Tús á chur anocht le Scoil Samhraidh an Phiarsaigh

Beidh clár iomlán ann ó mhaidin go hoíche amárach a thosóidh le léacht leis an Dochtúir Mary Harris, ‘Brionglóid an Phiarsaigh’ ag a 10 a chlog ar maidin agus a chríochnóidh le ‘Díospóireacht Mhór na Gaeltachta agus na Gaeilge'

Tús á chur anocht le Scoil Samhraidh an Phiarsaigh

Cuirfear tús anocht le Scoil Samhraidh an Phiarsaigh i Ros Muc i gConamara mar chuid de Chomóradh Céad Bliain an Éirí Amach Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Bunaíodh an Scoil chun comóradh a dhéanamh ar Phádraig Mac Piarais agus le “hábhar atá bainteach le fís an Phiarsaigh don Ghaeilge” agus do chothú na teanga a chíoradh, ina measc an Ghaeltacht, an Litríocht, an Cultúr agus an tOideachas.

Beidh ochtar cainteoirí i láthair ag an Scoil Samhraidh agus saineolas acu ar ábhair éagsúla a bhaineann leis an bPiarsach agus an saol ar mhair sé ann.

Tabharfaidh Seán Ó Cuirreáin, údar an leabhair Éagóir, caint uaidh faoi dhúnmharú Mhám Trasna agus “riaradh an dlí agus an chirt san am roimh Éirí Amach 1916” anocht ag a 8 a chlog sula léireoidh an compántas Fíbín a seó An Piarsach i bPictiúir.

Beidh clár iomlán ann ó mhaidin go hoíche amárach a thosóidh le léacht leis an Dochtúir Mary Harris, ‘Brionglóid an Phiarsaigh’ ag a 10 a chlog ar maidin agus a chríochnóidh le ‘Díospóireacht Mhór na Gaeltachta agus na Gaeilge’. Beidh an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne i láthair chomh maith le hurlabhraithe Gaeilge agus Gaeltachta na bpáirtithe móra eile: Éamon Ó Cuív ó Fhianna Fáil agus Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin.

I measc na n-ábhar eile a phléifear i gcaitheamh an lae beidh Ról na Gaeilge in Éirí Amach na Cásca, an Ghaeilge sa Chóras Oideachais, Béaloideas Amhráin Iorrais Aithnigh agus tábhacht agus todhchaí na Gaeltachta.

Is iad an Teachta Dála Catherine Connolly, Máire Ní Neachtain ó Choláiste Mhuire gan Smál i Luimneach agus an craoltóir Páidí Ó Lionáird a bheidh ina gcathaoirligh ar an bplé agus an díospóireacht ag an Scoil Samhraidh.

Is iad na cainteoirí eile a bheidh ag glacadh páirt in imeachtaí na Scoile, Íte Ní Chionnaith, iarUachtarán Chonradh na Gaeilge, an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh, an craoltóir Dara Ó Cinnéide, an t-amhránaí Saileog Ní Cheannabháin agus an fear scannán Seán Ó Cualáin as Carna.

Cuirfear clabhsúr le Scoil Samhraidh an Phiarsaigh maidin Dé Sathairn le turas treoraithe le Seosamh Ó Cuaig ar Shlí Oidhreachta 1916 ag Séipéal an Ghoirt Mhóir i Ros Muc ag 10.30.

Fág freagra ar 'Tús á chur anocht le Scoil Samhraidh an Phiarsaigh'