Tuar dóchais toradh toghcháin inar coinníodh lucht na heite fíordheise ó dhoras

Ní bua don eite fhíordheis a bhí i dtoradh thoghchán parlaiminte na Sualainne ach bua an láir atá ciallmhar stuama, a scríobhann ár gcolúnaí

Tuar dóchais toradh toghcháin inar coinníodh lucht na heite fíordheise ó dhoras

Chuir dul chun cinn pháirtí na heite fíordheise sa tSualainn, Sverigedemokraterna i dtoghchán parlaiminte na tíre sin, Dé Domhnaigh seo caite, imní ar go leor daoine.

Ach tuar dóchais is ea toradh thoghchán parlaiminte na Sualainne domsa.

Ná bí buartha, níl an colúnaí seo iompaithe ina fhaisisteach thar oíche.

Ach is é an chaoi nach raibh dul chun cinn Sverigedemokraterna leath chomh mór agus a bhí súil leis sna pobalbhreitheanna a rinneadh díreach roimh an toghchán. Sciar 30% a bhí á thuar don pháirtí frith-inimirce i gcuid acu sin. Ach sa deireadh, níor bhain na náisiúnaithe amach ach 17.6% de na vótaí. Méadú ar an 12.9% a bhí acu, cinnte, ach níorbh aon chrith talún polaitíochta é.

Lena chois sin, titeann toradh thoghchán parlaiminte na Sualainne isteach go néata le torthaí na dtoghchán parlaiminte a tharla i dtíortha eile san Eoraip thiar, thuaidh agus láir le gairid.

Bhí buanna móra millteacha á dtuar do pháirtithe na heite fíordheise san Ísiltír, sa Ghearmáin agus san Ostair i dtoghcháin a tharla le bliain nó mar sin anuas, ach sa deireadh níor bhain na páirtithe sin amach ach sciar 13.1%, 12.9% agus 26% faoi seach. 

Dar liom go bhfuil an pictiúr ag teacht chun soiléire: tá teorainn leis an dúil atá ag muintir na hEorpa thiar, thuaidh agus láir i bpáirtithe na heite fíordheise. Is cosúil go bhfuil an teorainn sin ag timpeall 20% de na vótaí, nó duine as gach cúigear. 

Maidir leis an tSualainn, ghabhfainn chomh fada lena rá nach bua don eite fhíordheis a bhí i dtoradh an toghcháin ar chor ar bith ach bua don lár ciallmhar, stuama. Beidh sé deacair comhrialtas a chur le chéile – sin an méid.

Ach dá dtarlódh sé go mbeifí ag brath ar Sverigedemokraterna chun comhrialtas a bhunú, drochscéal a bheadh ann ní hamháin d’inimircigh sa tSualainn ach do phobal bundúchasach na Sámach, a bhfuil cónaí orthu i dtuaisceart na tíre, chomh maith. Teastaíonn ó Sverigedemokraterna deireadh a chur le Parlaimint na Sámach sa tSualainn, Sámediggi , agus leis na cearta speisialta atá ag pobal na Sámach in earnáil na réinfhianna. 

Fág freagra ar 'Tuar dóchais toradh toghcháin inar coinníodh lucht na heite fíordheise ó dhoras'