‘Tugann daoine óga na hÉireann dóchas dom gach lá’ – Evanne Ní Chuilinn

Caitheann an craoltóir spóirt de chuid RTÉ Evanne Ní Chuilinn súil chun cinn ar 2020

‘Tugann daoine óga na hÉireann dóchas dom gach lá’ – Evanne Ní Chuilinn

1.An bhfuil aon rún agat don bhliain 2020?

Táim chun treániarracht a dhéanamh níos lú ama a chaitheamh ar m’fhón póca, agus níos mó ama a chaitheamh ag léamh leabhar.  Tá sé i bhfad ró-fhurasta uair an chloig a chailliúint ag scróláil – agus tá fhois againn go léir gur cur amú ama ceart atá ann!

2.Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2020?

Bhí bliain an-ghnóthach agam in 2019, agus cé go bhfuilim buíoch as an bpost atá agam – post a thaitníonn go mór liom – táim ag súil le níos mó ama a chaitheamh sa bhaile le mo chlann óg in 2020.  Níor thaistil mé go dtí Cill Chainnigh sách minic in 2019 ach oiread, agus ba mhaith liom leigheas a chur air sin in 2020 freisin!

3.Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2020?

Tuilleadh cainte ar an mBreatimeacht!

4.Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2020?

Táim ag súil go mór leis na cluichí Oilimpeacha in 2020 – beidh foireann breá láidir ag Éirinn ann, agus beimid ag súil go mór le roinnt bonn a bhuachan.  Beidh mé ag taisteal go Tokyo le RTÉ – áit nár rabhas riamh cheana – chun na réalta spóirt ar fad a chuir faoi agallamh.  ’Siad na cluichí Oilimpeacha an ócáid spóirt idirnáisiúnta is fearr liom.

5.Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2020?

Tugann daoine óga agus mo pháistí féin dóchas dom gach lá maidir le todhchaí na hÉireann.  Feicim go bhfuil an ghlúin óg sa tír seo cneasta, éirimiúil, agus eolasach.  Mol an óige agus tiocfaidh sí.

6.Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2020, céard a d’athrófá?

Tá an-chuid dul chun chinn déanta againn mar shochaí ó thaobh meabhairshláinte agus tuiscint ghinearálta ar conas aire a thabhairt do dhaoine eile.  Fós féin, d’fhéadfaimis bheith níos tuisceanaí lena chéile – agus táimse féin ciontach freisin, dar ndóigh! Ba bhreá liom dá dtaispeánfadh muid níos mó foighne, tuisceana agus cneastachta dá chéile.

Fág freagra ar '‘Tugann daoine óga na hÉireann dóchas dom gach lá’ – Evanne Ní Chuilinn'