An chéad phóg aerach, cuairt Stephen Fry agus eachtraí Thaidhg – 25 bliain de Ros na Rún á cheiliúradh

Cuirfear tús anocht ar TG4 le sraith speisialta clár mar cheiliúradh ar 25 bliain de Ros na Rún, an sobaldráma Gaeltachta

An chéad phóg aerach, cuairt Stephen Fry agus eachtraí Thaidhg – 25 bliain de Ros na Rún á cheiliúradh

Craolfar anocht ar TG4 an chéad chlár i sraith speisialta a dhéanfaidh ceiliúradh ar 25 bliain de Ros na Rún.

Súil siar ar na himeachtaí móra a thit amach sa sobaldhráma Gaeilge le 25 bliain anuas atá sa tsraith sé chuid a dhíreoidh ar charachtair aitheanta Ros na Rún.

Idir seo agus an Nollaig a chraolfar an tsraith sé chlár agus deis ag daoine súil a chaitheamh arís ar chuid de na radhairc is mó a thuill lucht féachana don chlár, ina measc an chéad phóg aerach agus cuairt Stephen Fry ar an tsráidbhaile Gaeltachta.

Scéal Thaigh Uí Dhíreáin, an tábhairneoir, an t-adhlacóir agus an scabhaitéir is iomráití ar an sráidbhaile Gaeltachta a bheas á chíoradh in eagrán na hoíche anocht.

Is iomaí pionta a tharraing an tábhairneoir míchlúiteach agus is iomaí duine atá curtha i gcré na cille aige agus breathnófar siar i gcartlann Ros na Rún ar chuid de bhuaicphointí agus na hamanta ba mheasa ag Tadhg.

Ag labhairt di faoin cheiliúradh 25 bliain den sobal Gaeltachta, dúirt stiúrthóir na sraithe Deirdre Ní Fhlatharta, go raibh “deora áthais agus uaignis i gceist le cur le chéile na sraithe”.

“Bhí turas iontach againn ag dul síos bóithrín na smaointe agus muid ag tarraingt ábhair as cartlann iontach Ros na Rún ina bhfuil an oiread sin snáitheanna scéil dorcha, greannmhara, agus iad scríofa go hiontach.

“Bhí sé strusmhar eagarthóireacht a dhéanamh air mar go raibh an oiread de rogha ann, agus bhí sé uaigneach freisin mar go bhfuil riar de charachtair iontacha imithe uainn le blianta anuas as teaghlach Ros na Rún.

“Tá súil againn go mbainfidh ár lucht féachana dílis an oiread taitnimh as a bheith ag breathnú air agus a bhain muide as a bheith á léiriú”, a dúirt Deirdre Ní Fhlatharta.

I 1995 d’éirigh le Eo Teilifís agus Tyrone Productions an conradh a fháil chun an sobaldráma Ros na Rún a dhéanamh do Theilifís na Gaeilge. Ba é an coimisiún aonair ba mhó i stair na teilifíse in Éirinn ag an am.

Tógadh baile bréige don sobaldráma, atá in aice le ceannáras Eo Teilifís ar an mBaile Ard ar an Spidéal, agus tá fostaíocht curtha ar fáil ag an chlár do na céadta duine le 26 bliain anuas.

Ar an 22 Meán Fómhair a chuirfear tús leis an 25ú sraith de Ros na Rún ar TG4.

Fág freagra ar 'An chéad phóg aerach, cuairt Stephen Fry agus eachtraí Thaidhg – 25 bliain de Ros na Rún á cheiliúradh'

  • Daithí

    Arbh í an chéad phóg aerach ar aon sobalchlár riamh? Deirtear liom go raibh Emmerdale ann roimhe