Tuirlingt éigeandála déanta ag eitleán a bhí le feiceáil ag eitilt go híseal os cionn Chonamara ar maidin

311 duine a bhí ar an eitleán de chuid British Airways a raibh uirthi tuirlingt in Aerfort na Sionainne tráthnóna de bharr éigeandála

Planes

Tá eitleán de chuid British Airways a bhí le dul ó Londain go Dallas agus a facthas ag faoileáil os cionn Chonamara theas ar maidin fós ar an talamh in Aerfort na Sionainne, áit a raibh ar an bpíolóta an t-eitleán, ar a raibh 311 duine, a thuirlingt de bharr éigeandála.

Tar éis do dhuine de na paisinéirí éirí breoite ar an eitleán, b’éigean do phíolóta BA 193 malairt cúrsa a thabhairt air féin. Thug sé a aghaidh siar thar machairí na hÉireann chomh fada le hIar-Chonnachta, agus ó dheas ansin leis go hAerfort na Sionainne.

311 duine a bhí ar an eitleán, idir chriú agus phaisinéirí, agus thuirling sí in Aerfort na Sionainne ag 14.22 pm tráthnóna. Dúirt urlabhraí thar ceann Aerfort na Sionainne le Tuairisc.ie gur tugadh an duine breoite go dtí Ospidéal na hOllscoile i Luimneach, mar a bhfuil cóir leighis á cur air faoi láthair.

Fág freagra ar 'Tuirlingt éigeandála déanta ag eitleán a bhí le feiceáil ag eitilt go híseal os cionn Chonamara ar maidin'

  • Paul Humphreys

    Gabh mo leithscéal ach is áibhéil amach is amach an tuarascáil seo. Ní ‘faoileálann’ eitleáin Boeing 777 os chionn Chonamara ná áit ar bith eile. Sa phictiúr thús, tá an t-eitleán ar eitilt ag 16,352 troigh os chionn na farraige gar don chósta Chonamara. Gnáth ard chun tuirlingt a dhéanamh gan stró ar an rúidbhealach aerfoirt na Sionnaine.