Tuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nach mór aistrithe go Gaeilge – mí i ndiaidh a bhfoilsithe i mBéarla

Tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú i mBéarla agus i nGaeilge ag an am céanna

Tuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nach mór aistrithe go Gaeilge – mí i ndiaidh a bhfoilsithe i mBéarla

Tá dhá thuarascáil bhliantúil de chuid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nach mór aistrithe go Gaeilge – mí i ndiaidh a bhfoilsithe i mBéarla.

Ar an 30 Meán Fómhair a d’fhoilsigh oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an dá thuarascáil agus in ainneoin dualgas reachtúil a bheith ann cáipéisí dá leithéid a fhoilsiú i mBéarla agus i nGaeilge ag an am céanna, is de réir a chéile, caibidil ar chaibidil, atá na leaganacha Gaeilge á gcur ar fáil le mí anuas.

Ní raibh fágtha le haistriú go Gaeilge inné, mí i ndiaidh fhoilsiú na gcáipéisí – Cuntais Leithreasa 2018 agus Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí 2018 –ach caibidil amháin.

Is é a t-aon chaibidil nach bhfuil aistrithe go Gaeilge go fóill ná an ceann a bhaineann le cuntais Oifig na nOibreacha Poiblí sna Cuntais Leithreasa 2018.

Dúirt urlabhraí de chuid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste le Tuairisc.ie gurb é “nádúr na hoibre” gur de réir a chéile a tháinig an obair aistriúcháin isteach mar gurb iad na heagrais phoiblí a bhíonn faoi chaibidil sna cuntais féin a dhéanann an obair sin.

Dúradh chomh maith go raibh “brú mór” maidir leis na tuarascálacha áirithe seo mar go raibh dualgas ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste iad a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoin 30 Meán Fómhair.

Ní léir áfach go raibh aon dualgas ann na cáipéisí a fhoilsiú an lá sin.

Dúirt urlabhraí thar ceann Oifig an Choimisinéara Teanga nach ndéantar tagairt do chásanna ar leith ach dheimhnigh sé go bhfuil dualgas ar chomhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú i mBéarla agus i nGaeilge ag an am céanna.

Is é an ról atá ag an Ard-Reachtaire Cumtas agus Ciste ná a dheimhniú go neamhspleách go mbíonn airgead agus acmhainní poiblí á n-úsáid de réir an dlí agus go ndéantar dea-bhainistíocht orthu. Tá ról aige chomh maith maidir le feabhas a chur ar an riarachán poiblí.

Fág freagra ar 'Tuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nach mór aistrithe go Gaeilge – mí i ndiaidh a bhfoilsithe i mBéarla'

  • Daor mac an tSaoir

    Cén fáth nach gcuirtear dlí orthu? Más sárú dlí atá i gceist, cén fáth nach dtéitear roimh bhreitheamh i gcúirt? Is mó an torann ná an olann mar a deirtear. Ní briathar ach gníomh a dhearbhaíonn!