Tugann iris Iorras Aithneach ardú croí do na daoine

Is é ár nguí go mbeidh Iris Iorras Aithneach ann i gcónaí chun saol an phobail seo a spreagadh agus a léiriú

Tugann iris Iorras Aithneach ardú croí do na daoine

Ba mhór an sólás do leathpharóiste Charna agus do leathpharóiste Chill Chiaráin gur tháinig iris Iorras Aithneach amach aríst an Nollaig seo. Iris í a thugann ardú croí do na daoine.

Tríocha bliain ó shin a tháinig an chéad eagrán amach. Murach duine amháin ní bheadh sí  ann ó shin.

Sin é Máirtín Ó Catháin, údar agus iriseoir leis an suíomh seo. Is iontach go deo an t-éacht oibre atá déanta aige agus í a choinneáil ag imeacht chomh fada sin.

Iris phobail sa gciall is leithne den téarma sin atá inti. Déantar freastal ar óg agus ar aosta inti.

Ba é an sagart paróiste, an Canónach Pádraig Standún, an duine is sine a scríobh píosa i mbliana agus tá scéal inti ag Ríona Ní Chonaire a bhuaigh duais di le gairid. Níl Ríona ach aon bhliain déag d’aois fós.

Bíonn na pictiúir a bhíonn san iris thar barr. Ní fhágtar cúinne ar bith den pharóiste gan ábhar a mhealladh as.

Tugtar corrsciuird thar lear freisin. Is breá go deo an cuntas atá ag Jimmy Mac an Rí in eagrán na bliana seo.

Cuntas glan ionraic  gan buaileam sciath ná gaisce atá tugtha aige ar na hiarrachtaí a rinne sé ar phost a fháil in  Éirinn sula ndeachaigh sé ar imirce go Bostún.

I mBostún a rugadh é  go deimhin ach tháinig  sé féin agus a mhuintir abhaile don Aird Thoir agus chuaigh sé ag an mbunscoil san Aird.

Ní raibh aon Ghaeilge aige ag teacht anall dhó ach ní raibh  sé i bhfad á foghlaim. Is deas nádúrtha an Ghaeilge atá aige san alt seo. Is é an trua nach scríobhfadh   sé tuilleadh faoin saol abhus agus thall.

Tá alt breá Béarla san iris ag Tomás Ó Clochartaigh as an Aird Mhóir.  Mac é le Tomás Sheáin Bheairtlín agus deartháir leis an iarSheanadóir  Trevor Ó Clochartaigh.

Cur síos atá aigesean ar a theacht as Sasana don Aird Mhóir.

Fear eile a rugadh i mBostún is ea Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh. Thug seisean a thuairimí faoi chúrsaí forbartha in Iorras Aithneach.

Bheifeá ag súil le béarlagair áirithe i bpíosa scríbhneoireachta a dhéanfadh ardoifigeach as Údarás na Gaeltachta. Is minic  duine mar é ag cur síos ar fhéidearthachtaí éagsúla ar leibhéil éagsúla sa todhchaí agus mar sin de.

Sheachain Mícheál Ó hÉanaigh leaganacha den tsórt sin. Tá nádúr mór aige le hIorras Aithneach, ceantar a athar. Is léir gur theastaigh uaidh a chuid tuairimí a chur síos go soiléir nádúrtha.

Ní tréimhse rófhada tríocha bliain ach meabhraítear in Iris Iorras Aithneach gur bhásaigh 700 duine sa bparóiste in imeacht na mblianta ó 1990.

Meabhraítear freisin go raibh 330 dalta i scoileanna náisiúnta an pharóiste tríocha bliain ó shin agus nach bhfuil iontu anois ach 153 dalta.   

Ábhar spraoi, spóirt agus caitheamh aimsire is mó atá in Iris Iorras Aithneach ach is rosc catha í freisin ar a bhfuil i ndán don pharóiste.

Tá roinnt comharthaí dóchais ann faoi láthair. Is iontach an difríocht a dhéanfadh an fhorbairt atá beartaithe ar Pháirc na Mara i gCill Chiaráin dá n-éireodh leis an Údarás cead pleanála a fháil.

An dream atá in aghaidh na forbartha sin is mór an peaca atá siad a dhéanamh.

Tá Arramara le tuilleadh airgid a fheistiú i dtionscal na feamainne.

Tá Gteic i Roisín na Mainiach ag obair go maith agus tuilleadh daoine ag smaoineamh ar a dhul ag obair nó ag staidéar as baile ann.

Tá seanmhonarcha á cóiriú i Roisín na Mainiach agus leathnú le cur ar Ionad na nImirceach.

Forbairtí nua-aimseartha atá i gceist leo seo ar fad, forbairtí a d’fheilfeadh do dhaoine óga a bhfuil oideachas breá á chur orthu.

Is é ár nguí go mbeidh Iris Iorras Aithneach ag teacht amach ar feadh tríocha bliain eile, agus i bhfad ina dhiaidh,  leis an saol nua-aimseartha atá i ndán don phobal seo a spreagadh agus a léiriú.

Fág freagra ar 'Tugann iris Iorras Aithneach ardú croí do na daoine'