‘Tubaiste’ do Ghaelscoileanna agus gan ‘aon teagmháil’ ag daltaí leis an nGaeilge le sé mhí

Tá imní ar lucht an ghaeloideachais faoi na ‘dúshláin mhóra’ atá roimh scoileanna lán-Ghaeilge de bharr na paindéime

‘Tubaiste’ do Ghaelscoileanna agus gan ‘aon teagmháil’ ag daltaí leis an nGaeilge le sé mhí

Bláthnaid Ní Greacháin. Príomhfheidhmeannach ar Gaelscoileanna Teo

Tá “dúshláin mhóra” roimh Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta maidir le cur i bhfeidhm an tumoideachais i mbliana toisc na scoileanna a bheith dúnta ó mhí an Mhárta seo caite.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Príomhfheidhmeannach Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghreacháin, go bhfuil dúshláin mhóra le sárú ag scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta “i bhfianaise sciar mór de na daltaí” a bheith gan aon teagmháil leis an teanga le sé mhí anuas.

“D’fhéadfá a rá gur tubaiste é an scarúint ón teanga do ranganna na naíonán sna bunscoileanna lán-Ghaeilge thairis aon rang eile de bharr a laghad teagmhála a bhí ag go leor de na páistí seo leis an teanga ó dúnadh na scoileanna nó na naíonraí,“ a dúirt Ní Ghreacháin.

Aontaíonn Dónal Ó hAiniféin, Príomhoide Gaelscoil Mhichíl Chiosóg in Inis agus Cathaoirleach COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, leis an méid sin.

Agus doirse na scoile oscailte arís le seachtain anuas, dúirt Ó hAiniféin go bhfuil sé “níos dúshlánaí ná riamh” labhairt na Gaeilge a chur i bhfeidhm “i ngach rang i mbliana toisc an tréimhse scoir a bheith chomh fada sin”.

Tá “bearnaí móra” le brath, go háirithe i gcás na naíonán agus daltaí rang a haon, a dúirt sé.

“Bhí an tréimhse dianghlasála an-dian ar fad ar na naíonáin go háirithe mar gur chaill siad roinnt míonna den sóisialú teanga, den chumarsáid agus den fhorbairt a tharlaíonn de ghnáth.”

Dónal Ó hAiniféin, Cathaoirleach COGG

Tá cinneadh déanta ag Ó hAiniféin múinteoirí ó fhoireann oideachais speisialta na scoile a chur ag obair leis na naíonáin shinsearacha agus le Rang a hAon le dul i ngleic leis na dúshláin atá ann agus molann sé do phríomhoidí amhlaidh a dhéanamh.

“Caithfidh Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta iarracht a dhéanamh acmhainní breise daonna a chur ag obair leis ranganna sóisearachta, bíodh sin cúntóirí ranga nó cúntóirí teanga nó múinteoirí ón bhfoireann oideachais speisialta. In áit a bheith ag díriú ar na hardranganna mholfainn i mbliana idir Meán Fómhair agus an Nollaig díriú ar na bunranganna. Bheadh ciall, réasún agus bunús oideachasúil leis sin,” a dúirt Ó hAiniféin.

Dúirt sé nach raibh “aon leigheas ar an mbearna” a d’fhág an tréimhse ag baile “seachas a bheith ag obair agus ag gníomhú trí mheán na Gaeilge”.

Beidh “ceist ann” do lucht an Ghaeloideachais acmhainní breise a lorg sna míonna amach romhainn, dar leis, “nuair a bheidh deis ag príomhoidí a n-anáil a tharraingt”.

Thug Príomhfheidhmeannach Ghaeloideachais le fios go bhfuil bearta éagsúla eile á gcur i bhfeidhm ag Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta le dul i ngleic leis na bearnaí a d’fhág an tréimhse gan tumoideachas.

De ghnáth sna scoileanna Gaeltachta, bíonn tumadh iomlán i leith na Gaeilge sa chéad dá bhliain sna naíonáin agus ní thosaítear ar theagasc an Bhéarla go dtí Rang a hAon. Is amhlaidh an cleachtas in “an-chuid” de na bunscoileanna lasmuigh den Ghaeltacht, a deir Bláthnaid Ní Ghreacháin, ach go bhfuil rogha ann tús a chur le teagasc an Bhéarla roimh rang a haon.

Aithnítear an cur chuige sin mar an bealach “is éifeachtaí” chun teanga a shealbhú, a dúirt Ní Ghreacháin.

Dúirt Ní Ghreacháin go raibh “go leor” Gaelscoileanna ag cur leis an tréimhse luath-thumtha sa teanga, agus teagasc an Bhéarla á sheachaint acu go dtí Rang a hAon.

“Tá daltaí sna ranganna níos sinsearaí i mbun tréimhse dhá mhí den tumoideachas gan aon teagasc sa Bhéarla chun iad a chur i dtaithí ar an teanga agus a húsáid mar mheán cumarsáide nádúrtha.”

Dúirt Ní Ghreacháin gur “mórdhúshláin” do dhaltaí uile an Ghaeloideachais an “easpa deiseanna a bhí ann bheith i gcomhluadar páistí eile agus bheith ag spraoi trí mheán na Gaeilge”.

Tá leabhrán ‘Beatha Teanga’ curtha amach ag Gaeloideachas le tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí úsáid na Gaeilge a spreagadh agus reáchtáladh seimineár ar líne do mhúinteoirí ar an ábhar, ábhar atá ar fáil ar shuíomh na heagraíochta.

Fág freagra ar '‘Tubaiste’ do Ghaelscoileanna agus gan ‘aon teagmháil’ ag daltaí leis an nGaeilge le sé mhí'

  • Bríd

    Cad a rinne na hEagraíochtaí seo do na scoláirí seo go bhfuileadar chomh buartha sin fútha le linn thréimhse na dianghlásala??? Cad atá ar siúl ag Lucht an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta? Scoileanna agus pobail ag déanamh a gcuid mar is gnáth agus cur i gcéill an chuid eile.

  • Eoghan O Neill

    Rud a léiríonn an gá le gaelig sa bhaile.

  • An Máistir

    Tá an ceart ag Eoghan Ó Néill. Is mór an trua go bhfuil daoine ann a bhfuil spéis sa Ghaeilge acu ach gan i acu le labhairt lena bpáistí. Tá na tuismitheoirí sin le moladh as a bpáistí a chur chuig Gaelscoil le haghaidh oideachas gaelach nach bhfuiar na tuismitheoirí iad féin in ainneoin a lán oibre a dhéanamh ar scoil. Is léir anois gur theip ar an gcóras oideachas gaelach a sholáthar do chuid mhór dhaoine d’ainneoin gurbh ábhar éigeantach í ar feadh 14 bliana déag. Cén fáth é sin agus conas an scéal a réiteach? Barraíocht béime ar scrúduithe scríofa agus róbhéim leis ar acadúlacht seachas ar labhairt na teanga. Má tá an siollabas le hathrú, tá súil agam go dtabharfar aird ar na riachtanais sin nár díríodh orthu cheana.

    Ar ndóigh is fadhb ag Gaelscoileanna gan dóthain Gaeilge a bheith ag daltaí ón mbaile. Éilítear méid áirithe Gaeilge a bheith ag na tuismitheoirí – b’fhéidir gurbh fhiú dhá sruth a bheith ann
    ag brath ar chaighdeán Gaeilge na dtuismitheoirí.