Tús á chur anocht le Corn an Bhogha Ceatha 

Ainneoin tús a bheith á chur le comórtas nua níl aon chinnteacht fós ann go mbeidh cead taistil chuig an limistéar seo ag hiomaitheoirí na hAfraice Theas 

Tús á chur anocht le Corn an Bhogha Ceatha 

Cé go bhfuil séasúr rugbaí 2020/21 gar dá dheireadh cuirfear tús anocht le comórtas nua, Corn an Bhogha Ceatha, idir foirne Pro 14 an limistéir seo agus ceithre chlub sinsearacha ón Afraic Theas, na Stormers, na Sharks, na Bulls agus na Lions. Ainneoin tús a bheith á chur leis an gcomórtas níl aon chinnteacht fós ann go mbeidh cead taistil chuig an limistéar seo ag foirne na hAfraice Theas de bharr srianta Covid-19. 

Mar sin féin, ní gá aon chinneadh a dhéanamh maidir le cluichí idir foirne na hAfraice Theas agus foirne ón limistéar seo go dtí babhta a ceathair den chomórtas ag deireadh na míosa seo chugainn. Cluichí idir foirne ina limistéar féin amháin a bheas á n-imirt i mBabhtaí 1, 2 agus 3. Go deimhin is cluichí idirchúige a bheas á n-imirt ag foirne na tíre seo sa gcéad trí bhabhta.

Beidh Cúige Uladh ag dul chun páirce i mBéal Feirste anocht agus iad i gcoinne na gConnachtach. Is cinnte go mbeidh an dá fhoireann ar thóir pointí agus súil acu araon ar an gcraobh nua ach seans gur mó suim a bheas ag na hUltaigh i gcluiche leathcheannais Chorn an Dúshláin, cluiche a bheas á imirt acu i gcoinne na Leicester Tigers faoi cheann seachtaine.

Is ullmhúchán iontach cluiche na hoíche anocht do na hUltaigh. Beidh deis acu imreoirí agus patrúin imeartha a chleachtadh roimh chluiche na seachtaine seo chugainn. Seans go mbeidh foireann an bhaile ag iarraidh a chinntiú nach gcaillfidh siad aon imreoir de bharr gortaithe ach ní róshásta a bheidh siad má chailleann siad an choimhlint seo.

Cuirfidh Cúige Laighean foireann atá ag réiteach do chluiche tábhachtach eile an tseachtain seo chugainn chun páirce san RDS i gcoinne na Muimhneach amárach. Níl aon dabht ann ach go bhfáilteoidh Leo Cullen roimh an réiteach seo dá fhoireann sula mbeidh siad ag taisteal go dtí an Fhrainc faoi cheann seachtaine le tabhairt faoi La Rochelle, foireann Ronan O’Gara, i gcluiche leathcheannais Chorn na gCuradh.

Beidh tuilleadh faoi sin sa gcéad alt eile ach idir an dá linn casfaidh curaidh an Pro 14, Cúige Laighean agus Cúige Mumhan, ar a chéile den chúigiú huair ó mhí Lúnasa seo caite, cluichí ina raibh an lámh in uachtar ag foireann Átha Cliath i chuile cheann acu. Is cinnte go mbeidh Cúige Mumhan ag iarraidh an droch-churiarracht sin a cheartú ach seans freisin go mbeidh Cúige Laighean ag iarraidh bua eile a chinntiú mar réiteach roimh an gcluiche i gcoinne La Rochelle. 

Bua eile do na curaidh.

Fág freagra ar 'Tús á chur anocht le Corn an Bhogha Ceatha '