‘Tugadh Richard Bruton aitheantas do chearta an chainteora dúchais Gaeilge i reachtaíocht nua’ – Tuarascáil Oireachtais

Cheadódh reachtaíocht nua don Aire Oideachais cosc a chur ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí bunaithe ar a gcumas teanga

‘Tugadh Richard Bruton aitheantas do chearta an chainteora dúchais Gaeilge i reachtaíocht nua’ – Tuarascáil Oireachtais

Moltar i dtuarascáil nua atá foilsithe ag Coiste Oideachais agus Scileanna an Oireachtais go dtabharfadh an tAire Richard Bruton “aitheantas cuí” do chearta an chainteora dúchais Gaeilge sa Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 agus nach gcuirfeadh an reachtaíocht isteach ar cheart an pháiste atá á thógáil le Gaeilge chun oideachas lán-Ghaeilge.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, bheadh impleachtaí tromchúiseacha ag reachtaíocht nua oideachais do pholasaithe teanga scoileanna a chuireann oideachas lán-Ghaeilge ar fáil.

Baineann an reachtaíocht nua le scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu, mar a tharlaíonn níos minice i gcás Gaelscoileanna ná scoileanna eile.

Cé nach bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge ná an Ghaeilge féin luaite go sonrach sa reachtaíocht nua, tá lucht an ghaeloideachais buartha faoi dhá fhoráil de chuid an Bhille go háirithe.

Faoi alt 64 den Bhille bheadh ar an Aire Oideachais agus Scileanna rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna a mbeadh ró-éileamh orthu diúltú do dhalta bunaithe ar ‘academic ability, skills or aptitude’.

Chuirfeadh rialachán dá leithéid cosc ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí bunaithe ar a gcumas teanga.

Deirtear sa Tuarascáil ar an ngrinnscrúdú ar an Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 atá  díreach foilsithe ag Tithe an Oireachtais, áfach, nár chóir don Bhille nua “cur isteach” ar chearta an chainteora dúchais oideachas trí Ghaeilge a fháil

“Access to Irish speaking schools – It is recommended that due regard be given to the right of native Irish speakers to receive their education through the medium of Irish and that the Bill must not interfere with this right,” a deirtear i dtuarascáil An Chomhchoiste um Oideachais agus Scileanna.

Moltar sa tuarascáil go bhfoilseofaí “láithreach” na dréachtrialacháin a bhaineann leis an mBille, ina measc an rialachán a cheadódh don Aire Oideachais cosc a chur ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí bunaithe ar a gcumas teanga.

Ba chóir go mbeadh deis ag baill an choiste Oideachais na dréachtrialacháin sin a scagadh sula mbaineann an Bille céim an Choiste amach i dTithe an Oireachtais, a deirtear.

“The Committee hopes that the observations raised within this report will be taken on board by the Minister for Education and Skills when the Bill is finally scheduled for Committee stage and that this report can and will assist the Minister in the course of the Committees consideration of the Bill,” a deirtear sa tuarascáil.

I measc na moltaí sin, tá moltaí ó na heagraíochtaí Cearta Oideachais agus Gaeloideachas a chuir aighneachtaí faoi bhráid an Choiste Oireachtais.

Deir lucht Cearta Oideachais, mar shampla, go gcaithfear an Bille a leasú lena chinntiú go dtiocfadh an Ghaeilge agus múnla an tumoideachais slán.

De réir breithiúnais a tugadh san Ard-Chúirt anuraidh, bhí sé de cheart ag Scoil Lorcáin, Baile na Manach, diúltú do dhalta a mheas an scoil nár shásaigh a cumas sa Ghaeilge a polasaí iontrála.

Agus a bhreithiúnas sa chás sin á thabhairt aige, chuir an Breitheamh Gerard Hogan ar “neamhní” cinneadh na Roinne Oideachais go gcaithfeadh an scoil glacadh le páiste a mheas siad nach raibh dóthain Gaeilge aici.

Thug Scoil Lorcáin, Baile na Manach, ceann de na Gaelscoileanna is aitheanta sa tír, dúshlán na Roinne Oideachais maidir le ceart na scoile, de réir a bpolasaí iontrála, diúltú do dhalta.

Fág freagra ar '‘Tugadh Richard Bruton aitheantas do chearta an chainteora dúchais Gaeilge i reachtaíocht nua’ – Tuarascáil Oireachtais'

  • Mánus

    Tá eite láidir frithGhaeilge sa Roinn Oideachais le fada. Cuir ceist ar éinne a bhí ar choiste a bhunaigh Gaelscoil(nó go minic gur theip ar an iarracht). Gach saghas bac agus constaic á cur ag an Roinn Oideachas ós a gcomhair.