An-chleas pleananna, seifteanna agus shtunteanna iad na Gaeil. Is mó iarracht a bhíonn acu d’fhonn iad féin, agus a dteanga a chur chun cinn agus a chur i lár an aonaigh. Iarrachtaí fiúntacha a bhíonn ina lán acu, ach ní i gcónaí a thagann siad chun foirfeachta –faraor níor éirigh, le Ravelóid, a bhí chun féasta ceoil Gaelainne a chur ar bun sa phríomhchathair, ach nár éirigh leo ar chúis amháin nó ar chúis eile.
Is é an Pop-Up Gaeltacht an plean is fearr a cheap Gaeil le ana-thamall. Smaoineamh ana-shimplí é seo; Gael, ag ól. Samhlaigh ciorcal comhrá ollmhór, óg, ólta, uirbeach. Caint, craic agus cuileachta.
Ní dóigh liom go ndéarfadh bunaitheoirí na Pop-Uipe (fáilte romhaibh? !) gur iarracht shollúnta é seo ar an teanga a shábháil, ach iarracht a thabhairt le fios don saol mór go bhfuilid ann, na Gaeil uirbeacha, daoine a mbíonn an teanga á labhairt go nádúrtha, go laethúil acu, díreach fé mar a bhíonn Béarla á labhairt ag daoine eile ina dtimpeall.
Cé nach rabhas féin ag aon ceann acu fós, is cosúil, más fíor an méid a bhíonn le feiscint ar na meáin shóisialta, go bhfuil ag éirí go rímhaith leo. Tá sé i gceist agam freastal ar cheann acu lá breá éigin; níl uaim ach féasóg go himleacán agus stíl ghruaige shuaithinseach a fhás agus bead ar aon dul leis na hipstéirí a bhíonn ag an bPop-Up. Níor cheart go dtógfadh sé ach cúpla bliain orm…
Ritheann dhá bhriathar liom agus sinn ag trácht ar an bPop-Up Gaeltacht; Normalú agus Geiteoú. Feictear dom gur ana-shlí é seo chun normalú a dhéanamh ar an teanga – í a tharrac amach as na seanbhoscaí ina bhfuil sí i súilibh an mhórphobail Bhéarla sa tír seo, breith an chluais uirthi agus í a chur i lár an aonaigh. Sin fadhb leanúnach atá ag ár dteanga-ne leis na cianta; í teanntaithe istigh sa gheiteo Gaelach, ansan thall, gan aon bhaint aici le himpireacht chultúrtha an Bhéarla. Haven’t they the Gaeltacht to be speaking d’Irish in? And their own radio and television? Nach diail an choráiste atá aici mar theanga a bheith le cloistint i ndomhan an tsacs-bhéarla?
Bíonn an teanga de shíor sa chúinne, sna ceantair chéanna, sna hionaid chéanna, ar na stáisiúin chéanna. Tógtar ana-cheann di nuair a éalaíonn sí tamall as an mbosca.
Cruthaíonn a leithéid seo d’ócáid pobail teangan, rud atá ana-thábhachtach go háirithe i sochaí ina bhfuil teanga amháin chomh láidir i gcodarsnacht leis na cinn eile. Tuigim-se é sin go rímhaith mar fhear Gaeltachta; mura bhfuil pobal agat, níl teanga agat, agus mura bhfuil deiseanna ag na pobail úd teacht le chéile, níl teanga phobail agat.
Cuireann sé seo scéal i gcuimhne dhom a d’inis fear ón mbaile seo againne dom tamall maith de bhlianta ó shin. Bhí sé féin agus Árannach istigh i dtigh Taafe sa Ghaillimh tráthnóna, agus cad eile a bheadh fé chaibidil ag beirt fhear óg ach cúrsaí leathair.
Bhíodar go domhain sa chomhrá, iad imithe thar cailc ar fad i dtaobh gáirsiúlachta de, as Gaelainn gan dabht. Sara i bhfad tháinig bean tonnaosta chucu aníos, tocht ina scornach agus í oiriúnach le cromadh ar ghol. ‘I’m sorry to bother ye,’ arsa í sin, ‘but I just wanted to tell ye that ye are a credit to ye’re country, speaking that fine Irish, keeping it alive. God Bless the two of ye’. Sheas sí dhá phiúnt dóibh. Cheap sí sin, is dócha, gur ag duanaireacht nó ag plé Laoi Oisín ar Thír na nÓg a bhíodar, toisc an teanga a bhí á labhairt acu.
Ní gnáthrud é don mbean úd an teanga a chloistint in aon chomhthéacs seachas sa seomra ranga. Sin an saghas tuisceana agus meoin a chuirfear de dhroim seoil ar deireadh, a bhuíochas do leithéidí an Phop-Up.
Agus, rud atá níos tábhachtaí ná aon mhian uaillmhianach sochtheangeolaíoch, tá súil agam go mbeidh baby-boom breá Gaelach againn de bharr na bPop-Up Gaeltachtaí.
Manus
Teastaíonn tuilleadh i nGaillimh go háirithe toisc gur minicí i bhfad a chloisfeá Pólainnais, Spáinnis srl sa gcathair.
Séamus O'Coscair
Teastaíonn Pop Up isteach sna Gaeltachta. Is breá le daoine ón Mhórthir nó ón iasacht an Gaeilge a chloisint ach níl sé ro-éasca.
Fearn
Pop-UP? Bhal, is fearr é ná Pop-off, is dócha.
An bhfuil deis reabhlóide a mhéine aimsithe ag an Éireannach? Ragairne ar son na “cúise”? Dúirt saoithín uair nach rachadh teilifísiú ar an reabhlóid, ach, na laetha seo, beidh an reabhlóid giolctha, nó, go fóire Dia orainn, atvuítáilte, faoi compal an tigh tabhairne.
Pop-up? Cad mar gheall ar Start-up le Gaeilge, nó an cath teanga a shá suas na gcumhachtach a níonn a lámha den Ghaeilge?
An Fathach Fíochmhar
Ag ragairne, ag béicíl, ag insint raiméise, an gleo agus an t-easordú. Ní dhéanfainn as Béarla é. Cén fáth go ndéanfainn as Gaeilge é?
Osgur Ó Ciardha
@Fearn Tá lán-cheart agat. Is ragairne ar son na ragairne atá i gceist. Eascraíonn neart ceisteanna uaithi.
@AnFathachFíochmhar Tá iliomad daoine á múnlú ar bhealaí éagsúla. Sa chlós spraoi, ar an gcoláiste, bricfeastaí srl.
Seoasmh O Ciardha
An choincheap-an shimpli-togtar an teanga in rang scoile an rang chumarsaide an ait is dual di-beatha teanga- beocht teanga I a labhairt-is linne I-is feidir linn I a labhairt!