Tús á chur ag Fianna Fáil agus Fine Gael le ‘dianchainteanna’ faoi bhunú rialtais

I gcomhráiteas a chuir Fianna Fáil agus Fine Gael amach tráthnóna dúradh gur thuig ceannairí an dá pháirtí go rímhaith an dúshlán a bhain le Covid-19

Tús á chur ag Fianna Fáil agus Fine Gael le ‘dianchainteanna’ faoi bhunú rialtais

Tá Fianna Fáil agus Fine Gael chun tús a chur le dianchainteanna maidir le bunú rialtais.

I gcomhráiteas a chuir Fianna Fáil agus Fine Gael amach tráthnóna dúradh go raibh plé tairbheach le dhá lá anuas ag ceannairí na bpáirtithe, Micheál Martin agus Leo Varadkar, faoi cheisteanna polasaithe agus faoi chúrsaí polaitíochta faoi láthair. Deir an ráiteas gur chinn na ceannairí i ndiaidh a gcuid cruinnithe gur chóir d’fhoirne idirbheartaíochta ón dá pháirtí “tús a chur anois le dianchainteanna agus le mionphlé”.

Leanfadh an dá pháirtí chomh maith le cainteanna leis an gComhaontas Glas, a dúradh.

Dúradh gur thuig ceannairí Fhianna Fáil agus Fhine Gael go rímhaith “na dúshláin mhóra” a bhí roimh an tír, “go háirithe i bhfianaise thús an ghalair Covid19”.

Dúradh go rachadh an dá pháirtí i mbun cainte mar pháirtnéirí ar ‘comhchéim’ agus go rabhthas “meáite ar theacht ar mholtaí a dhéanfadh leas mhuintir na hÉireann”.

Fág freagra ar 'Tús á chur ag Fianna Fáil agus Fine Gael le ‘dianchainteanna’ faoi bhunú rialtais'