Tuarascáil an Choimisinéara Teanga le foilsiú go luath

Tarraingeoidh sé aird ar an easpa céille a bhaineann le dualgas a bheith ar phobail sa Ghaeltacht pleananna a chur i bhfeidhm leis an teanga a chosaint agus a chur chun cinn ach ag an am céanna go séanfadh an Stát go mbeadh aon dulgas orthu féin sa réimse seo

Rónán Ó Dómhnaill (Pictiúr-Seán Ó Mainnín)

Foilseoidh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, a chéad tuarascáil bhliantúil laistigh de choicís. Dheimhnigh sé an méid sin do Tuairisc.ie inniu.

Cuireadh an tuarascáil i leabharlann Thithe an Oireachtais ar an Aoine seo caite.

Tuairiscítear sa nuachtán The Irish Examiner inniu go léireoidh an Coimisinéir amhras sa tuarascáil sin ar éifeacht chóras na scéimeanna teanga ina leagtar amach na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann eagraíochtaí Stáit ar fáil don phobal.

Éileoidh sé freisin gur cheart reachtaíocht a thabhairt isteach faoina mbeadh dualgas ar eagraíochtaí Stáit a chinntiú gur daoine a bhfuil líofacht Ghaeilge acu a d’fhostóidís sa Ghaeltacht.

Tarraingeoidh sé aird ar an easpa céille a bhaineann le dualgas a bheith ar phobail sa Ghaeltacht pleananna a chur i bhfeidhm leis an teanga a chosaint agus a chur chun cinn ach ag an am céanna go séanfadh an Stát go mbeadh aon dulgas orthu féin sa réimse seo.

Deir an Irish Examiner freisin go gcuirfidh an Coimisinéir Teanga in iúl ina thuarascáil go gcreideann sé go bhfuil na leasuithe atá molta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla easnamhach agus nach dtéann siad i ngleic leis na deacrachtaí atá le sárú.

Lena chois sin, ainmneoidh sé an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnróid, Bus Átha Cliath agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i measc eagraíochtaí a sháraigh a gcuid dualgais reachtúla teanga.

In eagarfhocal dar teideal Flogging An Capall Marbh? atá foilsithe sa nuachtán céanna inniu, deirtear cé go bhféadfadh go bhfuil an ceart ag an gCoimisinéir díomá a bheith air le heaspa iarrachta an Rialtais i gcur chun cinn na teanga sa tseirbhís phoiblí, ach gur dócha gur beag duine eile a mbeidh sé seo ina chúis mhór imní acu. Deirtear freisin nach bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga ach ag mionlach beag agus gur trua a rá, más fírinneach féin é, gur mó dochar ná maitheas a rinne cuid mhaith daoine a chaith a saol ag cur na teanga chun cinn.

“This reality stands despite the commitment of exceptional resources –  some estimates say we spend up to €1 bn a year flogging this capall marbh” a deirtear san eagarfhocal inniu.

Comhairlítear ann freisin gur cheart dípholaitiú a dhéanamh ar an teanga ag tráth go bhfuiltear ag teannadh le comóradh céad bliain Éirí Amach 1916.

I Márta 2014 a ceapadh Rónán Ó Domhnaill, iar-chomhfhreagraí polaitíochta TG4 – ina Choimisinéir Teanga.

Fág freagra ar 'Tuarascáil an Choimisinéara Teanga le foilsiú go luath'