Tús á chur ar an Chraoslach le sochraidí an deichniúr a bhásaigh i bpléasc thubaisteach

Dúirt an sagart paróiste an tAthair John Joe Duffy go mbeadh aithne ag an uile dhuine sa phobal ar níos mó ná duine amháin de na daoine a bhásaigh

Tús á chur ar an Chraoslach le sochraidí an deichniúr a bhásaigh i bpléasc thubaisteach

Dúirt sagairt paróiste an Chraoslaigh, go bhfuil muintir na háite ag fáil faoi réir do sheachtain “uafásach” agus sochraid i ndiaidh sochraide le bheith ar siúl i ndiaidh na pléisce tubaistí a tharla an tseachtain seo caite sa bhaile beag i nDún na nGall.

Inniu a chuirfear i gcré na cille na chéad daoine den deichniúr a maraíodh sa phléasc ag an stáisiún Applegreen ar an Chraoslach, agus dúirt an tAthair John Joe Duffy go mbeadh aithne ag an uile dhuine sa phobal ar níos mó na duine amháin de na daoine a bhásaigh.

Beidh Aifreann sochraide Jessica Gallagher, dearthóir faisin 24 bliain d’aois, ar siúl i dTeach Pobail Naomh Mícheál ar an gCraoslach ag 11am ar maidin agus déanfar í a adhlacadh ansin i Reilig na dTuath. Bhí Jessica Gallagher in ainm is tosú inné ar phost nua i mBéal Feirste.

Bhí Jessica ar cuairt ar a páirtí ar an Chraoslach. Gortaíodh go dona é siúd sa phléasc agus tá drochbhail air agus é san ospidéal i mBaile Átha Cliath.

Beidh sochraid Martin McGill, 49, as an Chraoslach, ar siúl ag 2pm tráthnóna amárach i dTeach Pobail Naomh Mícheál. Dúradh gur mór na chailliúint é Martin a bhí ina chúramóir ag a mháthair.

Beidh sochraid James O’Flaherty, as Dún Fionnachaidh, ar siúl amárach i dTeach Pobail Mhuire sna Doirí Beaga.

Aistreofar a chorp inniu go dtí Teach Tórraimh muintir Roarty sna Doirí Beaga.

Eagraíodh breis is 20 bigil i nDún na nGall agus in áiteanna eile le dhá oíche anuas i gcuimhne na ndaoine a maraíodh sa phléasc thubaisteach ar an Chraoslach.

Bhí na céadta i láthair ag na bigilí a cuireadh a bun ar fud an chontae i ndilchuimhne na marbh agus chun a chur in iúl do mhuintir an Chraoslaigh go bhfuil daoine ag seasamh gualainn ar ghualainn leo in am a mbris.

Maraíodh deichniúr sa phléasc a tharla ag stáisiún peitril, siopa agus árasán ar an Chraoslach.

Ba iad na daoine a maraíodh: James O’Flaherty (48), Jessica Gallagher (24), Martin McGill (49), Catherine O’Donnell (39) agus a mac James Monaghan (13), Hugh Kelly (59), Martina Martin (49), Robert Garwe (50) agus a iníon Shauna Flanagan Garwe (5), agus Leona Harper (14).

Tuairiscítear go bhfuil na Gardaí atá ag fiosrú cúis na pléisce chun saineolaithe pléisce ón iasacht a thabhairt isteach chun cabhrú leis an bhfiosrúchán.

Cé nach bhfuil an fiosrúchán ach ina thús tá tuairim láidir ann gur sceitheadh gáis ba chúis leis an bpléasc.

Tá scrúduithe iarbháis á ndéanamh ar na mairbh in Ospidéal Leitir Ceanainn agus an Dr Heidi Okkers, Leas-Phaiteolaí an Stáit atá i bhfeighil na scrúduithe sin.

Fág freagra ar 'Tús á chur ar an Chraoslach le sochraidí an deichniúr a bhásaigh i bpléasc thubaisteach'

  • Liam Mac Lochlainn

    Ar dheis Dé go raibh siad uilig.

  • MacAnRí

    Tubaiste uafásach , grásta ó Dhia orthu, go bhfaighidh a dteaghlaigh suiamhneas sa deireadh..croíbhriste.