Tuilte, froganna, turcaithe agus dlíthe na hEorpa…

Is fíor gur ar rialtas na hÉireann féin atá an fhreagracht maidir leis na tuillte, ach céard faoin ualach rialacha atá tugtha isteach ag an Aontas Eorpach le tús áite a thabhairt do na froganna, do na héanacha, don iasc agus do na bláthanna?

10/12/2015. Athlone Floods. Athlone turns into Venice as the residents wake up to the news that the mighty Shannon River did not reach its peak during the night, and hundreds of homes survived being flooded as community, emergency services, Irish Red Cross and local council teams worked through the night to keep the rising waters at bay. However the river did burst its banks at The Strand, turning parts of the town into a Little Venice lookalike. RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Tá canáil chaol, shealadach déanta i ndeisceart na Gaillimhe idir an Chathair Mhór in aice leis An Lábán agus Cinn Mhara ar bhruach na farraige. Cuireadh ceithre inneall tochailte ag obair agus bhí an beart déanta acu taobh istigh de dhá lá.

Murach go ndearna siad sin bheadh drochbhail curtha ag na tuilte ar scór teach eile.

Ní fhaca má aon iontas ariamh nach ndearna lucht timpeallachta iarracht an obair a stopadh. Cúis iontais dhom freisin gur thug oifigigh na Comhairle Contae a mbeannacht don chanáil seo.

Ní hé amháin sin ach siad a bhí i gceannas na hoibre.

Is minic a phléigh muid na tuilte le linn domsa a bheith ar an gComhairle Contae. An uair dheiridh a raibh tuilte móra againn rinneadh neart cainte faoin scéal sa gComhairle.

Chuir na hoifigigh léarscáil os ár gcomhair lá amháin a thug léiriú ar an scrios a bhí déanta ag na tuilte sa gcontae. Chuir siad dath dubh ar na háiteacha ba mheasa agus d’fhág siad an chuid eile den léarscáil bán.

Cé go raibh trua agam do mo bhráithre as oirthear, as tuaisceart agus as deisceart an chontae ní fhéadfainn an deis a ligean tharam gan a chur in iúl dóibh gurbh í seo an chéad léarscáil ariamh a thaispeáin gur ag Conamara a bhí an chuid ab fhearr den mhargadh.

Bhí tuairimí go leor ag na Comhairleoirí faoi na bealaí ab fhearr le fadhb na dtuilte a leigheas. Ba é an freagra céanna a d’fhaighidís óna hoifigigh i gcónaí—nach bhféadfaí na hoibreacha a bhí siad a mholadh a dhéanamh mar gheall ar rialacha timpeallachta.

Míníodh dhúinn go bhféadfaí fíneáil thar a bheith trom a chur ar fheirmeoir ar bith a thógfadh draein bheag amháin féin ar a chuid talún i gceantar caomhnaithe gan cead a bheith faighte aige roimh ré.

Chuir Coimisiún na hEorpa ráiteas amach an lá faoi dheireadh ag rá nach orthusan atá an locht faoin scrios atá na tuilte a dhéanamh in Éirinn. Dúirt siad gur ar rialtas na hÉireann féin atá an fhreagracht an fhadhb a réiteach.

Sin í an fhírinne ar láimh amháin, ach, ar an taobh eile de, céard faoin ualach rialacha atá tugtha isteach acusan le tús áite a thabhairt do na froganna, do na héanacha, don iasc agus do na bláthanna?

Cuireann sin i gcuimhne dhom cuairt a thug muid ar thionscail i gContae na Mí le linn dom a bheith ar Bhord Údarás na Gaeltachta.

Bhí fear amháin ann a bhí ag próiseáil agus ag díol feoil turcaí le siopaí agus le bialanna. Mhínigh sé dhúinn go raibh seacht ngrád den fheoil sin ann.

Nuair a tháinig tráth ceistiúcháin d’fhiafraigh mé féin de cá raibh sé ag fáil na dturcaithe?

‘As an Iodáil,’ a dúirt sé.

‘Nach silfeá,’ a deirimse, ‘gur an-áit é Contae na Mí le turcaithe a thógáil ann?’

‘Sea freisin,’ a dúirt sé, ‘bhí feilm turcaithe agam féin amach an bóthar ansin tamall den tsaol ach b’éigean dom éirí as lena raibh de rialacha le comhlíonadh.’

‘Nach shin iad rialacha Aontas na hEorpa?’ arsa mise. ‘Nach hiad na rialacha céanna atá acu san Iodáil?’

Bhreathnaigh sé go cráite orm. ‘Siad go deimhin, ar seisean “ach an gcuireann siad i bhfeidhm iad chomh géar agus a chuireann an tír seo? Beag an baol’

Tá na tuilte ag trá anois ach beidh siad aríst ann, is cuma céard a deireann Simon Coveney ná na snámhaithe eile atá sa rialtas (focla Béarla ar snámhaí: swimmer, dawdler, sneak, creeper, crawler).

Bhí tuilte ariamh ann, i gcead do na daoine a bhíonn ag trácht go síoraí ar “an aimsir iontach a bhíodh fadó againn.”

An chéad seachtain de mhí Eanáir na bliana 1916 bhí cuid mhór den tír faoi thuilte freisin. Muintir Átha Luain ba mheasa a tháinig as an babhta sin.

Mar bharr ar gach mí-ádh, bhí eascanna fairsing sa tSionainn ag an am agus iad ag teacht isteach beo beathach ar an urlár sna tithe acu!

Fág freagra ar 'Tuilte, froganna, turcaithe agus dlíthe na hEorpa…'

  • Eoghan ONeill

    Beart maith a bhí ann an canál nua a thógáil agus an t-uisce a scaoileadh síos chun na farraige. Ach is trua gur sruth mall atá sa tSionnainn ní féidir ach ballaí cosanta a thógáil chun an bá a choinneáil amach as na tithe. Is í cúis na faidhbe ná go bhfuil an t-aer ag éiri níos teo agus ag iompar nios mó taise agus is uaid sin a dtagannn an bhaisteach bhreise. Údar an árdú teochta san aer is ea CO2 agus Meiteán (CH4) as bhrúcht an ealaigh agus na gcaoireach. Is í an iomarca talamh féirigh agus an ghainne crann i mbáisín na Sionnainne is cúis le sruth na baistí isteach sna fo-abhaineacha agus an abhainn mhór fhéin. Mar réteach fad-téarmach bá chóir cuidiú le lucht na talún chun 35% den lár-thír a phlantáil le crainn dúchasach rud a thabharthach fostaíocht, ioncam i ndiaidh 20 bliain do lucht na talún agus agus faoiseamh do mhuintir chráite na Sionnainne.

  • Seosamh Ó Cuaig

    An é seo Eoghan Ó Néill Bhéal Feirste nó Eoghan Ó Néill Charna?

  • padraig

    ‘Mar réteach fad-téarmach bá chóir cuidiú le lucht na talún chun 35% den lár-thír a phlantáil le crainn dúchasach’ ….ana-cheart ansin agat, crainn, crainn agus tuilleadh (tuile?) crann.