Tuaisceart na hÍsiltíre ar crith

Le leathchéad bliain anuas, tá tús áite tugtha ag rialtas na hÍsiltíre don státchiste – agus ní don tsábháilteacht – agus gás nádúrtha á bhaint as an talamh in Groningen. Creathanna talún rialta an toradh.

Natural_gas_NL

Tá tuaisceart na hÍsiltíre ag creathadh – go fisiciúil, agus le fearg.

Dearbhaíonn tuarascáil a d’fhoilsigh Comhairle Sábháilteachta na hÍsiltíre an tseachtain seo rud atá á mhaíomh ag muintir Groningen, an cúige is faide ó thuaidh sa tír, le fada an lá: go dtí le fíorghairid, tá neamhaird déanta dá sábháilteacht agus gás nádúrtha á bhaint as an talamh ann.

Tá an fhoinse gáis nádúrtha atá gar do bhaile Slochteren, i lár chúige Groningen, ar cheann de na cinn is mó san Eoraip. Go deimhin, is ann atá fáil ar 25 faoin gcéad de thaisce gás nádúrtha na hEorpa ar fad.

Ní nach íonadh, tá tábhacht ollmhór le gás Groningen d’eacnamaíocht na hÍsiltíre. Ó cuireadh tús le saothrú an gháis sa bhliain 1959, b’fhiú 248.5 míle milliún euro don státchiste é. Chuir an t-airgead seo bunchloch láidir faoi chóras leasa shóisialta na tíre, i measc nithe eile.

Ach ag an am céanna, rinneadh damáiste ollmhór do bhunchloch fhisiciúil chúige Groningen.

2,115 míle milliún méadar cúbach gáis a baineadh as talamh Groningen go dtí seo. Toisc go bhfuil sé saghas deacair an méid sin a shamhlú go fisiciúil, cuirfimid an gás sin isteach i leoraithe, leoraithe a bhfuil slí ann do 30 méadar cúbach an ceann.

Meas tú cá mhéad leoraithe den chineal sin a theastódh chun an méid gáis a baineadh as talamh Groningen le leathchéad bliain anuas a iompar? 44 cinn. In aghaidh an soicind. Gach soicind le leathchéad bliain anuas.

Ní hé go bhfuil spás folamh anois san áit a mbíodh an gás seo ar fad. Istigh i ngaineamhchloch phóiriúil a bhí sé. Tá an ghaineamhchloch sin ann fós, ach tá sí i bhfad níos laige agus tá sí ag tabhairt uaithi in áiteanna.

Creathanna talún an toradh. Ón mbliain 1991 i leith, tharla 854 crith talún i gcúige Groningen. Ní creathanna róchumhachtacha iad – sin an fáth nach gcloiseann éinne lasmuigh den Ísiltír fúthu – ach tá siad ag éirí níos láidre. Ón mbliain 2012 ar aghaidh, ní eisceachtaí iad creathanna de 3.0 ar scála Richter.

Tá dochar doleigheasta déanta agus á dhéanamh do struchtúr na gcéadta tithe sa réigiún. Ní éireoidh le húinéirí tithe sna limistéir is measa atá buailte a dtithe a dhíol go brách.

Is í an fhadhb ná gurb é sin go díreach an rud ba mhaith le cuid mhór daoine i gcúige Groningen a dhéanamh: a dteach a dhíol agus bailiú leo ó dheas. In ainneoin tionscal an gháis, tá eacnamaíocht an réigiúin, i bhfad ó mhórchathracha na tíre, lag. Tá ráta dífhostaíochta gar do 10 faoin gcéad sa chúige.
Tá níos mó cúiseanna ag muintir Groningen a bheith míshásta.

Ar feadh na scórtha bliain, gealladh líne thraenach ardluais dóibh (agus don chuid eile de mhuintir thuaisceart na hÍsiltíre), rud a chuirfeadh borradh faoi eacnamaíocht an réigiúin. Ach rinneadh cinneadh i 2007 gan an líne a thógáil; bhí sí ró-dhaor.

Ní nach ionadh, tar éis do Chomhairle Shábháilteachta na hÍsiltíre a chruthú gur dearnadh neamhaird dá sábháilteacht le leathchéad bliain anuas, tá cúiteamh á lorg ag muintir Groningen.

Drochsheans go dtógfar an líne thraenach úd ach go háirithe i ndiaidh na taithí tubaistí le tógáil líne ardluais eile, ó dheas as Amsterdam go dtí an Bhruiséal.

Ach dealraíonn sé anois nach mbeidh de rogha ag an rialtas sa Hág ach cúiteamh airgid agus infreastruchtúrtha a chur ar fáil do chuid den tír ar dearnadh dúshaothrú uirthi le leathchéad bliain.
San idirlinn, mar sheift sábháilteachta, táthar tar éis gearradh siar go suntasach ar an méad gáis atá á bhaint as an talamh – ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil an dochar déanta.

Fág freagra ar 'Tuaisceart na hÍsiltíre ar crith'