Tuarascálacha le réiteach sula mbeifear in ann cé ‘dhainséarach’ an Bhlascaoid Mhóir a fheabhsú

Tugadh cead pleanála in 2003 chun cé a fhorbairt ar an mBlascaod Mór ach tugadh le fios sa Dáil inné go gcaithfí an próiseas a thosú as an nua nach mór

Tuarascálacha le réiteach sula mbeifear in ann cé ‘dhainséarach’ an Bhlascaoid Mhóir a fheabhsú

Caithfear measúnacht tionchair timpeallachta agus tuarascálacha eile a dhéanamh ar fhorbairt ché an Bhlascaoid Mhóir sula mbeifear in ann iarratas nua pleanála a chur isteach, a deir an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí.

Tugadh cead pleanála in 2003 do Chomhairle Contae Chiarraí chun cé a fhorbairt ar an oileán ach thug an tAire Stáit Patrick O’Donovan le fios sa Dáil inné go gcaithfí an próiseas a thosú as an nua, nach mór, de bharr athruithe atá tagtha i bhfeidhm ó shin. I measc na n-athruithe sin tá an stádas mar Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta a bronnadh ar na Blascaodaí in 2019.

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil grúpa oibre straitéiseach le bunú chun an fhorbairt a bhrú chun cinn.

Lorg Brendan Griffin, an Teachta Dála de chuid Fhine Gael ó Chiarraí, an scéal is deireanaí maidir le forbairt na cé ar an mBlascaod. Dúirt Griffin go raibh an ché “dainséarach” mar atá sí do dhaoine a bhíonn ag iarraidh teacht agus imeacht ó na báid a bhíonn ag dul amach go dtí an t-oileán.

Dúirt an tAire Stáit O’Donovan go raibh sé tábhachtach an ché nua a thógáil ar an oileán ar bhonn sábháilteachta agus toisc gur “forbairt thábhachtach” a bheadh ann ó thaobh cúrsaí oidhreachta, turasóireachta agus timpeallachta.

“Is í an chomhairle atá faighte ag Oifig na nOibreacha Poiblí ó Chomhairle Contae Chiarraí ná go bhfuil cead pleanála nua ag teastáil toisc go bhfuil athruithe suntasacha tagtha ar stádas sainithe an oileáin agus ar rialacháin timpeallachta sa tréimhse ó bhronnadh an cead pleanála ar Chomhairle Contae Chiarraí ar dtús in 2003.

“Éilíonn sé seo go mbeidh tuarascálacha timpeallachta agus eile ag teastáil chun tacú le hiarratas, chomh maith le dearadh nuashonraithe a ullmhú don togra,” a dúirt an tAire Stáit O’Donovan.

Dúirt Brendan Griffin go raibh an Blascaod thar a bheith tábhachtach d’oidhreacht na tíre agus go bhfuil sé tábhachtach go mbrúitear ar aghaidh leis an togra mar go bhfuil sé beartaithe le fada.

“Nuair a bhí mé ag obair mar chúntóir parlaiminte don iar-aire ealaíon, oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan i lár na 2000í, is cuimhin liom an cheist seo a bheith os a chomhair agus an tAire ag iarraidh í a bhrú chun cinn. Tá fadhb ann le fada agus caithfear dul i ngleic léi faoi dheireadh.”

Agus é ag labhairt ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné, dúirt stiúrthóir Ionad an Bhlascaoid, Lorcán Ó Cinnéide go raibh daoine éirithe “mífhoighneach” maidir leis an scéal.

Tá athchóiriú á dhéanamh ar an ionad oidhreachta i nDún Chaoin i láthair na huaire agus dúirt Ó Cinnéide go raibh súil aige go mbeadh an t-ionad oscailte arís roimh an gCáisc.

Fág freagra ar 'Tuarascálacha le réiteach sula mbeifear in ann cé ‘dhainséarach’ an Bhlascaoid Mhóir a fheabhsú'