Tuigtear anois do gach Teachta Dála nach ionann cead cainte do chách agus cead cainte go brách…

Ní ‘guillotine’ ach gléas cosúil leis a chuir stop le hagóid leadránach Dála…

Tuigtear anois do gach Teachta Dála nach ionann cead cainte do chách agus cead cainte go brách…

Chuir an Dáil deireadh Dé hAoine le díospóireacht ar an mBille um Thrácht Bóthair (Leasú), díospóireacht a thosaigh breis agus dhá mhí ó shin.

Is ar an 24 Aibreán a chuir Michael agus Danny Healy-Rae, Mattie McGrath agus cúigear Teachtaí Dála eile tús le ‘filibuster’, nó bac le fadchaint ar an mbille, is é sin agóid inar chuir siad moill ar an díospóireacht le síor-óráidíocht leadránach.

I ngach Dáil eile roimhe seo, cuireadh stop lena leithéid, agus le plé réasúnta uaireanta, nuair a d’úsáid rialtais an ‘guillotine’, is é sin rún a mholadh go gcuirfí deireadh leis an gcaint, agus fios ar chaon taobh go vótálfadh móramh an rialtais ar a shon.

D’aontaigh gach dream sa Dáil reatha ó thús nach n-úsáidfí an guillotine lena linn. Bheadh cead cainte ag gach Teachta Dála, agus ní chuirfí teora leis an gcead sin, de réir an tsocraithe. Dúradh gur sampla é an socrú den ‘nuapholaitíocht’ ina mbeadh ar an rialtas géilleadh i gcónaí don mhóramh. Nó d’ochtar sa chás seo.

Ní mhaireann socrú ná foighne go deo. Mar a léiríodh nuair a thosaigh an díospóireacht ar an mbille tráchta arís Dé hAoine.

Labhair Michael Healy-Rae ar feadh uair an chloig agus ceathrú. Ní raibh tuairim ná pointe ina óráid nár chuala an Dáil roimhe seo. Mar sin féin, bhí an chosúlacht ar an scéal go leanfadh sé féin agus a chomrádaithe leis an agóid agus go mb’fhéidir nach rithfí an reachtaíocht roimh shaoire an tsamhraidh.

Chuir Michael bulaíocht i leith na dTeachtaí a dúirt leis go raibh sé thar am aige éirí as an moilleadóireacht. Bhí am á chur amú aige d’aon ghnó agus go náireach, arsa Imelda Munster ó Shinn Féin leis.

Dúirt Declan Breathnach ó Fhianna Fáil nach raibh san óráidíocht in aghaidh an bhille ach buinneach bhéil. Dúirt Danny Healy-Rae gur ag iarraidh daoine faoin tuath a choinneáil faoi ghlas a bhí an tAire Iompair Shane Ross.

Nuair a stop sé ag gáirí, dúirt Shane Ross leis, arís, go sábhálfadh an reachtaíocht daoine a mharófaí ar na bóithre dá huireasa.

Is í an Teachta Dála neamhspleách Catherine Murphy a chuir stop leis an athrá gan stad nuair a mhol sí go gcuirfí deireadh ar an toirt leis an díospóireacht, mar a cheadaítear de réir Bhuan-Ordú 68. Chuir a moladh tús le hachrann eile, ach ba shoiléir a thoradh ó thús.

Bhí deireadh leis an gcaint. Bhí sé in am vótáil. Ní raibh iontas ar dhuine ar bith nuair a thug 75 Teachta Dála tacaíocht don bhille. Níor vótáil ach ochtar ina choinne. D’fhógair an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl (a d’iarr ar Theachtaí Dála éagsúla le linn na hargóna meas a bheith acu ar an Dáil) go gcuirfí an bille go dtí an Seanad.

De réir phríomhfhoráil an bhille, cuirfear cosc tiomána ar gach tiománaí a mbéarfar orthu feasta agus an iomarca dí ólta acu. Ní cheadófar eisceacht ar bith, mar shampla i gcás tiománaithe nach mbeidh an leibhéal alcóil ina sruth fola ach beagáinín thar an teorainn cheadaithe, 50mg alcóil in aghaidh gach 100ml fola.

Roimhe sin ar ndóigh, beidh ar an Seanad an bille a phlé. Ach dúirt Shane Ross go raibh súil aige go mbeadh an reachtaíocht rite sara gcuirfear an Dáil ar atráth.

Idir an dá linn, tá buaic thábhachtach sroichte cheana féin sa teach íochtarach.  Níor úsáideadh guillotine rialtais Dé hAoine, ach bhain an móramh a bhí bréan den leadrán leas as gléas éifeachtach lena stop.

Beidh a fhios ag gach Teachta Dála feasta nach ionann cead cainte do chách agus cead cainte go brách.

Fág freagra ar 'Tuigtear anois do gach Teachta Dála nach ionann cead cainte do chách agus cead cainte go brách…'

  • Emer Ni Ronáin

    An rud is mó a chuir isteach ormsa mar gheall ar an ocáid ná gur tugadh ‘fillebusteriing’ air…tá focal níos fearr againne….’baghcatáil’