Cuirfear tús inniu le comórtais ardáin Oireachtas na Gaeilge 2022 i gCill Airne.
Is é Comórtas Sean-Nós na mBan anocht mórchomórtas an Déardaoin ach an dream óg a bheidh i lár an aonaigh i gcaitheamh an lae le comórtais agallamh beirte, lúibíní, aithriseoireachta, dreas cainte agus scéalaíochta.
Ag 2pm a bheidh an chéad chomórtas ardáin do dhaoine fásta ag féile na bliana seo agus leis na hagallaimh bheirte a thosófar. Beidh an comórtas sin beo ar www.tg4.ie agus www.antoireachtas.ie.
Tráthnóna inné a sheol Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers Oireachtas na bliana seo, an chéad Oireachtas ó 2019.
Bhronn an tAire gradaim litríochta na Oireachtais ina dhiaidh sin.
Cuireadh clabhsúr ar imeachtaí an lae inné le bronnadh Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2022.
Bhí Mairéad Ní Nuadháin ó Tuairisc i measc na mbuaiteoirí ag na Gradaim Chumarsáide.
Roghnaíodh scríbhneoir Tuairisc mar ‘Colúnaí na Bliana’ ag an searmanas bronnta ag Oireachtas na Samhna 2022, ar cuireadh tús leis inniu.
Ar Mhártan Ó Ciardha, iarcheannasaí spóirt Raidió na Gaeltachta, agus colúnaí eile le Tuairisc, a bhronn Aire Stáit na Gaeltachta, Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais 2022.
Níos túisce tráthnóna inné, bhronn na tAire Stáit Gradaim Litríochta na Oireachtais.
Fionntán de Brún as Béal Feirste a bhuaigh an chéad duais as chomórtas úrscéalaíochta.
Mar scoláire is fearr aithne ar de Brún go dtí seo agus é ina Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad.
Ailbhe Ní Ghearbhuigh a bhuaigh duais filíochta na bliana seo dá cnuasach Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile.
Tá liostaí na mbuaiteoirí ar fad a fógraíodh ag na Gradaim Litríochta agus na Gradaim Chumarsáide thíos.
Mairéad Ní Nuadháin, Tuairisc Pearsa Raidió Na Bliana Seán Ó Dubhchon, Raidió RíRá agus RTÉ Raidió na Gaeltachta Pearsa Teilifíse Na Bliana Niamh Ní Chróinín, Cúla4, TG4 Sraith Raidió Na Bliana Bladhaire, RTÉ Raidió na Gaeltachta Iriseoir Na Bliana Cóilín Ní Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta Craoltóir Solabhartha Na Bliana Pádraig Ó Sé, RTÉ Raidió na Gaeltachta Clár Teilifíse Na Bliana Seán Ó Riada – Mo Sheanathair, Táin Media Sraith Teilifíse Na Bliana An Cósta Thiar, Aniar TV Réalta Óg Na Bliana Darren Ó Dubhgáin, Aimsir agus Leanúnachas TG4 Feachtas Meán Sóisialta Na Bliana #CPNAG, Molscéal Clár Gaeilge Na Bliana Ar Raidió Pobail Cad déarfá le Gaillimh?, Galway Bay FM Clár Gaeilge Na Bliana Ar Raidió Tráchtála Aon Scéal?, a chraoltar ar Phoenix FM Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais Mártan Ó Ciardha
COMÓRTAS: ÚRSCÉAL – FICSEAN GINEARÁLTA An Dara Duais: €1,000 An Chéad Duais: €3,000 BUAICSHAOTHAR PRÓIS NA BLIANA Urraithe ag TG4 COMÓRTAS: SAOTHAIR DO DHAOINE FÁSTA An Chéad Duais: €2,000 COMÓRTAS: DÁN Duais: €400 COMÓRTAS: CNUASACH FILÍOCHTA Duais: €1,250 COMÓRTAS: DRÁMA RAIDIÓ Maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann COMÓRTAS: DRÁMA AONGHNÍMH Duais: €600 COMÓRTAS: COMÓRTAS CUIMHNEACHÁIN AOIDH UÍ RUAIRC Duaischiste: €1,200 ROINN A An Chéad Duais: €400 ROINN C An Chéad Duais: €400 COMÓRTAS : SAOTHAR SPIORADÁLTACHTA / CREIDIMH / ÁBHAR MARANA Duais: €750 COMÓRTAS: CUR CHUN CINN