TURAS NA LEON: Ceacht foghlamtha ag na All Blacks do chluiche na cinniúna

Maidin amárach a imreoidh na Leoin an tríú tástáil sa Nua-Shéalainn – cluiche na cinniúna

TURAS NA LEON: Ceacht foghlamtha ag na All Blacks do chluiche na cinniúna

Sonny Bill Williams. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Ba bheag duine a raibh súil ar bith aige le bua na Leon sa dara tástáil an Satharn seo caite. Bhí na geallghlacadóirí iad féin ag tuar go mbeadh bua le breis agus ceithre phointe dhéag ag na All Blacks agus go mbeadh an comórtas trí chluiche thart agus cluiche amháin fós le himirt.

Ach mar a tharlaíonn go minic i gcúrsaí spóirt bíonn tionchar an-mhór ag gné den imirt nach raibh súil leis ar an toradh. I gcás chluiche an deireadh seachtaine seo caite, ba é an cárta dearg a fuair Sonny Bill Williams, imreoir lár páirce na Blacks tar éis fiche a cúig nóiméad, an mhíorúilt a d’athraigh an cluiche seo. Ba é an cárta sin a fuair Williams, an chéad chárta a fuair aon imreoir All Black ó fuair Colin Meads bata agus bóthar agus é ag imirt i gcoinne na hAlban chomh fada siar le 1967.

Is cinnte gur chuidigh sé leis na Leoin go raibh siad ag imirt le himreoir sa mbreis ar feadh caoga nóiméad. Fuair Mako Vunipola, frapa na Leon, cárta buí chomh maith agus níl amhras ar bith ann ach go raibh tionchar ollmhór ag na trí chic éirice nár shlánaigh Beauden Barrett ar an toradh freisin.

In ainneoin an imreora breise níor scar ach trí phointe na foirne ag deireadh an ochtódú nóiméad. Dá mbeadh Barrett i mbarr a mhaitheasa leis na ciceanna agus é in ann ceann nó dhó féin de na cinn a chuir sé amú a aimsiú, is port eile ar fad a bheadh ag an bhfiche míle de lucht leanta na Leon a thaistil go dtí an taobh eile den domhan.

Ní bheidh fáil ag an Nua-Shéalainn ar Sonny Bill don tríú tástáil an Satharn seo. Cuireadh fionraíocht trí chluiche air de bharr na himeartha mídhleathaí a rinne sé. Ach tá an painéal is láidre ar domhan d’imreoirí ar ardchaighdeán ar fáil acu. Seans gurb í ceist an chiceálaí an deacracht is mó a bhí le sárú ag Steve Hansen, cóitseálaí na nAll Blacks.

Caithfidh muid fanacht go dtí cluiche an tSathairn seo go dtí go mbeidh a fhios againn cén ceacht a d’fhoghlaim na Blacks ón dara cluiche. Is cinnte nach ndéanfaidh fir an bhaile na botúin chéanna arís. Ach an mbeidh an fhoireann atá Gatland a chur chun páirce don tástáil chinniúnach seo in ann dóthain brú a chur ar churaidh an domhain lena chinntiú go ndéanfaidh siad botúin de chineál éigin?

Feicfidh muid linn.

Ní raibh ceist ar bith ann maidir leis na Gaeil a thosaigh sa gcluiche dara tástála. Bhí an ceathrar acu Sexton, Murray, Furlong agus O’Brien thar barr, cé go raibh imní ann maidir leis an imirt mhíshlachtmhar a rinne O’Brien, chinntigh siad ar fad a n-áit arís sa tríú tástáil. Is ábhar iontais gurb é Vunipola, an frapa atá ag dul chun páirce ag tús an chluiche do na Leoin. Bhí mise cinnte go mbeadh an áit sin ag Jack McGrath Chúige Laighean, atá i measc na n-ionadaí le CJ Stander Chúige Mumhan. Níl mise cinnte an leor sin chun an fhoireann rugbaí is fearr sa domhan a cheansú don dara seachtain agus sa dara cluiche as a chéile.

Beidh sárchluiche rugbaí le feiceáil againn arís an Satharn seo, áfach.

Fág freagra ar 'TURAS NA LEON: Ceacht foghlamtha ag na All Blacks do chluiche na cinniúna'