Tuismitheoirí míshásta i gConamara le casadh le bord stiúrtha naíonra ach ‘ní dhéanfar athrú ar bith ar pholasaí teanga’

Bhí thart ar 70 duine i láthair ag cruinniú i gConamara aréir ag ar cuireadh i leith Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Indreabháin go raibh ‘leithcheal’ á dhéanamh ar ghasúir a thagann ó theaghlaigh ina bhfuil an Béarla amháin, nó meascán den Ghaeilge agus den Bhéarla, á labhairt

Tuismitheoirí míshásta i gConamara le casadh le bord stiúrtha naíonra ach ‘ní dhéanfar athrú ar bith ar pholasaí teanga’

Tá lucht bainistíochta an Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh in Indreabhán lánsásta bualadh leis an gcoiste nua tuismitheoirí atá ag cur i gcoinne an pholasaí teanga atá ag naíonra an Ionaid, ach ní athrófar an polasaí gasúir a roinnt bunaithe ar a gcumas Gaeilge.

Dúirt Lochlainn Ó Tuairisc, rúnaí bhord stiúrtha an Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh le Tuairisc.ie inniu go bhfuair Bord Stiúrtha an ITT cuireadh chuig cruinniú ón gcoiste nua agus go bhfuil an Bord “breá sásta” casadh leo le “rud ar bith a phlé” ach nach bhfuiltear le “géilleadh” maidir le ceist an pholasaí teanga.

Socraíodh ag cruinniú a reáchtáladh sa Phoitín Stil in Indreabhán aréir go ndéanfadh an cúigear tuismitheoirí a d’eagraigh an cruinniú ionadaíocht thar ceann a raibh i láthair agus ceisteanna a bhaineann le hacmhainní foirne an naíonra agus a chur chuige maidir le roinnt na ngasúr de réir cumas teanga.

Ba í ceist sin na teanga an chloch ba mhó ar phaidrín na ndaoine a bhí i láthair aréir, cé gur pléadh ceisteanna eile a bhaineann le hacmhainní foirne, Bord Stiúrtha an ITT agus an ceangal idir ITT, Cumann Forbartha Chois Fharraige, agus Tearmann Éanna.

Bhí thart ar 70 duine i láthair ag an gcruinniú, a reáchtáladh go dátheangach. Cuireadh i leith an ITT go raibh “leithcheal” á dhéanamh ar ghasúir a thagann ó theaghlaigh ina bhfuil Béarla, nó Gaeilge agus Béarla, nó teangacha eile, á labhairt.

Tugadh cuireadh d’ionadaithe ón ITT a bheith i láthair ag cruinniú na hoíche aréir ach seoladh litir chuig lucht eagraithe an chruinnithe lena chur in iúl dóibh nach mbeadh aon ionadaí ann mar gheall nach raibh ainmneacha luaite leis an gcuireadh.

Labhair tuismitheoirí ar cainteoirí dúchais Gaeltachta iad in aghaidh an pholasaí go ndéanfaí gasúir a roinnt i ranganna bunaithe ar an teanga bhaile acu, agus labhair cainteoirí dúchais eile ar son an pholasaí. Chuir tuismitheoirí gan Gaeilge ar bith nó a bhí ar bheagán Gaeilge a dtuairimí in iúl faoin bpolasaí freisin.

Maíodh go raibh fadhb chumarsáide ann idir an ITT agus tuismitheoirí na ngasúr atá ag freastal ar an naíonra agus gur chuir an easpa cumarsáide sin leis an mearbhall atá ar thuismitheoirí faoina bhfuil i gceist leis an gcur chuige ó thaobh na Gaeilge.

Dúradh freisin go bhfuil “leithcheal” á dhéanamh cheana féin ar ghasúir nach bhfuil an Ghaeilge chomh maith sin acu san ionad, agus tugadh le fios go bhfuiltear ag caitheamh níos fearr le gasúir ó theaghlaigh lán-Ghaeilge, nó go bhfuil buntáiste á thabhairt dóibh.

Dúirt Lochlainn Ó Tuairisc, rúnaí bhord stiúrtha an Ionaid le Tuairisc.ie an tseachtain seo caite gurb é “an cúram céanna a fhaigheann agus a gheobhaidh na gasúir ar fad san ionad”.

