Tuarascáil faoin gconspóid teanga a bhain le torthaí tástáil anála iarrtha ag an Aire Dlí agus Cirt ar an nGarda Síochána

Tá an tAire Dlí agus Cirt tar éis tuarascáil a lorg ó údaráis an Gharda Síochána maidir leis na ceisteanna is mó a d’eascair as cás Mihai Avadenei

GARDA AT A DRINK AND DRIVING CHECKPOINTS IN DUBLIN

Tá iarrtha ag an Aire Dlí agus Cirt, Frances Fitzgerald, ar an nGarda Síochána tuarascáil a ullmhú di maidir leis an gconspóid teanga a bhain le torthaí tástáil anála.

Agus í ag freagairt ceist Dála a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív (FF) uirthi, dúirt an tAire Dlí agus Cirt go bhfuil sí tar éis tuarascáil a lorg ó údaráis an Gharda Síochána maidir leis na ceisteanna is mó a d’eascair as cás Mihai Avadenei, fear ar stop na Gardaí é toisc gur cheapadar go raibh sé ag tiomáint faoi thionchar an óil.

I mBéarla amháin a eisíodh torthaí na tástála anála a rinneadh ar Avadenei i stáisiún Shráid an Stórais i mBaile Átha Cliath. Thug abhcóidí Avadenei dúshlán dlí i mí Iúil na bliana seo caite de bharr nár cuireadh leagan Gaeilge de na torthaí ar fáil, faoi mar atá sonraithe san Acht Tráchta, 2015.

Dúirt an Breitheamh Séamus Noonan nach seasfadh na torthaí mar fhianaise sa chúirt agus nárbh fhéidir glacadh leo. Caitheadh amach an cás dá bharr.

“In my view, what arises in this case, being a failure to reproduce an entire half of the prescribed form, could not be regarded as ‘mere deviation’ from the form prescribed,” a dúirt an Breitheamh Noonan ag an am.

I ndiaidh an bhreithiúnais sin, thug an tAire Iompair, Paschal Donohoe reachtaíocht éigeandála isteach a fhágann gur féidir torthaí tástáil anála a eisiúint i nGaeilge nó i mBéarla.

Ní raibh an Garda Síochána sásta a rá le Tuairisc.ie cad iad téarmaí tagartha na tuarascála sin nó cathain a chuirfí faoi bhráid an phobail í ach thug urlabhraí thar ceann na Roinne Dlí agus Cirt le fios do Tuairisc.ie gur ‘go luath’ a bheadh fáil uirthi.

Fág freagra ar 'Tuarascáil faoin gconspóid teanga a bhain le torthaí tástáil anála iarrtha ag an Aire Dlí agus Cirt ar an nGarda Síochána'