Tubaiste na Coirre Críochaí – dianfhiosrú riachtanach ach an PSNI féin faoi scrúdú

Is é an trua é ach an uair is mó a bhfuil gá ag daoine croíbhriste agus an pobal fré chéile le muinín i gcumas an PSNI tá amhras cothaithe acu

Tubaiste na Coirre Críochaí – dianfhiosrú riachtanach ach an PSNI féin faoi scrúdú

Ar éigean is féidir linn a shamhlú cé chomh huafásach is a bhí an scaoll agus an scéin i measc na ndaoine óga a bhí ag ceann na scuaine ar an gCorr Chríochach nuair a tharla an tragóid inar bhásaigh triúr déagóirí. Tá a fhios go raibh cúpla duine ag screadach agus ag béicíl ar an slua gan a bheith ag brú chun tosaigh mar go raibh daoine á mbascadh. Rinneadh glaoch 999.

Is léir go bhfuil an-chuid ceisteanna le freagairt faoin tsábháilteacht phoiblí, agus go bhfuil eolas dlite do mhuintir Conor Currie, 16, Lauren Bullock, 17 agus Morgan Bernard, 17. Tá ceachtanna le foghlaim ag na húdaráis áitiúla agus ag gnólachtaí príobháideacha ionas nach dtarlóidh a leithéid arís. Tá fiosruithe iomadúla ar siúl ach tá tosaíocht ag ceann an PSNI: is é sin an ceann is cuimsithí agus aonad speisialta curtha ina bhun. Ach is é an ceann is mó atá ag cothú míshuaimhnis.

Sna laethanta i ndiaidh na tragóide tugadh ardmholadh do na seirbhísí éigeandála a tháinig ar an láthair. Dá réir, ba mhó an gheit a baineadh as daoine nuair a d’fhógair an PSNI gur iarr an cheannasaíocht ar Ombudsman na bPóilíní fiosrú a dhéanamh ar iompar na n-oifigeach a chéad shroich láthair na tubaiste ag Óstán an Greenvale oíche na Féile Pádraig.

Bhí praiseach ó thaobh na bolscaireachta de déanta ag an PSNI sular fógraíodh, breis is seachtain i ndiaidh na tubaiste, go raibh an tOmbudsman tugtha isteach. Is é an trua é ach an uair is mó a bhfuil gá ag daoine croíbhriste agus an pobal fré chéile le muinín i gcumas an PSNI tá amhras cothaithe.

Ba chosúil gur aithin an Leas-Phríomh-Chonstábla Stephen Martin an t-amhras sin. Ba eisean a d’fhógair ar an 26 Márta go raibh an cás curtha faoi bhráid an Dr Michael Maguire, an tOmbudsman. ‘Is í muinín na dteaghlach a chaill a bpáistí agus iontaoibh an phobail as an tseirbhís a chuirimid ar fáil a bhí ar intinn againn nuair a chinneamar gur cheart iarraidh ar an Ombudsman fiosrú a dhéanamh,’ a dúirt Martin. Dar leis gur cheart agus gur chóir iniúchadh a dhéanamh ar iompar gach duine a bhí bainteach le láimhseáil na heachtra.

D’iarradar go sonrach ar an Ombudsman féachaint ar iompar na bpóilíní a bhí ar láthair na tubaiste roimh na hotharchairr.

Bhí an fhoireann sin ar an láthair go gairid i ndiaidh an ghlao 999. Bhreathnaigh siad ar a raibh ag tarlú agus tharraing siad siar. Ní dhearna siad tada go dtí gur tháinig otharcharr. Bhog siad isteach ansin mar thaca leis na paraimhíochaineoirí. I measc na gceisteanna atá le freagairt – cén fáth nár ghlac siad ceannas chun an scuaine a scaipeadh ar mhaithe leis na daoine a bhí sáinnithe nó faoi bhrú in aice an dorais?

Arbh iad an fhoireann ar an láthair a chinn nach ndéanfaidís tada nó an bhfuair siad treoir ó cheannasaí ag a gceanncheathrú? An sábhálfaí éinne dá ngníomhódh siad níos luaithe. An ndéanfaí cinneadh den sórt sin in áit eile nó an raibh baint ag cúinsí logánta leis?

Níl aon fhianaise ann ach mheas cuid de mhuintir Thír Eoghain gur chinn na póilíní nár theastaigh uathu a dhul i ngleic le hógánaigh a raibh geansaithe Chumann Lúthchleas Gael orthu go dtí go mbeadh cúltaca acu. Léiríonn an dearcadh sin ceann de na fadhbanna atá ag an PSNI ag cothú muiníne i measc náisiúnaithe. D’iarr an Leas-Phríomh-Chonstábla ar dhaoine gan a bheith ag tuairimíocht faoi fhreagraí an Ombudsman ar na ceisteanna íogaire seo. Beag seans.

Tá foireann speisialta de chuid an PSNI i mbun an fhiosraithe. Tá acmhainní breise acu agus ionaid bunaithe acu i scoileanna chun labhairt le cuid den 600 ógánach a bhí sa scuaine. Agus mar sin féin tá a gcuid poiblíochta thar a bheith easnamhach. D’fhógair siad gan mhoill i ndiaidh na tubaiste go raibh beirt gafa acu. Ba é úinéir an óstáin Michael McElhatton duine acu sin agus d’fhógair an PSNI go raibh sé á cheistiú faoi dhúnorgain chorparáideach. B’éigean dóibh é sin a cheartú agus a rá gur faoi dhúnorgain a bhí siad á cheistiú agus ní hionann na cionta.

Níor chuir sé sin críoch leis na botúin.

Níos deireanaí d’fhógair siad go raibh fear gan ainm (ach bhí a fhios óna aois gurbh é Michael McElhatton a bhí fós ar a choinneáil é) athghafa faoi dhrugaí a bheith ina sheilbh chun iad a dhíol. Ba dheacair scéal a shamhlú a chuirfeadh níos mó alltachta ar dhaoine a bhí faoi bhrón. Taobh istigh de dhá uair an chloig b’éigean don PSNI a fhógairt go raibh an fear ‘díghafa’ agus go raibh an púdar bán ar ceapadh gur druga é ‘neamhurchóideach’. I seomra níocháin McElhatton a fuarthas é agus dúirt seisean gur púdar glantacháin a bhí ann.

Dhiúltaigh an PSNI leithscéal a ghabháil le McElhatton. Mar bharr ar an donas d’iarr siad ar pholaiteoirí an cheantair bualadh isteach chucu chun grianghraif den mhála plaisteach a scrúdú. Mar iarracht chun an damáiste dá gcáil a laghdú, bhí sé amaideach. Cén fáth an deifir chun an scéal faoin bpúdar a fhógairt sula raibh a fhios acu céard a bhí ann? Is léir go bhfuair siad amach an-sciobtha nár dhruga a bhí ann. Is minic a thógann sé laethanta ar an PSNI eolas a scaoileadh ach scaip siad an scéal sin gan próis ná dícheall cuí.

Ní maise ar an PSNI iad na botúin seo. Caithfear fáiltiú roimh an gcinneadh iad féin a thuairisciú leis an Ombudsman ach tá obair phráinneach thairis sin riachtanach chun muinín a chothú i gcumas agus i gcur chuige na bpóilíní.

Níorbh aon fhíorú ar fhís Choimisiún Patten don nuaphóilíneacht é praiseach den chineál seo.

Fág freagra ar 'Tubaiste na Coirre Críochaí – dianfhiosrú riachtanach ach an PSNI féin faoi scrúdú'