‘Tugadh geansaí shinsear na Ceathrún Rua dom is mé óg, ní raibh mé ag iarraidh é a thabhairt uaim sna sóisir’ 

Is iad Micheál Ó Briain agus Pádraig Jimmy Ó Loideáin na seanfhondúiri ar fhoireann na Ceathrún Rua atá ag fáil faoi réir do chluiche ceannais na hÉireann ach deir an bheirt go bhfuil siad ag foghlaim ón dream óg

‘Tugadh geansaí shinsear na Ceathrún Rua dom is mé óg, ní raibh mé ag iarraidh é a thabhairt uaim sna sóisir’ 

Níl aon fhear is faide atá ag seasamh an fhóid le foireann peile na Ceathrún Rua ná Micheál Ó Briain agus laethanta maithe agus drochlaethanta feicthe aige le 20 bliain anuas.

Is iomaí lá maith a bhí ag an mBrianach agus ag an gCeathrú Rua in 2024 agus iad anois ag fáil réidh do chluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Naomh Pádraig Uisce Chaoin ach ní hamhlaidh a bhí sa dá bhliain roimhe sin agus an fhoireann tite ó ghrád na sinsear go dtí grád na sóisear i nGaillimh.

Tar éis a bhfuil déanta aige don chumann, thuigfeadh go leor don Bhrianach, atá 37 bliain d’aois, dá mbeadh cinneadh déanta aige na bróga peile a chaitheamh uaidh nuair ba mheasa a bhí cúrsaí ach níor rith an smaoineamh leis. Ar feadh i bhfad ar aon nós.

“Má labhraíonn tú le daoine thart anseo, aon uair go mbím sa bpub bím ag rá go bhfuil mé chun é a chaitheamh san aer,” a deir Ó Briain agus é ag gáire.

“Coinníonn tú ag imeacht. An chaoi a bhfuil sé agamsa agus ag cúpla leaid eile, fuair muid geansaí na sinsear nuair a bhí muid an-óg agus bíonn tú ag iarraidh é a choinneáil ag imeacht agus é a choinneáil beo.

“Ní raibh mé ag iarraidh é a fhágáil thíos sna sóisir. Bhí tú ag iarraidh teacht ar ais go dtí Idirmheánach, ar a laghad, agus le cúnamh Dé, beidh muid in ann brú ar aghaidh an chéad bhliain eile agus feiceáil céard a tharlóidh.”

“Bíonn tú ag iarraidh an geansaí a thabhairt uait agus an cumann in áit níos fearr ná mar a fuair tú é, nó san áit chéanna ar a laghad, só ní raibh caint ar bith ar é a chaitheamh san aer.”

Is léir óna chuid cainte gur rud mór é don Bhrianach ionadaíocht a dhéanamh ar a cheantar agus rud éigin a thabhairt ar ais don phobal thiar. Is beag drochfhocal nó íde a chuala na himreoirí fiú nuair a bhí rudaí ag dul go dona agus tá Ó Briain anois ag iarraidh buíochas a ghabháil le muintir na Ceathrún Rua trí ghaisce a dhéanamh ar an bpáirc.

“Tá chuile dhuine sa gclub agus sa gceantar trí chéile tar éis a bheith an-bhródúil as a bhfuil déanta againn,” ar sé.

“Chaill muid cúpla cluiche sa tsraith [ag tús an tséasúir] ach bhí slua mór anseo [ar Pháirc an Chathánaigh] do chuile chluiche. Ó thosaigh an chraobh ansin, tá slua mór millteach ag dul chuig chuile chluiche.

“Nuair a bhí muid ag teacht abhaile ó chluiche ceannais an chontae in aghaidh Chill Fhir Iarainn, bhí tinte cnámha lasta chuile áit agus bhí gasúir amuigh ar an mbóthar ag fanacht leat agus bratach nó geansaí na Ceathrún Rua acu. Tá sé dochreidte. An lá cheana i Ros Comáin, bhí an lá préachta agus na bóithre go dona ach an slua a bhí ann as an gCeathrú Rua, bhí sé aisteach.

“Bhí tú in ann iad a chloisteáil, ‘Déan é seo, déan é siúd, agus nuair a bhí muid faoi bhrú beagán, bhí siad ár ngríosú agus ár spreagadh chun tuilleadh oibre agus tuilleadh oibre agus tuilleadh oibre a dhéanamh.”

Tá deartháir Mhichíl, Stiofán, ina chaptaen ar an bhfoireann  i mbliana agus beidh an bheirt taobh le chéile i lár na páirce nuair a chuirfear tús leis an gcluiche Dé Sathairn.

“Tá na Brianaigh ag imirt don Cheathrú Rua ar feadh na mblianta. Ag siúl amach ar Pháirc an Chrócaigh an chéad lá eile, mé féin agus Stiofán ag dul amach go lár páirce, beidh sé aisteach,” a deir sé.

