Tuilleadh comhoibrithe idir Nuacht TG4 agus RnaG molta ag bainistíocht RTÉ

Dúradh le foireann Nuacht TG4 ar maidin gur oibrigh an tseirbhís nuachta agus RnaG go maith le chéile ar scéalta i Londain agus sa Bhruiséil le tamall agus go raibh sé in am anois cur leis an gcomhoibriú in Éirinn

Tuilleadh comhoibrithe idir Nuacht TG4 agus RnaG molta ag bainistíocht RTÉ

Tá tuilleadh comhoibrithe idir Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta á mholadh ag lucht bainistíochta RTÉ mar chuid den iarracht dul i ngleic le géarchéim airgeadais an chraoltóra náisiúnta.

Tuigtear do Tuairisc.ie go raibh comhoibriú le Raidió na Gaeltachta go mór sa treis ag Jon Williams, Bainisteoir Stiúrtha Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ, agus é ag labhairt ar nasc ó Bhaile Átha Cliath le foireann Nuacht TG4 ag cruinniú speisialta maidin inniu.

Le linn an chruinnithe luaigh Williams an comhoibriú a tharla cheana idir an dá sheirbhís maidir le scéalta idirnáisiúnta agus dúirt “d’oibrigh sé [an comhoibriú] go maith i Londain agus sa Bhruiséil agus anois an t-am chun é a chur ag obair níos fearr in Éirinn”.

Bhí Williams ag tagairt do shocruithe a rinneadh idir Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta le tamall maidir le comhfhreagraí amháin a bheith ag soláthar scéalta ón iasacht don dá sheirbhís.

Tuigtear do Tuairisc.ie chomh maith gur thug Príomh-Eagarthóir Nuacht TG4 Joe Reddington le fios ag an gcruinniú go mbunófaí grúpa oibre nua sa seomra nuachta chun moltaí a dhéanamh faoina bhfuil i ndán don tseirbhís.

Ag labhairt dó faoi cheist an chomhoibrithe le foireann Raidió na Gaeltachta, dúirt Joe Reddington go raibh foirne an dá sheirbhís ag obair as lámha a chéile ag Féile Oireachtas na Samhna le déanaí agus gur éirigh go maith leis an gcomhoibriú sin.

Labhair Jon Williams chomh maith faoi “shineirgí” eile, ina measc comhoibriú idir iriseoirí Nuacht TG4 agus iriseoirí nuacht an Bhéarla in RTÉ.

Is minic iriseoirí Nuacht TG4 ag soláthar scéalta do nuacht an Bhéarla ach b’annamh a tharla a mhalairt go dtí seo.

Léiríodh amhras ag an gcruinniú faoi conas a d’fhéadfaí socrú cothrom a chur i bhfeidhm nuair nach bhfuil Gaeilge líofa ach ag beagán d’iriseoirí sheomra nuachta RTÉ.

Luadh go bhféadfaí iarracht níos fearr a dhéanamh daoine le Gaeilge a earcú amach anseo.

Dheimhnigh Jon Williams freisin d’fhoireann Nuacht TG4/RTÉ gur iomarcaíocht dheonach amháin a bheadh i gceist leis na ciorruithe atá beartaithe ag RTÉ agus nach líonfaí aon fholúntais a bheidh ann dá mbarr.

Pléadh chomh maith úsáid níos éifeachtaí a bhaint as criúnna na seirbhísí.

Agus é ag trácht ar dheacrachtaí airgeadais RTÉ go ginearálta, dúirt Bainisteoir Stiúrtha Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ, Jon Williams, gurb ionann cás an chraoltóra agus duine le “cárta creidmheasa a bhí maxed out”.

Ní raibh mórán den bhóthar fágtha agus chaithfí casadh a thógáil go pras, a dúirt sé.

Labhair sé chomh maith faoin bhfadhb atá ag RTÉ maidir le haoisphróifíl lucht féachana RTÉ agus meánaois an phobail.

58 bliain d’aois an mheánaois i measc lucht féachana RTÉ 1 agus 37 bliain an mheánaois i measc an phobail, a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Tuilleadh comhoibrithe idir Nuacht TG4 agus RnaG molta ag bainistíocht RTÉ'

  • Feardorcha

    I gcead do lucht RTÉ bheadh amhras ort an bhfuil a gcuid Gaeilge maith go leor le bheith ag tabhairt na nuachta amach do phobal na Gaeilge. Chuirfeadh cuid den fhoghraíocht do chraiceann ar seasamh.