Tumadóirí tagtha ar chorp fir sa chuardach d’fhear atá ar iarraidh i gCorca Dhuibhne

Tá cuardach ar bun le trí lá do John Cunningham, fear san caogaidí atá ar iarraidh i nDún Chaoin ó Dé Sathairn

Tumadóirí tagtha ar chorp fir sa chuardach d’fhear atá ar iarraidh i gCorca Dhuibhne

Pictiúr: Dáithí de Mórdha @DDeibhinn/Twitter

Tá tumadóirí tagtha ar chorp fir ar chósta Chorca Dhuibhne, mar a bhfuil cuardach ar bun le trí lá do John Cunningham, fear san caogaidí atá ar iarraidh i nDún Chaoin ó Dé Sathairn.

Tumadóirí de chuid Chub Fo-Uisce Mhala a tháinig ar chorp fir i gCuas a’ Reithe atá faoin Dún Mór i gCom Dhíneol i nDún Chaoin.

Bhí Héileacaptar 115 an Gharda Cósta, Bád Tarrthála Dhairbhre agus Garda Cósta an Daingin i mbun an chuardaigh le roinnt laethanta anuas agus cabhair acu ó mhuintir na áite.

Ceapann muintir na háite go bhféadfadh gur ag tarraingt potaí gliomach i gcuas domhain ar an Dún Mór a bhí John Cunningham nuair a chuaigh sé ar iarraidh.

Ba mhinic é ag gliomadadóireacht ar an gcarraig ansin agus bhí an fharraige an-chorraithe ansin ar an Satharn. In olcas a bhí an aimsir ag dul agus meastar gur theastaigh uaidh a chuid potaí gliomach a sheiceáil.

Múinteoir corpoideachais sna caogaidí é John Cunningham atá ar shos gairme ó scoil i gCorcaigh agus is i gCom Dhíneol, mar a bhfuil cónaí air le bliain anuas, a chonacthas go deireanach é ag 12.30 Dé Sathairn seo caite.

Níorbh fhéidir tabhairt faoin gcuardach ar An Dún Mór agus ar na failltreacha ansin go dtí maidin Dé Máirt, de bharr borradh fíochmhar a bheith sa bhfarraige agus maidhmeanna seacht dtroithe ar airde a bheith ann.

Rinneadh cuardach chomh maith ar Shliabh an Iolair mar gheall ar an an-tóir a bhíodh ag John ar an siúl sna cnoic.

Fág freagra ar 'Tumadóirí tagtha ar chorp fir sa chuardach d’fhear atá ar iarraidh i gCorca Dhuibhne'