Bhí meascán maith tuairimí ag na tuismitheoirí a bhí i láthair faoin bpolasaí teanga. Thug roinnt tuismitheoirí le fios go mbeidís ag breathnú ar roghanna eile do chúram leanaí dá gcuirfí an polasaí i bhfeidhm agus thug daoine eile le fios go ndéanfaidís amhlaidh mura gcuirfí a leithéid de pholasaí i bhfeidhm.

Ba iad na tuismitheoirí a labhair in aghaidh an pholasaí teanga is mó a fuair bualadh bos ón slua, cé go raibh tacaíocht áirithe ann don ghrúpa daoine a bhí i láthair agus a thacaigh go láidir leis an bpolasaí. Dúirt tuismitheoir amháin, áfach, nach raibh a fhios ag gach tuismitheoir faoi chruinniú na hoíche aréir agus nach bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de go raibh tuairimí an ghrúpa a bhí ag an gcruinniú ionadaíoch ar thuairimí na dtuismitheoirí uile a bhfuil gasúir dá gcuid san Ionad.

Bhí imní ar thuismitheoirí freisin faoi “éiginnteacht” maidir le cúrsaí fostaíochta san ionaid agus an chaoi a bhfuiltear ag tabhairt faoi earcú na múinteoirí san ionad. Mhaígh tuismitheoir amháin go raibh ceathrar múinteoirí éagsúla ag a páiste i gcaitheamh scoilbhliana amháin, agus gur chuir sé sin isteach go mór ar an leanbh.

Léiríodh imní go bhfuil an t-ionad ar thóir fostaithe nua faoi láthair agus tús na bliana nua acadúla ag teannadh linn.

Eagraíodh cruinniú na hoíche aréir mar thoradh ar chruinniú eile a bhí ag tuismitheoirí in Óstán Chois Fharraige an tseachtain seo caite. Cuireadh coiste ad hoc le chéile ag an gcruinniú sin agus tugadh cuireadh do thuismitheoirí eile teacht ag an bPoitín Stil aréir leis an scéal a phlé. Aontaíodh ag deireadh an chruinnithe gur ceart don choiste sin cruinniú a lorg le hionadaithe ón ITT féin leis na ceisteanna a phlé.

Nuair a bunaíodh an Crann Taca, an naíonra san ITT, ar dtús, ba é an polasaí a bhí ann gasúir a ghrúpáil de réir riachtanas foghlama teanga agus ní de réir aoise ach ligeadh an cur chuige sin i léig cúpla bliain ó shin agus tá sé i gceist é a thabhairt ar ais an fómhar seo.

An tseachtain seo caite dúirt Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG, go bhfuil polasaí teanga an Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh ag teacht leis an bPolasaí Oideachais nua don Ghaeltacht agus go bhféadfaí “dochar mór” a dhéanamh do chaighdeán Gaeilge cainteoirí dúchais óga an cheantair dá uireasa.

Dúirt sí go bhfuil  sé “fíorthábhachtach” go ndéanfaí idirdhealú idir páistí atá á dtógáil le Gaeilge amháin agus páistí nach bhfuiltear.

“Tá sé fíorthábhachtach go ndéanfaí difreáil ar an mbonn seo ar pháistí le Gaeilge ó dhúchas agus páistí eile, go háirithe de bharr shóisialú na bpáistí sin. Más trí mheán na Gaeilge a bhuaileann páistí le páistí eile, is mó seans go gcoimeádfaidh siad leis an nGaeilge. Más trí Bhéarla a bhíonn a gcéad chaidreamh, is cinnte gur Béarla a bheidh acu amach anseo. Tagann sé sin le taighde idirnáisiúnta.

