Gan dabht ar bith faoin spéir, cothaíonn an turasóireacht fadhbanna

Frithnimh i gcoinne na sceimhlitheoireacht atá sa turasóireacht, ach caithfear í a bhainistiú i gceart ionas nach cúis sceimhlitheoireachta a bheas inti amach anseo, a scríobhann ár gcolúnaí

Gan dabht ar bith faoin spéir, cothaíonn an turasóireacht fadhbanna

N’fheadar ar thug éinne comhtharlúint aisteach, ach í follasach, faoi deara sa nuacht as cathair Barcelona le mí anuas.

Ag deireadh mhí Iúil, d’ionsaigh ógánaigh radacacha bus agus rothair chíosa mar chuid d’fheachtas i gcoinne na turasóireachta .

Trí seachtaine ina dhiaidh sin, thiomáin carr trí slua coisithe i gceantar turasóireachta La Rambla.

Níl sé i gceist agam beag is fiú a dhéanamh den ionsaí deireanach sin inar maraíodh triúr déag agus inar gortaíodh céad agus tríocha duine. Ach ní féidir a shéanadh gur ionsaithe gráin a bhí sa dá ionsaí, ionsaithe gráin a bhí dírithe go sonrach ar thurasóirí.

Íorónta go leor, d’fhéadfadh sé gur réitigh an dream a rinne an dara hionsaí, an ceann marfach, an fhadhb ar theastaigh ón dream a rinne an chéad ionsaí, an ceann ar bhusanna agus rothair, aird a tharraingt uirthi: cathair atá plúchta ag an turasóireacht.

Óir is cinnte go mbeidh tionchar mór millteach, sa ghearrthréimhse ar a laghad, ag an ionsaí ar La Rambla ar líon na dturasóirí a thabharfaidh aghaidh ar phríomhchathair na Catalóine. Léiríonn figiúirí ó lucht óstán i gcathracha eile ar tharla ionsaithe móra sceimhlitheoireachta iontu go dtógann sé trí mhí, ar a laghad, sula dtagann biseach arís ar earnáil na turasóireachta tar éis eachtra den chineál a tharla ar La Rambla.

Idir an dá linn, tabharfaidh turasóirí aghaidh ar chinn scríbe eile. Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin: le blianta beaga anuas agus sceimhlitheoirí ag díriú ar Londain, ar Pháras agus ar an mBruiséil, tá fás as cuimse tagtha ar líon na dturasóirí a thugann aghaidh ar chathair Amstardam. Is mó, go deimhin, líon na dturasóirí a thugann aghaidh ar phríomhchathair na hÍsiltíre ná ar phríomhchathair na Catalóine.

Ach oiread le muintir Barcelona áfach, agus le muintir na Veinéise san Iodáil, de réir na dtuairiscí ní maith le muintir Amstardam turasóirí a thuilleadh. Turasóirí nach mbíonn taithí acu ar an rothaíocht ach a fhaigheann rothar ar cíos mar sin féin is mó a bhíonn ag dó na geirbe ag bunadh na cathrach. Tá mé cinnte go dtuigfeadh muintir Inis Mór an fhadhb.

Ní hionann agus Barcelona, ní dhearnadh ionsaí ar rothair chíosa in Amstardam go fóill. Ach anuraidh agus mé ag siúl ar an Singel, ceann de na sráideanna is plúchta i lár na cathrach, chonaic mé eachtra a léirigh fuath mhuintir na cathrach do thurasóirí. Thit cailín Meiriceánach dá rothar cíosa. Bhí an cailín bocht ag caoineadh, ach thosaigh daoine a bhí ag dul an bealach ag magadh fúithi.

Bhí sé sin gránna, ach cá bhfios nár dhaoine iad an dream a bhí ag magadh fúithi nach bhfuil in ann árasán a fháil ar cíos (gan trácht ar árasán a cheannach) sa chathair ina rugadh agus inar tógadh iad toisc go bhfuil margadh na tithíochta curtha go hiomlán as a riocht ag Airbnb. Thuigfeadh aos óg Chorca Dhuibhne fadhb dá leithéid sin.

Bhí mé sa bhaile san Ísiltír an mhí seo caite agus thug mé cuairt ar Amstardam cúpla babhta. Tá cónaí ar mo dheirfiúr, ar mo dheartháir agus ar chairde liom sa chathair. Ach sheachain mé lár na cathrach amhail is go raibh plá agus aicíd san áit. An fáth: ní raibh fonn turasóirí orm.

Ag an am céanna, is maith a thuig mé nach raibh ciall ná réasún leis an bhfuath a mhothaigh mé do na turasóirí a bhí ag tabhairt cuairte ar phríomhchathair mo thíre dúchais. Bhí mé féin díreach tar éis cúpla lá a chaitheamh i gcathair Madrid agus gan dabht ba thurasóir mé sa chathair sin. Ar an gcaoi céanna, turasóirí iad muintir Inis Mór ar oileán Mhálta nuair a bhíonn siad ag déanamh bolg le gréin ann agus turasóirí iad aos óg Chorca Dhuibhne nuair a théann siad ag clubáil i gcathair Liospóin.

Is cinnte gur chuir mise isteach ar dhúchasach nó beirt i Madrid toisc gur bhris mé riail neamhscríofa éigin nach raibh ar eolas agam, nó toisc gur chuir mé le fadhb shóisialta éigin i ngan fhios dom féin. Is cinnte go mbeadh rud nó dhó le rá ag muintir Mhálta agus ag muintir Liospóin faoi thurasóirí freisin.

Gan dabht ar bith faoin spéir, cothaíonn an turasóireacht fadhbanna, go háirithe nuair a bhíonn na sluaite i gceist. Ach ná déanaimis dearmad go bhfuil na céadta míle duine fud fad na hEorpa ag brath ar an turasóireacht dá dteacht isteach, agus go gcothaíonn sí teagmháil, tuiscint agus cairdeas idir na pobail. Grá, fiú amháin. Cá bhfuil an Conamarach nár thit i ngrá le cuairteoir riamh? Cá bhfuil an Conallach nach raibh cumann saoire aige, tráth dá raibh?

Frithnimh i gcoinne na sceimhlitheoireachta atá sa turasóireacht, dar liomsa, ach caithfear í a bhainistiú i gceart ionas nach cúis sceimhlitheoireachta a bheas inti amach anseo.

Fág freagra ar 'Gan dabht ar bith faoin spéir, cothaíonn an turasóireacht fadhbanna'

  • Con

    An-aiste a dhuine choir. Seachnaim fein aiteanna a mbionn tarraingt ag turasoiri orthu freisin. Tugaim ‘taistealai’ no ‘fanai’ orm fein nuair a bhim ar camchuairt thart timpeall na cruinne! Ta seanbhlas anois ag roinnt leis an bhfocal ‘tourist’ ….famairi neafaiseacha a ghnathaionn na baill is log do Star Wars srl direach glan chun mile selfie a ghlacadh ach ata dall ar fad ar chultur na haite fein agus ar cuma leo ann no as e. Fan fada orthu mar ghrathain ghranna!