Turas ceoil ‘ó Clannad go dtí na Rubberbandits’ le RTÉ RnaG ar shraith nua faoi chumadóirí comhaimseartha na Gaeilge

Cuirfear tús ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo chugainn le sraith nua faoi chumadóirí comhaimseartha na Gaeilge

Clanad Bandits

Turas ceoil ‘ó We4 go dtí na Rubberbandits agus ó Clannad go Kila’ atá geallta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta dá lucht éisteachta agus tús á chur le sraith nua faoi chumadóirí comhaimseartha na Gaeilge, Liz Mo Stór agus Scéalta Eile.

Déanfaidh an cumadóir agus ceoltóir aitheanta Colm Mac Séalaigh cíoradh ar an mborradh a tháinig faoi chumadh amhrán nua i nGaeilge le leathchéad bliain sa tsraith nua a chuirfear tús léi RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo chugainn.

Déanfaidh Mac Séalaigh scéal na cumadóireachta Gaeilge le caoga bliain anuas a iniúchadh ar an gclár agus beidh tuairimí agus cuimhní cinn amhránaithe agus cumadóirí na linne le cloisteáil i rith na sraithe.

Na Fíréin: Colm Mac Séalaigh ar chlé
Na Fíréin: Colm Mac Séalaigh ar chlé

Díreoidh an tsraith ar réimse leathan stíleanna – idir thraidisiúnta, nua-aimseartha agus chomhaimseartha –  agus ar réimse leathan téamaí freisin: an grá, an t-uaigneas, an dúchas, an greann, an brón agus eile.

Beidh dhá chlár déag sa tsraith a chraolfar ar gach Luan ag 9in ón Luan seo chugainn. Beidh os cionn 30 cumadóir mar aíonna ag Mac Séalaigh le linn na sraithe chomh maith le tráchtairí eile. Cloisfear 176 amhrán Gaeilge a cumadh le leathchéad bliain anuas agus déanfar cur síos ar an ról a bhí ag eagraíochtaí ar nós RTÉ Raidió na Gaeltachta féin, Gael Linn agus Cló Iar-Chonnacht i gcothú na cumadóireachta.

I measc na n-aíonna a bheidh ar an gclár beidh Ciarán Ó Fátharta, Colm Ó Snodaigh, Moya Brennan, John Spillane, Oisín Walsh Peelo agus Tomás Rua Mac Con Iomaire. Anuas air sin, beidh Rónán Mac Aodha Bhuí, a chuireann an Cabaret Craiceáilte i láthair agus atá tar éis ardán a thabhairt do chumadóirí nua na Gaeilge, agus Mícheál Ó Foighil, bainisteoir Choláiste Lurgan, a spreagann daoine óga amhrán nua a chumadh i nGaeilge, ag caint le linn na sraithe freisin.

Fág freagra ar 'Turas ceoil ‘ó Clannad go dtí na Rubberbandits’ le RTÉ RnaG ar shraith nua faoi chumadóirí comhaimseartha na Gaeilge'