Tús á chur le Craobh Shinsir Peile Chiarraí agus cluichí tábhachtacha ar fud na Gaeltachta

Beidh sé fhoireann Ghaeltachta ó Dhún na nGall san iomaíocht i mbabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe idirmheánaí an deireadh seachtaine seo

Tús á chur le Craobh Shinsir Peile Chiarraí agus cluichí tábhachtacha ar fud na Gaeltachta

Ciarraí

Cuirfear tús le Craobh Shinsir Peile Chiarraí an deireadh seachtaine seo agus struchtúr nua i bhfeidhm do chomórtas na bliana seo. Tá an 16 foireann curtha i gceithre ghrúpa agus beidh áit ag an dá fhoireann is fearr i ngach ceann sna babhtaí ceathrú ceannais.

Beidh imreoirí Chorca Dhuibhne san iomaíocht tráthnóna agus Ciarraí Thiar ag tabhairt aghaidh ar Chiarraí Láir i bPáirc Aibhstín de Staic i dTrá Lí. Chlis ar an dá fhoireann sa chéad bhabhta anuraidh ach chuaigh Ciarraí Láir chomh fada leis an gcluiche ceannais in 2020. Tá ag éirí go maith leis an nGaeltacht sa Chraobh Idirmheánach agus beifear ag súil go mbeidh imreoirí amhail Brian Ó Beaglaoich, Éanna Ó Conchúir agus Dara Ó Sé in ann comhfhoireann Chiarraí Thiar a spreagadh.

Tá foireann eile na leithinse, Daingean Uí Chúis curtha i ngrúpa an-dheacair – le Ciarraí Thoir, Ó Céirín-Ó Rathaille agus An Spá. Is in aghaidh an Spá a bheidh fir an Daingin amárach sa chéad bhabhta agus bua ag teastáil. Chas na foirne ar a chéile i gCraobh Shinsir na gClubanna roinnt seachtainí ó shin agus bhí an lá leis an Spá. Ach tá amhras an mbeidh an t-imreoir contae Dara Moynihan ar fáil dóibh don chluiche seo agus tá neart cumais i bhfoireann an Daingin.

Beidh imreoirí ó chumainn Uíbh Ráthaigh ag imirt le Ciarraí Theas sa chomórtas agus cluiche crua in aghaidh an Teampaill Nua acu sa chéad bhabhta. Tá an Teampall Nua ag imirt thar barr na laethanta seo agus áit i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir na gClubanna bainte amach acu. Beidh sé deacair iad a stopadh anseo.

Dé Sathairn, 10 Meán Fómhair

Craobh Shinsir Peile Chiarraí

Ciarraí Láir v Ciarraí Thiar – Páirc Aibhistín de Staic, 5.30pm

Dé Domhnaigh, 11 Meán Fómhair

Craobh Shinsir Peile Chiarraí

An Spá v Daingean Uí Chúis – Cill Orglan, 2.30pm

An Teampaill Nua v Ciarraí Theas – Staid an Ghearaltaigh, 3.45pm

Dún na nGall

An tseachtain seo chugainn a imreofar na babhtaí ceathrú ceannais sa chraobh shinsir agus beidh na foirne atá fós san iomaíocht, ocht gcinn acu, don ardú céime sa chraobh idirmheánach ag dul chun páirce an deireadh seachtaine seo agus iad sa tóir ar áit sna babhtaí leathcheannais.

Bhí sé phointe le spáráil ag an gClochán Liath ar Naomh Muire nuair a d’imir na foirne coicís ó shin ach bhí an dream ó Íochtar na Rosann cáilithe cheana do na babhtaí ceathrú ceannais faoin am sin agus ba cheart go mbeadh coimhlint níos géire eatarthu i Leitir Ceanainn tráthnóna. Chuaigh An Clochán Liath chomh fada leis an gcluiche ceannais anuraidh ach bhí cuma mhaith ar Naomh Muire go dtí seo.

Tá aithne mhaith ag na Dúnaibh agus Gaeil Fhánada ar a chéile agus tabharfaidh an dá fhoireann ó thuaisceart an chontae aghaidh ar a chéile i gcluiche ceathrú ceannais eile tráthnóna. Beidh bua fhir Fhánada i gcomórtas na sóisear ag Comórtas Peile na Gaeltachta tar éis misneach a thabhairt dóibh agus bhuaigh siad ar na Dúnaibh sa tsraith níos luaithe i mbliana ach má imríonn Lorcan Connor agus Johnny McGroddy go maith do na Dúnaibh, d’fhéadfadh gurb iadsan a thiocfaidh slán.

Is é Aaron Doherty sárthosach Naomh Columba agus beidh fir Ghleann Cholm Cille ag súil go ndéanfaidh sé an beart dóibh ina gcluiche in aghaidh Bhun Cranncha amárach. Bhuaigh Naomh Columba an cluiche a bhí idir na foirne éasca go maith coicís ó shin ach, arís, bhí Bun Cranncha cáilithe cheana féin agus tá cluiche an lae inniu i bhfad níos tábhachtaí.

An Tearmainn agus Aodh Rua Cúil na gCuirdín atá sa chluiche ceathrú ceannais eile amárach. Bhí an Tearmainn ag imirt i Roinn 1 na sraithe i nDún na nGall i mbliana, is i Roinn 3 a bhí Aodh Rua, agus beifear ag súil go seasfaidh an taithí sin dóibh tráthnóna.