NA GAEILGE Duais: €1,000 COMÓRTAS: GEARRSCÉAL – DUAIS AN MHAOLÁNAIGH An Chéad Duais: €400 COMÓRTAS: SCÉAL DÍRITHE AR DHÉAGÓIRÍ Duais: €500 COMÓRTAS: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (13-15) An Dara Duais: €750 An Chéad Duais: €2,000 COMÓRTAS: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (9/10-12) An Dara Duais: €750 An Chéad Duais: €2,000 COMÓRTAIS LITEARTHA DON SCRÍBHNEOIR ÓG IOMAITHEOIRÍ FAOI 21 COMÓRTAS B8: DÁN – ROINN B (FAOI 21) An Chéad Duais: €300 IOMAITHEOIRÍ FAOI 16 COMÓRTAS B7: DÁN – ROINN A (FAOI 16) An Dara Duais: €100 IOMAITHEOIRÍ BUNSCOILE COMÓRTAS C1: GREANNÁN (RANG 3 – Bunscoileanna Lán-Ghaeilge & Gaeltachta) An Dara Duais: €50 COMÓRTAS C2: GREANNÁN (RANG 4 – Bunscoileanna Lán-Ghaeilge & Gaeltachta) An Chéad Duais: €75 COMÓRTAS C3: GREANNÁN (RANG 5 – Bunscoileanna Lán-Ghaeilge & Gaeltachta) An Chéad Duais: €75 BRONNADH SPEISIALTA AN SCIATH LITEARTHA Gradam an Oireachtais don Bhunscoil a rinne an iarracht ab fhearr in 2022 sna Comórtais Liteartha do Scríbhneoirí Óga – Scoil Mhuire Ros Muc, An Turlach Beag, Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Faoi Smacht le Anna Heussaff, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath 8
Béal na Péiste le Fionntán de Brún, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9
Duais: €3,000
An Saol Bocht le Brian Ó Conchubhair, Indiana, Stáit Aontaithe Mheiriceá
Anna Bhán le Míne Mhic Cóil, Ráth Chairn, Co. na Mí
‘Litir ó Barcelona’ le hAilbhe Ní Ghearbhuigh, An Loch, Cathair Chorcaí, Co. Chorcaí
Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile le hAilbhe Ní Ghearbhuigh, An Loch, Cathair Chorcaí, Co. Chorcaí
An Chéad Duais: €1,250
An Robálaí le Ray Mac Mánais, Baile Mhic Líon, Co. na Mí
Brídín le Micheál Ó Conghaile, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Jeaic agus an Gas Pónaire le hÁine Ní Ghlinn, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14
Peileadóirí Óga le Micheál Ó Conghaile, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Meanmanra an Tuata – a deir Daire lá le Ré Ó Laighléis, Baile Uí Bheacháin, Co. an Chláir
Conradh na Gaeilge 1905-1916 le Conor Ó Gallachóir, Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Sagart, Leanbh, Cogadh: an seanscéal riamh le Alan Titley, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 11
Cluiche Liathróid Láimhe? le Diarmuid de Brún, Machaire Rátha, Co. Dhoire
Óró le Alan Titley, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 11
An Seol atá fút le Anne Marie Nugent, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann
An Choill Bheo le Alan Titley, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 11
Katie ar an gCás le hÉadaoin Ní Dhomhnaill, Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Sos le Méabh Ní Chonaill, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
M’abhainn le hAisling Ní Shúilleabháin, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Béigeal i Spás le Eabhan Ó Cathasaigh, Mainistir na Corann, Co Chorcaí
Oooh agus an Gléas Ama le Lara Ní hAoláin, Baile an Chollaigh, Co. Chorcaí
An Cailín Guma le Nessa Ní Chonchubhair, Bré, Co. Chill Mhantáin
Fág freagra ar 'Tús á chur le comórtais ardáin Oireachtas na Gaeilge 2022 i gCill Airne'