Tuigeann muintir na Gearmáine an scrios a dhéanann teorainn ar phobal ach…

Bhí na Gearmánaigh a labhair lenár gcolúnaí agus í ar cuairt ar an tír sin le déanaí báúil le cás na hÉireann, ach níorbh fhiú mórán an bhá sin i gcás Breatimeacht gan mhargadh

Tuigeann muintir na Gearmáine an scrios a dhéanann teorainn ar phobal ach…

Tá Theresa May fós ag obair léi ar theacht ar shocrú faoin mBreatimeacht. Tá sí ar thóir comhaontaithe lena comhghleacaithe in Westminster. Tá sí ag triall arís ar an mBruiséil ag iarraidh ar na húdaráis ansin tuilleadh a ghéilleadh in iarracht polaiteoirí áirithe sa mBreatain a shásamh. Ní cosúil go bhfuil mórán fonn ar lucht mórchumhachta an Aontais a leithéid a dhéanamh. Idir an dá linn, tá faitíos ár gcroí orainne sa tír seo go ngéillfidh ár gcomhghleacaithe san Aontas. Go n-éireoidh siad bréan den tsíorchaint seo ar theorainn na hÉireann.

An teorainn chéanna nárbh ann di ariamh, dar le ceannaire an DUP, Arlene Foster? Nó an é nár bhreathnaigh sí ina treo riamh mar go raibh sí féin agus aontachtóirí eile ag iarraidh neamhaird a dhéanamh den cheangal leis an gcuid eile den oileán? Cibé scéal é is deacair a shamhlú go ndéarfadh éinne nach raibh bacanna teorann ann, bóithre dúnta agus fórsaí armtha ar garda.

Bhí mé ag filleadh ó thuras ar an nGearmáin nuair a chuala mé faoin gcaint seo ag ceannaire an DUP. Sin tír a thuigeann críochdheighilt ach atá aontaithe in athuair. Cheistigh mé aon duine a casadh liom faoin mBreatimeacht agus dearcadh phobal na Gearmáine. Ní bhaineann sé linn dáiríre an freagra is mó a fuair mé. Ní bhaineann sé linne, cé is moite de chás na hÉireann, a dúirt daoine áirithe liom. ‘Tuigeann muidne, anseo sa nGearmáin, an dochar a dhéanann teorainn agus críochdheighilt,’ a dúirt na daoine sin. ‘Níor mhair an teorainn s’againne ach beagán faoi bhun leathchéad bliain ach d’fhulaing muid go leor agus níl an dochar a rinneadh curtha ina cheart fós.’

Maraíodh 150 duine agus iad i mbun iarrachtaí éalú ó Oirthear na Gearmáine go dtí an t-iarthar idir 1961 agus 1989, na blianta a raibh Balla Bheirlín ina shiombail dhomhanda ar leatrom agus forlámhas na Sóivéadach in oirthear na Gearmáine.

Sa tír seo áirítear gur maraíodh trí mhíle go leith duine le linn na dtrioblóidí idir 1969 agus 1998 nuair a rinneadh Comhaontú Aoine an Chéasta. Ar ndóigh tá an teorainn oifigiúil ann i gcónaí agus í i bhfeidhm ó 1921.

Is faide balla mór Bheirlín leagtha ná mar a bhí sé ina sheasamh. Tá deich mbliana fichead ann i mbliana ó leagadh é. Faraor, tá go leor de na deacrachtaí a chruthaigh deighilt na Gearmáine fós le réiteach. Tá oirthear na tíre níos boichte. Tá bearnaí san infreastruchtúr fós.  Bíonn leisce orthu siúd a fhágann an tOirthear le hoideachas a fháil san Iarthar filleadh ar an mbaile. Ainneoin an tír a bheith athaontaithe ó 1990 bíonn téarmaíocht na críochdheighilte fós le cloisteáil.

Teastaíonn ó na Gearmánaigh – an dream ar labhair mé leo – tacú le hiarrachtaí na nÉireannach lena chinntiú go mbeidh an teorainn chomh dofheicthe agus is féidir. Tuigeann siad an scrios a dhéanann teorainn ar phobal tíre.

Ní shin le rá nach mbeidh siad chomh diongbháilte le dream ar bith eile más gá teorainn a chur i bhfeidhm in athuair sa gcás go n-imíonn an Bhreatain ón Aontas agus gan aon socrú déanta acu. Bíodh tuiscint agat do chás na hÉireann nó ná bíodh, tá rialacha le leanacht agus cuirfear i bhfeidhm iad. Níl againn ach éisteacht le cur agus cúiteamh na seachtaine seo faoi chás na teorann lena thuiscint chomh pointeáilte agus a bheidh lucht  maorlathais an Aontais maidir le cur  i bhfeidhm rialacha an mhargaidh aonair sa gcás agus go socraíonn an Bhreatain imeacht as an Aontas gan margadh a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Tuigeann muintir na Gearmáine an scrios a dhéanann teorainn ar phobal ach…'