Dé Sathairn, 10 Meán Fómhair

Craobh Idirmheánach Peile Dhún na nGall

An Clochán Liath v Naomh Muire, Íochtar na Rosann – Páirc Uí Dhomhnaill, 4pm

Dé Domhnaigh, 11 Meán Fómhair

Craobh Idirmheánach Peile Dhún na nGall

Na Dúnaibh v Gaeil Fhánada – Dún Fionnachaidh, 1.30pm

Naomh Columba v Bun Cranncha – Páirc Uí Dhomhnaill, 2pm

An Tearmainn v Aodh Rua Cúil na gCuirdín – Páirc Uí Dhomhnaill, 4pm

Gaillimh

Tá tábhacht ag baint le formhór na gcluichí a bhfuil foirne Gaeltachta páirteach iontu i nGaillimh an deireadh seachtaine seo. Tá an ceathrú bhabhta de chúig cinn ar siúl sna grúpaí sinsir agus tá an babhta deireanach ar siúl sna grúpaí idirmheánacha.

Tá seans beag ag an gCeathrú Rua na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach sa Chraobh Shinsir agus iad ar phointe amháin théis trí chluiche. Ag iarraidh na babhtaí dícháilithe a sheachaint is mó a bheidh siad. Gach seans go ndéanfaidh siad sin má bhíonn an bua acu in aghaidh Anach Cuain tráthnóna ach bhuaigh Damien Comer agus a chomrádaithe ar an gCeathrú Rua anuraidh le 14 pointe.

Bhuaigh Naomh Anna, Leitir Móir a gcéad chluiche sa Chraobh Shinsir coicís ó shin nuair a bhuadar ar an Spidéal i nGrúpa 1 agus beifear ag iarraidh Uachtar Ard a bhualadh amárach chun a chinntiú go mbeidh siad sa phríomhghrád arís an bhliain seo chugainn. Gach seans go mbeidh an dream a chailleann an ceann seo ag dul i dtreo na mbabhtaí dícháilithe leis an Spidéal.

Tá Maigh Cuilinn freisin i nGrúpa 1. Tá trí chluiche as trí cinn buaite ag seaimpíní 2020 agus iad nach mór cinnte d’áit sna babhtaí ceathrú ceannais cheana féin, fiú agus dhá chluiche fágtha acu. In aghaidh Réalta Thuama atá siad amárach.

Beidh Bearna ag imirt freisin ar an nDomhnach agus iad ag imirt in aghaidh sheaimpíní reatha na craoibhe, An Creagán-Maigh Locha. Tá bua eile ag teastáil ó fhir Bhearna chun na babhtaí dícháilithe a sheachaint ach is beag seans go bhfaighidh siad sa cheann seo é.

Dhá fhoireann Ghaeltachta a bheidh ag imirt sa Chraobh Idirmheánach i nGaillimh an deireadh seachtaine seo. Tá Oileáin Árann cinnte d’áit sna babhtaí ceathrú ceannais cheana féin ach beidh siad ag iarraidh a dtríú cluiche as a chéile a bhuachan inniu in aghaidh Chill Chóirín-Chluain Bheirn. Tá cluiche mór ag Micheál Breathnach in aghaidh na Cealtraí. Má bhuann fir Chois Fharraige, beidh áit acu sna babhtaí ceathrú ceannais.

Dé Sathairn, 10 Meán Fómhair

Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe

Seamróga Chortún v Maigh Cuilinn – An Chreig, 1.30pm

Oileáin Árann v Cill Chóirín-Cluain Bheirn – Staid an Phiarsaigh, 3pm

Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe

An Cheathrú Rua v Anach Cuain – Staid an Phiarsaigh, 4.45pm

Dé Domhnaigh, 11 Meán Fómhair

Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe

Micheál Breathnach v An Cealtrach – Páirc Uí Chionnaith, 1.45pm

Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe

Naomh Anna, Leitir Móir v Uachtar Ard – Ros Muc, 1pm

An Creagán-Maigh Locha v Bearna – Tuaim, 2pm

Réalta Thuama v Maigh Cuilinn – Staid an Phiarsaigh, 5pm

Maigh Eo

Imreofar an dara bhabhta de chraobhacha peile Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo agus dhá fhoireann ó cheantair Iorrais ag dul chun páirce amárach.

Sa Chraobh Shinsir, beidh Béal an Mhuirthead ag iarraidh an dara chluiche as a chéile a bhuachan agus iad ag tabhairt aghaidh ar Chlár Chlainne Mhuiris. Scóráil Ronan Murray, fear a bhíodh ag imirt sacair do Ipswich Town, trí chúl sa bhua ar Bhalla an deireadh seachtaine seo caite agus beidh brú air scóranna a fháil arís an deireadh seachtaine seo agus Ryan O’Donoghue fós gortaithe.

Sa Chraobh Idirmheánach, caithfidh Cill tSéadhna an ceann is fearr a fháil ar an bPáirc-Caológa-Cromghlinn má táthar ag iarraidh an t-ardú céime go dtí grád na sinsear a bhaint amach ar an gcéad iarracht. Chaill Cill tSéadhna in aghaidh Bhuiríos Umhaill sa chéad bhabhta.

Dé Domhnaigh, 11 Meán Fómhair

Craobh Idirmheánach Peile Maigh Eo

An Pháirc-Caológa-Cromghlinn v Cill tSeádhna – An Pháirc, 2pm

Craobh Shinsir Peile Mhaigh Eo

Béal an Mhuirthead v Clár Chlainne Mhuiris – Béal an Mhuirthead, 4pm

Fág freagra ar 'Tús á chur le Craobh Shinsir Peile Chiarraí agus cluichí tábhachtacha ar fud na Gaeltachta'