“Tá an difreáil sin luaite go sonrach mar rud maith sa pholasaí oideachais Gaeltachta. Is ceart é sin a dhéanamh. Níl leithcheal i gceist. Má chuirtear cainteoirí dúchais isteach le cainteoirí Béarla, loitfear caighdeán Gaeilge na gcainteoirí dúchais ag aois an-óg,” a dúirt Ní Mhóráin le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Tuismitheoirí míshásta i gConamara le casadh le bord stiúrtha naíonra ach ‘ní dhéanfar athrú ar bith ar pholasaí teanga’'

  • Mánus

    Céard í an fhadhb anseo? Nach mbíonn naíonraí LánGhaeilge sna cathracha timpeall na tíre? Cén fáth nach mbíonn naíonraí do Bhéarlóirí sa “Ghaeltacht”?

  • Treasa

    Tá an-áthas orm a chloisteáil go bhfuil an ITT/Crann Taca ag seasamh leis an aidhm ar bunaíodh an tIonad an chéad lá riamh – tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge – tá an tacaíocht sin ag teastáil go géar uathu mar is fíor bheagán cúnaimh atá ar fáil dóibh i nGaeltacht an lae inniu.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    I gcead dhuit, a Mhánuis, ní dóigh liom go dtuigeann tú an scéal. Tá difríocht mhór idir naíonra ‘Lán Ghaeilge’ sna cathracha agus naíonra i gceantar láidir Gaeltachta ar nós Cois Fharraige.

    Ní bhíonn Gaeilge ón baile ach ag fíor bheagán gasúir a bhíonn ag freastal ar naíonra ‘Lán Ghaeilge’ sna cathracha. I gCois Fharraige, go háirithe taobh thiar den Spidéal, bíonn Gaeilge ón baile ag sciar suntasach de na gasúir in aois 3 bhl. d’aois, mar ar cheart a bheith i bpobal a bheadh i dteideal a bheith áirithe mar Ghaeltacht.

    Nuair a bhíodh na gasúir sin a tógadh le Gaeilge, cuid acu ar bheagán Béarla, á mheascadh sa naíonra le gasúir gan Ghaeilge, sí an Béarla a bhíodh in uachtar mar theanga spraoi idir na gasúir iad féin, in ainneoin an naíonra á reachtáil trí Ghaeilge. Siad na gasúir a tógadh le Gaeilge a bhí thíos leis agus ní iontas ar bith cuid acu ag tíocht abhaile ón naíonra Gaeltachta ag iarraidh a bheith ag Béarlóireacht sa mbaile. Ní finscéal é sin, tharla sé i go leor cásanna.

    Ba léir do thuismitheoirí a thóg a gcuid gasúr le Gaeilge amháin go raibh dochar á dhéanamh do mhuinín na ngasúr a raibh Gaeilge acu ón baile, tré bheith meascaithe le gasúir nach raibh ach Béarla acu. Thacaigh taighde a rinneadh ag an am leis an dtuairim sin.

    Sa bhliain 2000 bhí an t-ádh orainnm na tuismitheoirí i gceantar an Chnoic, go raibh an oiread sin gasúir ann in aois 3 bhl. d’aois, le go bhféadfaí dhá sheisiún a dhéanamh den naíonra ar an gCnoc. Bhí neart díospóireacht faoi ag an am agus cruinnithe sách teasaí eagraithe ina aghaidh. Ach chuamar ar aghaidh leis an bpolasaí nua a chur i bhfeidhm agus d’oibrigh sé chun sástachta gach duine an dá sheisiún a bheith ann: Seisiún 1, a bhí meascaithe, a reachtáileadh trí Ghaeilge ar ndóigh do thuismitheoirí a roghnódh é agus ina dhiaidh Seisiún 2, do thuismitheoirí a raibh Gaeilge ag a gcuid gasúr cheana agus a roghnódh an seisiún sin seachas an chéad seisiún le go mbeadh a gcuid gasúr i dtimpeallacht ina mbeidís compórdach, os rud é go raibh Gaeilge ag na gasúir uilig ar fad. Don chéad uair bhí rogha anois ag na tuismitheoirí a raibh Gaeilge ag a gcuid gasúr ón baile, rud nach raibh roimhe sin.

    Bhí toradh an mhaith ar an socrú seo agus gasúir a rinne sóisialú le chéile tré Ghaeilge i Seisiún 2 na blianta siar ó shin, tá a bhformhór fós ag Gaeilgeoireacht le chéile agus iad ina ndéagóirí.