“Tá moladh ag dul don dream a tháinig romhainn, a d’imir agus a choinnigh an club ag imeacht ar feadh na mblianta. Dé Sathairn anois, beidh tú ag cuimhneamh ar leaids ar imir tú leo ar feadh na mblianta nach bhfuil anseo agus tá tú ag súil go ndéanfaidh tú dóibhsean é….tá daoine eile atá imithe ar shlí na fírinne, daoine ar bhreá leo a bheith amuigh leat ag imirt. Tá muid thar a bheith lucky agus an seans seo a fháil, dul amach i bPáirc an Chrócaigh ar son na Ceathrún Rua, ní fhéadfá é a shárú.”

Ó Briain agus Pádraig Jimmy Ó Loideáin an bheirt is sine ar fhoireann na Ceathrún Rua anois agus cé go bhfuileadar sásta a gcuid taithí a roinnt leis na himreoirí óga atá tagtha isteach ar an bpainéal le bliain anuas, deir an bheirt seanfhondúirí go bhfuil siad ag foghlaim ó na leaids óga.

“Mé fhéin agus Pádraig is faide atá ann. Tá muid á rá i gcaitheamh na bliana. Tháinig seisear nó seachtar leaids óga isteach ar an bpainéal i mbliana agus an rud is mó atá acu ná nach bhfuil faitíos orthu roimh thada,” arsa an Brianach.

Pádraig Jimmy Ó Loideáin agus Seán Ó Flanngáin. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Aontaíonn Ó Loideáin leis agus é an-tógtha le meon na bhfear óg.

“Bhí mé ag cuimhneamh beagáinín air, tá an oiread cainte ar na leaids óga ach an rud is mó a fheicim a thug siad dúinn ná tá meon iontach atá ag na leaids óga seo. Roimhe seo dá mbeadh drochphas nó botún amuigh ar an bpáirc, b’fhéidir go dtosófá ag tabhairt amach nó go rachadh an cloigeann síos,” arsa Ó Loideáin.

“Dá gcaithfeadh Paudie [Mac Cormaic, ag seasamh taobh leis] drochphas chugam, déarfainn ‘Jesus a Phaudie, cuir isteach sa chest í.’ Bheadh muid píosa ag tabhairt amach dá chéile ar an bpáirc.

“Dá gcaithfeá an pas céanna chuig Fionán [Ó Conghaile] abair, agus go mbuailfeadh sé faoina chuid rúitíní, ní dhéanfadh Fionán ach casadh timpeall agus choinneodh sé air siar ag iarraidh na liathróide [a fháil ar ais] amhail is nár thug tú drochphas riamh dó. Tá sé sin ansin cineál tógálach agus feictear dom gurb é sin an rud is mó a thug siad isteach leo.”

Athrú meoin a bhí ag teastáil chun teacht aniar ón gcúpla bhliain chrua roimhe sin, dar le Ó Loideáin.

“Tá mé ag ceapadh nuair a bhí muid ag imirt Idirmheánach anuraidh, níl mé ag rá go raibh chuile dhuine mar seo, ach b’fhéidir go raibh sé de mheon agam féin a bheith ag leath-chuimhneamh nár cheart dúinn a bheith anseo. Tá tú ag dul isteach chuig cluiche agus drochmheas agat ar fhoirne. Ansin agus tú istigh ann, b’fhéidir go bhfuil tú leathbhuailte sula dtosaíonn tú an cluiche chir ar bith.

“I mbliana, pháirceáil muid é sin uilig. B’in mar a bhí sé. Thóg muid cluiche ar chluiche é agus tá mé ag ceapadh gur chuidigh sé sin go mór linn díriú isteach ar rudaí seachas a bheith ag caint ar cá raibh muid nó cá raibh muid ceaptha a bheith. Díreach dhírigh muid ar an bpeil, ar chluichí a ghnóthachtáil agus a bheith ag iarraidh a bheith go maith. Feictear dom gur choinnigh sé sin stuama go maith muid.”

D’éirigh leis an meon sin An Cheathrú Rua a thabhairt chomh fada le Páirc an Chrócaigh. Tabharfaidh taispeántas stuama amháin eile deis iontach dóibh ar bhonn uile-Éireann. Déarfadh go leor gur leor sin dá mbeadh Ó Loideáin agus Ó Briain ag iarraidh a ngeansaithe a thabhairt uathu faoi dheireadh ach, agus an traenáil chrua gheimhridh déanta cheana féin do shéasúr 2025, seans go ndéanfar cinneadh go bhfuil sé chomh maith iarracht eile a thabhairt faoin ngrád Idirmheánach anois.

Fág freagra ar '‘Tugadh geansaí shinsear na Ceathrún Rua dom is mé óg, ní raibh mé ag iarraidh é a thabhairt uaim sna sóisir’ '