‘Tugaimis an duais is fearr don chine daonna – domhan ar féidir linn maireachtáil ann’ – Micheál Martin

Thug an Taoiseach Micheál Martin a aitheasc tráthnóna ag COP26 i nGlaschú, mar a bhfuil ceannairí ó gach cearn den domhan ag plé na géarchéime maidir leis an athrú aeráide

‘Tugaimis an duais is fearr don chine daonna – domhan ar féidir linn maireachtáil ann’ – Micheál Martin

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin ag comhdháil COP26 nach raibh sé ródhéanach dul i ngleic leis an athrú aeráide agus go ndéanfadh Éire a cuid chun an domhan a thabhairt slán.

“Ach gníomh deimhneach a dhéanamh anois, tabharfaimid an duais is fearr gur féidir linn don chine daonna – domhan ar féidir linn maireachtáil ann.

“Creidimid sa chumas iontach atá i ndaoine oibriú le chéile chun gaiscí móra a dhéanamh.

“Is féidir linn domhan níos fuaire a bheith againn.  Domhan ina bhfuil an bhithéagsúlacht i réim. Domhan ina bhfuil aer níos úire againn. “Domhan ina bhfuil an ithir níos folláine chun rudaí a fhás. Domhan ina bhfuil daoine in ann saol atá níos inbhuanaithe a bheith acu; ag fágáil le hoidhreacht ag na glúnta atá romhainn pláinéad atá ag téarnamh, pláinéad atá níos saibhre,” arsa an Taoiseach Micheál Martin.

Dúirt sé go raibh a lorg fágtha cheana ag an athrú aeráide ar an saol agus nach bhféadfaí sin a shéanadh.

“Is ann don athrú aeráide – tá a thromchúisí is atá sé feicthe cheana againn. Dheimhnigh tuarascáil an IPCC dúinn mí Lúnasa go bhfuil sé forleathan, go bhfuil dlús faoi agus go bhfuil sé ag dul in olcas.

“Ní fhacamar athrú chomh mór leis cheana, ach, faoi mar a dúradh go soiléir sa tuarascáil, ní sé ródhéanach.

“Ach gníomh a dhéanamh is féidir leis an duine cúrsa na haeráide agus a bhfuil i ndán dár bpláinéad a shocrú,” arsa an Taoiseach Micheál Martin.

Dúirt sé go raibh dualgas ar Éirinn agus ar thíortha eile atá go maith as níos mó a dhéanamh chun na fadhbanna a bhain leis an athrú aeráide a réiteach.

“Sinne sa domhan forbartha, sinne, bímis macánta faoi, is mó a chuir leis na fadhbanna atá romhainn go léir, tá dualgas orainn tacú leo siúd is mó a bhfuil dúshláin rompu. Glacann Éire leis an dualgas sin.”

Dúirt an Taoiseach go mbeadh €225 milliún sa bhliain á chur ar fáil ag an stát seo faoi 2025 don chiste $100 billiún atá beartaithe chun tacú leis na tíortha is lú atá in acmhainn dul i ngleic leis an athrú aeráide.

Dúirt sé go mbeadh Éire neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050 agus go gcabhródh sí le tíortha eile an Aontais Eorpaigh lena chinntiú go mbeadh an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn a bheadh neodrach ó thaobh carbóin de.

Dúirt sé gur léirigh tuarascáil an Phainéil Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go gcuireann gach tonna carbóin leis an téamh domhanda.

“Gach soicind moille dá ndéantar is mó an dúshlán atá romhainn.

“Fágaimis Glaschú agus é athdhearbhaithe againn go bhfuilimid meáite ar an rud a thuigimid a chaithfimid a dhéanamh a dhéanamh. Bogaimis ar aghaidh le chéile anois,” arsa an Taoiseach ina aitheasc ag an gcomhdháil COP26 i nGlaschú.

 

Fág freagra ar '‘Tugaimis an duais is fearr don chine daonna – domhan ar féidir linn maireachtáil ann’ – Micheál Martin'

  • An Teanga Bheo

    Beart dé réir ár mbriathar ach.. cá bhfuil brat na hÉireann

  • Gearóid

    Fuacht ag teastáil uainn! Deacair a chreidiúint a oiread sin seafóide! Ag féachaint siar ar stair agus éabhlóid an chine daonna ba i dtréimhsí níos teo a bhí daoine agus sibhialtacht faoi bhláth.
    An Tréimhse The Mheánaoiseach idir 900-1300 AD nuair a tógadh ardeaglaisí na hEorpa agus d’aistrigh na Lochlannaigh go dtí an Ghraonlainn, an Tréimhse Rómhánnach idir 300 BC – 400AD agus an Sealad Holocéineach 10,000-6.000 ó shin nuair a tháinig an cine daonna slán amach as an oighearaois. Maraíonn an fuacht i bhad níos mó daoine ná an teas.
    Idir an bhliain 1920 agus 1918 bhí titim suntasach 98.9% i mbáis ceangailte leis an aeráid, de réir an Bhunachar Sonrai Idirnáisiúnta.
    Ta cleas millteanach mór á imirt ar an chine daonna!