Tuigeann na hÚcránaigh nach fiú tada socrú atá ag brath go hiomlán ar fhocal na Rúise

Agus Volodymyr Zelensky ar cuairt ar Éirinn, cén seans go gcuirfear deireadh go luath leis an gcogadh?

Tuigeann na hÚcránaigh nach fiú tada socrú atá ag brath go hiomlán ar fhocal na Rúise

Ní raibh plean síochána 28 pointe Mheiriceá chun deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin chomh iomlán aontaobhach i gcoinne na hÚcráine is a thug tuairiscí sna meáin le fios.  Go deimhin bhí roinnt de na pointí ann ina gcomhréitigh chliste ar roinnt de na hábhair imní a mhaíonn an Rúis a bheith aici, más rud é go bhfuil spéis i ndáiríre ag an Rúis teacht ar chomhréiteach le deireadh a chur leis an gcogadh.

Mar shampla, is dócha gur léigh tú gur chuir an plean teorainn ar líon na saighdiúirí a bheadh ag an Úcráin, rud a bhí á éileamh ag an Rúis, agus rud a d’fhágfadh an Úcráin gan chosaint ón gcéad ionsaí Rúiseach eile.  Is í an uasteorainn a bhí á héileamh ag an Rúis ná 85,000 – rud a d’fhágadh an Úcráin gan aon chumas í féin a chosaint.  Ach is uasteorainn 600,000 a a bhí luaite sa phlean 28 pointe agus ní raibh aon srian ar an saghas airm a d’fhéadfadh an Úcráin a bheith aici.  Ní raibh ach thart ar 200,000 saighdiúir in airm na hÚcráine roimh thús an mhór-ionraidh agus is beag seans go gcoimeádfadh siad breis agus 600,000 san arm tar éis an chogaidh.  Is géilleadh siombalach é seo d’éileamh na Rúise ach ní chuirfeadh sé aon srian praiticiúil ar an Úcráin. De réir an phlean, bheadh ar an Rúis aontú go n-úsáidfí a sócmhainní reoite chun an Úcráin a atógáil.  I bhfocail eile bheadh ar an Rúis cúiteamh a íoc leis an Úcráin.

Bhí ionad cumhachta núicléach Zaporizhia, atá faoi smacht an Rúise faoi láthair, le cur faoi stiúir na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta d’Fhuinneamh Adamhach agus an fuinneamh a ghineann sé le roinnt 50:50 idir an Rúis agus an Úcráin.

Ní ghéilltear sa cháipéis d’éileamh na Rúise go ndéanfaí teanga stáit oifigiúil den Rúisis ar comhchéim leis an Úcráinis.  Is é a dúradh go nglacfadh an Úcráin le rialacha an Aontas Eorpaigh maidir le cosaint teanga mhionlaigh.

Dár ndóigh, níl aon slí gur féidir leis an Úcráin glacadh leis an éileamh go dtabharfaidh siad suas an chuid eile den Donbas mar gur crios cosanta é an ceantar seo atá fabhrach don chosantóir. Dá ngéillfí é, bheadh sé an-éasca don Rúis ionradh eile a dhéanamh ar an gcuid eile den Úcráin amach anseo.  Níor mhiste a rá, áfach, go raibh iarracht éigin ar aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo sa phlean – ní raibh cead le bheith ag an Rúis a bhfórsaí a chur isteach sa réigiún agus bheadh sé ina crios dímhíleataithe idir an dá thaobh.  An fhadhb atá leis seo, áfach, go bhfuil ciall cheannaithe ag na hÚcránaigh agus nach fiú tada dóibh socrú ar bith atá ag brath go hiomlán ar fhocal na Rúise go gcloífeadh siad leis.

Má tá aon seans ar shocrú síochána leis an Rúis, tuigeann gach duine, is dócha, go mbeadh cosc ar an Úcráin a bheith in NATO mar chuid den socrú sin.  Tá ceist chomh mór déanta ag an Rúis as NATO nach bhféadfaí socrú ar bith nach mbeadh sé seo luaite ann a dhíol le muintir na Rúise mar bhua.  Déantar dearmad, áfach, nach raibh ann riamh roimh an mór-ionradh ach caolseans go nglacfaí leis an Úcráin in NATO.  Ba ghá do gach uile bhallstát aontú d’aon ghuth lena leithéid d’iarratas ach bhí stáit áirithe ann i gcónaí, leithéidí na hUngáire, a bhí glan ina choinne agus stáit eile, leithéidí na Gearmáine, a bhí  i gcónaí á chur ar an méar fhada agus gan aon rún acu i ndáiríre é a cheadú.  Agus nuair atá an tír is cumhachtaí in NATO, Meiriceá, anois ar aon intinn leis an Rúis faoin gceist, níl aon chúis le creidiúint go mbeidh scéal difriúil ann am ar bith go luath.

