Tuilleadh smugairlí róin contúirteacha tagtha i dtír i gConamara

Tá smugairlí an tseoil tagtha i dtír in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara

Tuilleadh smugairlí róin contúirteacha tagtha i dtír i gConamara

Tá tuilleadh smugairlí róin nimhneacha tagtha i dtír ar thrá i nGaeltacht Chonamara.

Thug Comhairle Cathrach na Gaillimhe rabhadh don phobal inné bheith airdeallach tar éis dóibh tuairiscí a fháil go raibh smugairle róin contúirteach, smugairle an tseoil, tagtha i dtír ar Thrá na gCeann gar do Bhearna.

Tá tuilleadh de na smugairlí róin sin anois tagtha i dtír ar thrá eile i nGaeltacht na Gaillimhe, an Trá Mhóir in Indreabhán.

Dúirt an Chomhairle fanacht amach ó na smugairlí mar go bhfuil siad fós in ann ga a chur ionat fiú agus iad marbh agus go mbíonn an-phian ag baint le ga ó smugairle an tseoil.

Meastar gurb í Stoirm Lorenzo a thug smugairlí an tseoil aneas go farraigí na hÉireann. Tháinig níos mó ná leathchéad i dtír ar chósta na hÉireann sna laethanta tar éis na stoirme an tseachtain seo caite.

Fág freagra ar 'Tuilleadh smugairlí róin contúirteacha tagtha i dtír i gConamara'

  • Des O Murchu

    Bailigh suas iad, ta maragadh doibh sa tSin , Seapain!.?