    Níor chuala mé aon thuismitheoir le gasúir i Seisiún 1, an grúpa meascaithe, ag gearán go raibh a gcuid gasúr faoi mhíbhuntáiste nó go raibh aon éagothromaíocht i gceist nó go raibh leithcheal á dhéanamh orthu in aon bhealach. Cuireadh an tseirbhís chéanna ar fáil ach go raibh aird ar riachtanais difriúla an dá ghrúpa.

    Roghnaigh roinnt bheag tuismitheoirí, a raibh Gaeilge ag na gasúir ón baile, na gasúir a chur ag Seisiún 1, mar nár fheil an t-am a thosaigh Seisiún 2 dóibh nó ba chuma leo. Bhí an rogha sin acu.

    Roinnt blianta ó shin ligeadh an polasaí thuas i léig th’eis gur ghlac Comharchumann Sailearna ceannas ar riaradh an ITT ó Choiste Tuismitheoirí agus is gearr go raibh tuismitheoirí ag gearán aríst gur mó dochair ná maitheas a bhí an naíonra san ITT ag déanamh dá gcuid gasúr, mar go raibh páistí gan mórán Béarla á mheascadh le páistí gan Gaeilge agus ar ndóigh na gasúir gan Ghaeilge ag aireachtáil go dona, gearrtha amach nuair a bhíodh an spraoi ar bun.

    Is maith an scéal go bhfuil Bord an ITT ag filleadh ar an bpolasaí teanga a bhíodh sa naíonra, nuair a bhí sé á riaradh ag na tuismitheoirí.

    Is maith an rud é go mbeidh Bord an ITT ag casadh le ionadaithe na dtuismitheoirí atá imníoch faoin bpolasaí seo. Ní dóigh liom go bhfuil aon gha le imní agus go dtuigfidís é sin dá míneofaí i gceart dóibh céard tá i gceist.

  • Mánus

    Is é mian an phobail “Gaeltachta” seo an naíonra bheith “dhátheangach”. Slán le ceantair Catagóir A eile.

  • Éamonn Mac Niallais

    Tá cuid mhór aineolas le bráth sa méid atá le rá acu siúd atá in eádan an pholasaí seo. Mholfainn don choiste saineolaí a fháil isteach le labhairt leis na tuismitheoirí(agus foireann an ionaid) le eolas a thabhairt dóibh faoin dóigh a sealbhaíonn páistí teangacha, an aois ina mbaineann siad líofacht cainteoir dúchais amach agus ‘an caidreamh cumhachta’ idir mórtheanga agus miontheanga. Ní go bhfuil an ceist ró-chasta ach níor thuig mé féin cuid mhór de na teoirící seo go dtí gur fhreastal mé ar chainteanna mar seo. Nuair a chuirtear an t-eolas i do láthair go heolaíochtúil, tuigtear duit laithreach an chiall atá lena leitheid de pholasaí.

    Tá an cineál seo tacaíochta ag teastail go géar ó theaghlaigh atá ag tógail a gclann le Gaeilge sa bhaile, níor chóir go mbeadh an brú agus an diultachas seo a gcur ina leith nuair atá siad ag iarraidh an rud ceart a dhéanamh. Beidh sé suimiúil cén tacaíocht a fhaigheann na teaghlaigh seo anois ó pholasaí pleanála teanga an stáit nó an mbeidh sé mar a bhí i gcónaí, sé sin go gcaithfidh daoine aonaracha iad féin a gcás a throid & an t-ualach pearsanta trom sin a iompar ó thaobh an caineadh agus an diúltachas a chuirtear inar leith.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    A Mhánuis, a chara, mothaím ón méad thuas uait agus ó theachtaireachtaí eile atá fágtha agat go bhfuil tú báite in éadóchas faoin nGaeltacht! Níl aon bhunús leis an ráiteas uait thuas a deireann gurb é mian an phobail ar an gCnoc i gCois Fharraige an naíonra bheith “dhátheangach”. Níl aon duine sa phobal, go bhfios dom, ag ceistniú gur tré Ghaeilge amháin a bheadh an dá sheisiún den naíonra á reachtáil, fiú amháin an seisiún do na páistí ar bheagán Gaeilge.