Tugann Steven Spielberg an lucht féachana ar ais chuig Nua-Eabhrac na Jets agus na Sharks

Ceol agus amhráin a chuirfidh na ladhracha ag damhsa, míreanna damhsa dea-chóirithe agus seanscéal grá tragóideach a thugann siar go ré eile sinn – tá West Side Story chugainn arís

Tugann Steven Spielberg an lucht féachana ar ais chuig Nua-Eabhrac na Jets agus na Sharks
West Side Story
Stiúrthóir: Steven Spielberg
Cliar: Ansel Elgort, Rachel Zegler, Arian DeBose, David Alvarez, Mike Faist, Corey Stoll, Josh Andrés Rivera

Léiríodh an ceoldráma West Side Story ar stáitse den chéad uair i 1957 agus chuaigh saothar Leonard Bernstein, Stephen Sondheim agus Arthur Laurents go mór i bhfeidhm ar an bpobal. Tá an-éileamh ar an gceoldráma riamh ó shin agus is mó sin athbheochan a deineadh air i gcaitheamh na mblianta. Tá an saothar neadaithe sa chultúr coiteann. Deineadh leagan scáileáin den cheoldráma i 1962 agus bhí rath thar na bearta air sin chomh maith; d’éirigh leis 10 ngradam Oscar a chrochadh leis. Bhí a sháith le déanamh ag aon duine a thabharfadh faoi leagan nua, mar sin, ach má tá éinne in ann aige sé Steven Spielberg é. Éiríonn leis a chúram a dhéanamh go paiteanta.

Is leagan nua atá anseo seachas léamh nua. Ní fhéadfaí, gan amhras, dul ag útamáil leis an scéal, na carachtair agus an ceol/na hamhráin a bhfuil seanaithne ag an lucht féachana orthu. Ní bheadh ansan ach cor coise a bhaint asat féin. Le seoid ar leith den saghas seo caithfear bheith dílis agus ligint do ghlúin nua aisteoirí, amhránaithe, ceoltóirí, amhránaithe, cóiréagrafaithe agus damhsóirí anam as an nua a chur i seanscéal.

 

Tugtar ar ais sinn go Nua-Eabhrac na gcaogaidí agus na Sharks is na Jets i bpíobáin a chéile. An Upper West Side i reachtaibh mórathruithe agus meallta raiceála ag déanamh smidiríní de sheanfhoirgnimh agus an seansaol ag imeacht leis sa smúit agus sa smionagar. Buíon sráide den chine geal iad na Jets: ‘the last of the can’t-make-it-Caucasians’ faoi mar a thugann Lieutenant Schrank orthu go seanbhlastúil, maslach. Tá an choimhlint idir iad agus na Sharks, buíon de bhunadh Phórtó Ríce, mar chreatlach leis an scéal.

Inimircigh nua ag guailleáil isteach i bpaiste na n-inimirceach a tháinig rompu. I radharc amháin cítear na Jets ag sracadh anuas fógra siopa Spáinnise agus ag nochtadh an fhógra do theach tábhairne Éireannach atá faoi. An bochtanas, an uaillmhian, an t-éadóchas, an grá agus an fuath fite fuaite ina chéile faoi scáth na bhfoirgneamh mór agus na línte éadaigh atá crochta eatarthu. Nua-Eabhrac dathannach, a bhfuil smut den chliché ag baint leis, curtha ina steillbheatha os ár gcomhair. Súp á bhaint againn chomh maith as na héadaí, na stíleanna gruaige agus na carúil chainte.

Ceol agus amhráin a chuirfidh na ladhracha ag damhsa mar aon le míreanna damhsa fuinniúla, dea-chóirithe.  Ina lár istigh tá scéal grá tragóideach Tony (Elgort) agus Maria (Zelger). An drochrath céanna orthu is a bhí ar Romeo agus Juliet tráth.

Cé ná rabhas chomh tógtha sin ar fad le Ansel Elgort déanann sé a chúram agus tá taispeántais bhreátha ó Selger agus Alvares mar Bernardo. Mar charachtar agus mar aisteoir is í Anita/Ariana DeBose is mó a chuaigh i bhfeidhm orm. Í uaillmhianach, stuama, lasánta, geanúil. Ba í Rita Moreno a bhí sa ról i scannán na seascaidí agus tá ról mór go maith aici anseo mar bhaintreach Doc.

Saothar spleodrach, taibhseach a chuireann anam in athuair sa seanscéal cáiliúil seo.

Fág freagra ar 'Tugann Steven Spielberg an lucht féachana ar ais chuig Nua-Eabhrac na Jets agus na Sharks'