‘Tugaimis aitheantas d’iarracht Joe McHugh’

Iar-Mhéara Chill Chainnigh, Seán Ó hArgáin, fear a raibh baint aige le múineadh na Gaeilge do bheirt Iar-Uachtarán ag iarraidh go dtabharfaí 'a cheart' do Joe McHugh

‘Tugaimis aitheantas d’iarracht Joe McHugh’

Joe McHugh screen shot


 

Éist le hagallamh an Aire Stáit Joe McHugh le Gormfhlaith Ní Thuairisg ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta


 

Tá sé thar am aitheantas a thabhairt do Joe McHugh as an iarracht atá déanta aige Gaeilge a fhoghlaim, dar le hIar-Mhéara Chill Chainnigh, Seán Ó hArgáin, fear a raibh baint aige le múineadh na Gaeilge do bheirt Iar-Uachtarán.

“Tá sé in am do lucht a cháinte éirí as an spochadh agus deis a thabhairt dó,” a dúirt Seán Ó hArgáin le Tuairisc.ie.

Nuair a chuala Ó hArgáin, a bhíonn gníomhach ar na meáin shóisialta, an tAire Stáit faoi agallamh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin Dé Máirt, bhí sé chomh tógtha sin le Gaeilge an Aire gur sheol sé tvuít ag tacú leis agus ag tabhairt dúshláin lucht a cháinte.

Screen Shot 2014-11-13 at 19.45.45

“Níor chas mé leis riamh, ní thacaím lena pholaitíocht agus bhí mé an-chrosta nuair a ceapadh é ina Aire, ach caithfidh mé a rá go gceapaim go bhfuil an-iarracht déanta aige.

“Bím ag caint faoi chúrsaí Gaeilge go minic ar Twitter agus bíonn mo leantóirí an-cháinteach faoi sheasamh an rialtais faoin nGaeilge, ach anois ó chuir mé giolc amach á mholadh – tá siad ina dtost,” a dúirt an tIar-Chomhairleoir arb as Uíbh Ráthach ó dhúchas é.

Píosa cainte ó Thoraigh a rinne Joe McHugh ar an gclár Adhmhaidin a spreag Ó hArgáin, chun labhairt amach faoi Ghaeilge an Aire.

San agallamh rinne an tAire Stáit cur síos ar a thuras go dtí an oileán, ar an obair atá ar siúl ag an gcomharchumann ann agus ar cheist an heilieapaid ar Thóraigh.

Bhí Seán Ó hArgáin bainteach le múineadh na Gaeilge do bheirt Iar-Uachtarán, Máire Mhic Róibín agus Máire Mhic Giolla Íosa, agus deir sé go bhfuil sé “mífhéaráilte” nach bhfuil an moladh céanna á fháil ag McHugh is a fuair an bheirt sin.

Nuair a ceapadh ina Aire Stáit é, chaith Joe McHugh tréimhse i nGaeltacht Thír Chonaill i gcaitheamh an tsamhraidh agus é ag iarraidh feabhas a chur ar a chuid Gaeilge.

Thug an tAire Stáit cuireadh don phobal dul ar ‘aistear foghlama’ leis.

Faoi stiúr Liam Uí Chuinneagáin, Oideas Gael, a bhí an tAire ag foghlaim i rith an tsamhraidh.

Chuir na meáin spéis mhór i gceapachán an Aire mar nach raibh líofacht sa Ghaeilge aig, ach fad is a bhaineann sé le stiúrthóir Oideas Gael is neamhscéal anois é.

“Tá an scéal seo thart i ndáiríre, bhí bunús aige agus tógadh air sin agus beidh sé ag feabhsú leis.

“Dá mhéid daoine a labhraíonn sé leis agus a éisteann sé leo is ea is fearr a bheas sé. Beidh sé ina eiseamlár,” a deir Liam Ó Cuinneagáin le Tuairisc.ie.

Bhí Stiúrthóir Oideas Gael dóchasach go mbeadh pobal na Gaeilge foighneach agus go dtabharfaidís deis don Aire agus tá sé sásta gurb amhlaidh atá.

“De réir a chéile a thógtar na caisleáin; tá sé ag déanamh a dhíchill agus tuigeann sé nach bhfuil sé foirfe ach sin mar atá.

“Sílim go raibh pobal na Gaeilge cothrom leis. An rud atáthar a rá liom ‘a fhad is a dhéanann sé an jab go maith, beidh muid iontach sásta leis.”