‘Tubaisteach agus contúirteach’ – an t-ospidéal is mó in Gaza stoptha de bheith ‘ag feidhmiú’

Deir dochtúirí go bhfuil 36 naíonán nuabheirthe in Al-Shifa i mbaol a mbáis ceal dianchúraim

‘Tubaisteach agus contúirteach’ – an t-ospidéal is mó in Gaza stoptha de bheith ‘ag feidhmiú’

Níl príomh-ospidéal Gaza, Al-Shifa, “ag feidhmiú mar ospidéal níos mó”, a deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

“Tubaisteach agus contúirteach” atá cás an ospidéil agus is measa an scéal de dheasca an bhombardaithe gan stad atá á dhéanamh ag Iosrael ar an gceantar, a dúirt an WHO.

Dúirt Tedros Ghebreyesus, ceannasaí an WHO: “Ní ceadmhach do dhaoine ar fud an domhain fanacht ina dtost nuair atá áiteanna ina bhfuil an scrios, an bás agus an t-éadóchas le feiceáil á ndéanamh d’ospidéil, áiteanna ar cheart dóibh a bheith ina dtearmainn.”

Deir na Náisiúin Aontaithe gur ghéaraigh ar an troid agus ar na hionsaithe i gceantar an ospidéil ag an deireadh seachtaine.

Dúradh gur scriosadh an stáisiún ocsaigine, tancanna uisce agus tobar san ospidéal. Scriosadh an t-aonad cardashoithíoch agus rinneadh dochar don aonad máithreachais, a dúradh. Maraíodh triúr banaltraí.

Agus a ghreim á dhaingniú ag Iosrael ar thuaisceart Gaza, tá a chuid trúpaí agus tancanna ag déanamh ar an ospidéal.

Deir údaráis sláinte Iosrael, atá á rialú ag Hamas, go bhfuil ar a laghad 2,300 duine fós in Al-Shifa, idir othair agus daoine a cuireadh as seilbh de dheasca an chogaidh.

Deir dochtúirí go bhfuil 36 naíonán nuabheirthe i mbaol a mbáis ceal dianchúraim.

Deir Iosrael go bhfuil ionad ceannais ag Hamas thíos faoi Al-Shifa, rud atá séanta ag Hamas.

Shéan Hamas chomh maith maíomh Phríomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, gur dhiúltaigh siad do thairiscint go gcuirfí breosla ar fáil don ospidéal.

Deir ceannasaí gnóthaí eachracha an AE, Josep Borrell gur cheart sosanna troda a fhógairt chun go bhféadfaí othair a thabhairt slán as an ospidéal.

Dúirt Cumann an Chorráin Dheirg sa Phalaistín go raibh an dara hospidéal is mó in Gaza, al-Quds, éirithe as a bheith ag feidhmiú mar ospidéal chomh maith mar gheall ar easpa breosla.

Deir údaráis sláinte Gaza, a bhíonn á rialú ag Hamas, gur maraíodh os cionn 11,000 duine ó thosaigh Iosrael ag buamáil an cheantair mar dhíoltas, os cionn 4,500 páiste ina measc.

Tá Gaza á bhuamáil gan stad ag Iosrael ó ionsaí thar teorainn Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair, ionsaí inar maraíodh 1,400 duine agus inar fuadaíodh os cionn 200 duine atá á gcoimeád ina ngialla in Gaza.

Deir Fórsa Cosanta Iosrael gur 4,300 ionsaí atá déanta acu ar Gaza ó thús na coimhlinte, gur bhuail siad os cionn 300 seafta tolláin agus 3.000 láthair a raibh baint acu le “infreastruchtúr sceimhlitheoireachta”.

Idir an dá linn, rinne Stáit Aontaithe Mheiriceá ionsaithe ón aer ar dhá ionad de chuid na hIaráine sa tSiria mar fhreagra ar ionsaithe a rinneadh ar thrúpaí na Stát Aontaithe sa dá thír sin.

Fág freagra ar '‘Tubaisteach agus contúirteach’ – an t-ospidéal is mó in Gaza stoptha de bheith ‘ag feidhmiú’'