Tugtar reachtaíocht isteach do chearta phobal na Gaeilge – tuarascáil nua ó Chomhairle na hEorpa

Deirtear i dtuarascáil nua de chuid Chomhairle na hEorpa gur chóir reachtaíocht teanga a thabhairt isteach sa Tuaisceart agus maoiniú breise a chur ar fáil do chláir teilifíse Ghaeilge

Tugtar reachtaíocht isteach do chearta phobal na Gaeilge – tuarascáil nua ó Chomhairle na hEorpa

Iarrtar i dtuarascáil nua de chuid Chomhairle na hEorpa go dtabharfaí reachtaíocht isteach chun cosaint a thabhairt do chearta phobal na Gaeilge sa Tuaisceart.

Iarrtar chomh maith sa tuarascáil ó Choiste na nAirí Chomhairle na hEorpa go ndéanfadh an BBC tuilleadh infheistíochta i gcláir Ghaeilge agus go ndéanfaí forbairt ar an ngaeloideachas ó thuaidh.

Tá rúin éagsúla leagtha amach ag Comhairle na hEorpa sa tuarascáil is déanaí uathu faoi fheidhmiú an Chreat-Choinbhinsiúin um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh a chosaint.

Deirtear sa tuarascáil gur chóir “an reachtaíocht chuí” a thabhairt isteach chun an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn agus chun a chinntiú go ndéanfar dul chun cinn maidir le cearta teanga na gcainteoirí Gaeilge.

“Ba chóir do Rialtas na Ríochta Aontaithe dul i mbun comhrá chun a chinntiú go gcruthófaí an toil pholaitiúil atá riachtanach chun go mbeadh glacadh lena leithéid de reachtaíocht,” a deirtear sa tuarascáil de chuid Chomhairle na hEorpa.

Deirtear chomh maith gur chóir d’fheidhmeannas Stormont iarracht a dhéanamh an ‘dea-chaidreamh’ a bhunú, de réir an dualgais a leagadh air in Acht Thuaisceart Éireann 1998, agus sin a dhéanamh ar bhealach nach gcuirfeadh isteach ar mhionlaigh náisiúnta nó eitneacha.

Moltar go ndéanfaí “gníomh láidir” chun a chinntiú go dtabharfaidh an leasú ar Chairt an BBC bheith istigh níos fearr do mhionlaigh éagsúla agus go gcuirfear maoiniú níos mó ar fáil chun cláir a dhéanamh do mhionlaigh, go háirithe pobal na Gaeilge.

Deirtear chomh maith sa tuarascáil Eorpach gur chóir teacht ar réitigh “phraiticiúla” agus “sholúbtha” chun freastal ar an éileamh i measc mionlaigh ar chomharthaíocht dhátheangach.

Tuairiscíodh níos túisce an mhí seo nach ndearna Rialtas na Breataine tagairt ar bith don Ghaeilge i dtuarascáil faoi mhionteangacha atá curtha faoi bhráid Chomhairle na hEorpa ag Rialtas na Breataine.

Tá dualgas ar Rialtas na Breataine faoi Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh eolas a chur ar fáil don Chomhairle gach ceithre bliana faoi chosaint mionteangacha ach ní luaitear sa tuarascáil is déanaí ach Gaeilge na hAlban, an Bhreatnais, an Mhanainnis agus an Choirnis.

Fág freagra ar 'Tugtar reachtaíocht isteach do chearta phobal na Gaeilge – tuarascáil nua ó Chomhairle na hEorpa'