Tuarascáil ar chruinniú le Drew Harris faoin nGaeilge le cur os comhair an Oireachtais

Shocraigh baill Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta tuarascáil faoina gcruinniú le Coimisinéir an Gharda Síochána a leagan os comhair Thithe an Oireachtais chun a thuilleadh airde a tharraingt ar chás na Gaeilge sa bhfórsa

Tuarascáil ar chruinniú le Drew Harris faoin nGaeilge le cur os comhair an Oireachtais

Tá tuarascáil faoi chuairt Choimisinéir an Gharda Síochána ar Choiste Gaeilge an Oireachtais le cur faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid.

Shocraigh baill an choiste tuarascáil a leagan os comhair Thithe an Oireachtais chun a thuilleadh airde a tharraingt ar chás na Gaeilge sa Gharda Síochána.

Moltar sa tuarascáil go rachfaí i ngleic leis an nganntanas Gardaí atá ábalta seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge.

Leagtar tuarascálacha mar seo os comhair Thithe an Oireachtais chun go mbeadh díospóireacht faoin ábhar a bhíonn iontu sa Dáil agus sa Seanad.

Moltar sa tuarascáil go gcuirfí i bhfeidhm moltaí a rinne an Coimisinéir Teanga i dtaobh feabhas a chur ar sheirbhís Ghaeilge na nGardaí. Moltar freisin go dtiocfadh ionadaí ón nGarda Síochána os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge uair sa bhliain le cur síos a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh acu i leith soláthar cearta teanga.

Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta an mhí seo caite ghéill Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris go raibh teipthe ar iarrachtaí an Gharda Síochána dóthain cainteoirí líofa Gaeilge a mhealladh isteach san fhórsa.

Dúirt Drew Harris i dTithe an Oireachtais tráthnóna nach raibh an córas faoina gcuirtear 10% d’áiteanna ar leataobh do chainteoirí Gaeilge ag obair.

Ní raibh Gaeilge a bhí líofa a dóthain chun go bhféadfaí gach cúram a dhéanamh tríthi ach ag triúr den 600 Garda nua a earcaíodh anuraidh, a dúirt sé.

Tugadh le fios chomh maith ag an gcruinniú a bhí ar siúl sa Dáil nár thug ach 244 den thart ar 15,000 Garda sa stát le fios go raibh Gaeilge líofa acu nuair a ceistíodh le déanaí iad.

Dúirt ceannasaí na nGardaí ag an gcruinniú go raibh sé “neamhghnách” go gcaithfeadh an Coimisinéir Teanga tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoi theip an Gharda Síochána cloí leis an dlí teanga.

As an 3,000 Garda nua a earcaíodh le deich mbliana anuas níor earcaíodh ach 55 cainteoir líofa Gaeilge tríd an sruth earcaíochta Gaeilge. Níl ach triúr acu sin ar dualgas sa Ghaeltacht.

Chuir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais mí na Bealtaine mar nár chuir an Garda Síochána i bhfeidhm riamh moltaí a bhí in imscrúdú a rinneadh deich mbliana ó shin, in 2011.

Fág freagra ar 'Tuarascáil ar chruinniú le Drew Harris faoin nGaeilge le cur os comhair an Oireachtais'