Mar sin, tá pointí go bhféadfaí a thógáil orthu sa phlean 28 pointe má tá spéis ag an Rúis i ndáiríre deireadh a chur leis an gcogadh agus comhréiteach a dhéanamh.  Tar éis cainteanna idir an Úcráin agus Meiriceá, tá leagan leasaithe den phlean ann nach bhfuil ann ach thart fá 19 pointe, ach níl an plean leasaithe sin foilsithe.

An fhadhb atá ann ná nach bhfuil fianaise ar bith ann go bhfuil an Rúis ag iarraidh deireadh a chur leis an gcogadh nó go bhfuil siad sásta comhréiteach a dhéanamh a d’fhágfadh neamhspleáchas ag an Úcráin agus an cumas aici í féin a chosaint ó ionsaí eile ón Rúis.   Mar atá scríofa agam go minic cheana, tá sé ráite go neamhbhalbh gan stad gan staonadh ag ceannairí polaitiúla agus bolscairí na Rúise le trí bliana anuas gurbh í an aidhm atá acu ná forlámhas a fháil ar an Úcráin agus nach bhfuil sé de cheart ag Úcránaigh féiniúlacht agus stát neamhspleách ón Rúis a bheith aici.  Mar a dúirt Putin é féin ag Fóram Eacnamaíochta Idirnáisiúnta Chathair Pheadair ar an 20 Meitheamh i mbliana:  ‘Tá sé ráite agam go minic gur pobal amháin iad muintir na Rúise agus muintir na hÚcráine i mo shúile.  Mar sin, is linne an Úcráin ina hiomláine.’

Mar sin cén fáth go stopfadh Putin anois?  Mar a fheictear dó siúd é tá an cogadh á bhuachan aige agus níl sé róbhuartha faoin gcostas ollmhór saighdiúirí marbha agus leonta.  Níl praghas polaitiúil mór le híoc ar bheatha saighdiúra i gcóras uathlathach ina bhfuil smacht ar na meáin chumarsáide agus ina gcuirtear daoine i bpríosún as ucht rud ar bith a rá i gcoinne an chogaidh.  Tá Zelensky faoi bhrú polaitiúil sa bhaile mar gheall ar scannal caimiléireachta sa rialtas. Tá sé deacair coiméad suas le hathruithe poirt Donald Trump faoin gcogadh, ach ar an iomlán is léir go bhfuil meas aige ar an té atá láidir agus go bhfuil claonadh aige teacht i dtír ar an bpáirtí lag i gcoimhlint ar bith.  Agus tá na hEorpaigh rómhall, ródhrogallach, róchúramach agus ró-easaontaithe chun imní mhór a chur ar Putin. Ag an bpointe seo, níl plean nó straitéis réalaíoch ag dream ar bith chun deireadh a chur leis an gcogadh seo go luath.

Mar a sheasann cúrsaí, d’fhéadfadh sé go dtógfadh sé roinnt blianta ar an Rúis an chuid eile den Donbas a ghabháil.  Tá an tuar sin bunaithe ar ráta dul chun cinn na Rúise go dtí seo i mbliana agus ar anailís na dtráchtairí míleata, ar nós Anders Puck Nielsen ón Danmhairg, nár bréagnaíodh iad go dtí seo ina gcuid anailíse ar chumas troda an dá arm.  Aontaíonn eacnamaithe go bhfuil na fadhbanna i ngeilleagair na Rúise mar gheall ar an gcogadh ag méadú de réir a chéile agus go mbeidh géarchéim ann luath nó mall.   Tá an chuma ar an scéal faoi láthair go bhféadfadh an cogadh leanúint go dtí go dtarlóidh cliseadh míleata na hÚcráine nó cliseadh eacnamaíochta na Rúise, pé acu a tharlóidh ar dtús.

Fág freagra ar 'Tuigeann na hÚcránaigh nach fiú tada socrú atá ag brath go hiomlán ar fhocal na Rúise'