid an Phiarsaigh ag 12.30pm agus casfaidh an Cheathrú Rua ar Eanach Dhúin ar an láthair chéanna ag 3.15pm.

Sa Chraobh Idirmheánach i nGaillimh, imreoidh Micheál Breathnach, a thit síos ón gCraobh Shinsir anuraidh, in aghaidh Átha Cinn ar an bhFairche ag 3pm sa chéad chluiche i nGrúpa 3. Tá Naomh Anna, Leitir Móir, sa ghrúpa céanna leis na Breathnaigh agus beidh fir cheantar na n-oileán in aghaidh Naomh Gabriel i mBóthar na Trá ag 5pm.

Is ar an Domhnach a bheidh Oileáin Árann ag dul chun páirce den chéad uair i gcraobh na bliana seo nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Chill Chonla i mBóthar na Trá ag 1.30pm.

I gCraobh Shóisir an Iarthair, beidh Naomh Pádraig, An Fhairche ag tabhairt aghaidh ar Rinn Mhaoile Dé Sathairn agus imreoidh Carna-Caiseal i gcoinne chumann an Athar Uí Ghríofa/Éire Óg Dé Domhnaigh.

Tá tús á chur leis an aicsean i gCiarraí an deireadh seachtaine seo freisin. Beidh Piarsaigh na Dromoda le Cill Chuimín sa chéad chluiche i nGrúpa 1 den Chraobh Idirmheánach amárach.

Is ar an Domhnach a bheidh An Ghaeltacht ag dul chun páirce i nGrúpa 4.  Fánaithe na Leamhna a bheidh rompu sa chéad bhabhta i mbliana (2.30pm ar an gCill). Tá bainisteoir nua ag foireann na Gaeltachta i mbliana, Micheál Ó Sé, agus súil acu feabhsú ón mbliain seo caite nuair a fuair Na Gaeil an ceann is fearr orthu sna babhtaí ceathrú ceannais.

Is ar an Domhnach freisin a chuirfidh Daingean-Uí Chúis tús lena bhfeachtas i gCraobh Shinsir na gClubanna. Is in aghaidh fhir Thrá Lí, Ó Ceirín-Ó Rathaille, a bheidh an Daingean ina gcluiche i nGrúpa 1 a imreofar in Abhainn an Scáil ag 2.30pm.

Thíos i gCorcaigh, beidh foirne peile Mhúscraí ag dul chun páirce an deireadh seachtaine seo freisin agus tús á chur le craobhacha 2021.

Amárach, imreoidh Naomh Abán in aghaidh Mhaigh Chromtha i mBéal Átha an Ghaorthaidh (4pm) sa chéad chluiche i nGrúpa A de Phríomhchraobh Idirmheánach Peile Chorcaí.

Beidh Cill na Martra ag dul chun páirce sa chomórtas céanna Dé Domhnaigh. Chuaigh Cill na Martra chomh fada le babhtaí leathcheannais na craoibhe anuraidh agus is in aghaidh Raonaithe Nemo atá siad i gcluiche a imreofar i mBaile an Droichid ag 2pm.

Is ag 2pm Dé Domhnaigh freisin a bheidh Béal Átha an Ghaorthaidh ag imirt a gcéad chluiche i gCraobh Shinsir A Chorcaí. Is in aghaidh na nDubhchonnach atá Béal Átha an Ghaorthaidh i gcluiche atá le himirt ag 2pm i gCill Mhichíl.

Tá cluichí tábhachtacha ag foirne iomána Gaeltachta freisin an deireadh seachtaine seo.

Sna Déise, beidh An Rinn ag imirt a gceathrú cluiche i gCraobh Idirmheánach Iomána Phort Láirge. Trí chluiche as trí cinn atá buaite go dtí seo ag fir na Rinne agus iad ar bharr Ghrúpa 1. Is in aghaidh na Claise Móire/Chionn tSáile, a bhfuil an dá chluiche a bhí acu go dtí seo buaite acu, a bheidh an Roinn Dé Domhnaigh ag 2pm i bPáirc Uí Fhearchair.

Beidh coimhlint ghéar sa Mhí amárach agus an dá fhoireann Ghaeltachta, Clann na nGall agus Bhulf Tón, ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gCraobh Shinsir Iomána an chontae. Chaill an dá fhoireann a gcéad chluichí ach beidh deis acu sin a chúiteamh nuair a chasfar ar a chéile iad ag 6pm i Muileann an Chláir.

Fág freagra ar 'Tús á chur le craobhacha peile i nGaillimh, i gCiarraí agus i gCorcaigh'