Tá sé fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil tuairisceoir nua ceaptha acu i mBaile Átha Cliath.
Beidh Eoin Ó Catháin, as contae an Chláir, ag tuairisciú faoi chúrsaí polaitíochta ar chláracha nuachta agus cúrsaí reatha an stáisiúin Ghaeilge. Beidh sé ag dul i mbun oibre i lár mhí Feabhra.
Tá muid an-sásta a fhógairt go bhfuil @EoinKeane101 a bhíodh linn go minic mar aoi le blianta anuas, ceaptha anois ar fhoireann @RTERnaG & go mbeidh sé ag tuairisciú go rialta dúinn as Teach Laighean ar chláracha nuachta & cúrsaí reatha ó lár mhí Feabhra. Fáilte ar bord a Eoin! pic.twitter.com/Mb5dKiaSn8
— Raidió na Gaeltachta (@RTERnaG) January 25, 2021
Bíonn Ó Catháin, arb as Cill Mhichíl i gcontae an Chláir dó, le cloisteáil go rialta ar chláracha RTÉ Raidió na Gaeltachta agus é ag déanamh cur síos ar chúrsaí polaitíochta sa Bhruiséil, áit a mbíodh sé ag obair go dtí le déanaí le spiritsEUROPE, grúpa stocaireachta do chomhlachtaí alcóil.
Brendan Ó Dufaigh
Tá súil agam go bhfuil Micheal Ó Leidhin ag obair leis an staisiún go fóill