TUAIRISC: Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua ina seaimpíní ar chúige Chonnacht

Léirigh buachaillí Ghaeltacht Chonamara an mianach atá iontu nuair a bhí an crú ar an tairne i gcluiche mór ar an mBóthar Beag inniu

TUAIRISC: Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua ina seaimpíní ar chúige Chonnacht

Scoil Chuimsitheach Chiaráin 25

Scoil Phobail Ghailinne 19

Is iad Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, seaimpíní Chraobh Shinsir Chonnacht do Scoileanna atá ag Forbairt agus an ceann is fearr faighte acu ar Scoil Phobail Ghailinne as Uíbh Fhailí ar an mBóthar Beag tráthnóna.

Tar éis dóibh an chraobh a thabhairt leo den chéad uair in 2016, bhí buachaillí na Gaeltachta ag ceiliúradh arís inniu tar éis dóibh teacht slán ó choimhlint den scoth. Theastaigh tiaráil is díograis ó SCC mar rinne buachaillí Uíbh Fhailí an-teacht aniar sa dara leath ach bhí an lá le foireann na Ceathrún Rua ar deireadh.

Bhí an fhoireann as Conamara i bhfad níos láidre sa chéad 20 nóiméad den chluiche agus ba iad ba thúisce a scóráil nuair a shlánaigh Joe Ó Gubáin cic éirice 25m tar éis do Chian Ó Scanláin an-obair a dhéanamh.

Choinnigh SCC a gcéilithe comhraic faoi bhrú agus fuair siad an chéad úd sa gcluiche agus beagnach 12 nóiméad caite. Bronnadh clibirt ar fhoireann na Gaeltachta cúig mhéadar amach ó líne Ghailinne agus bhris Colm Mac Donnacha tríd chun úd a aimsiú sa chúinne.

D’fhág sin go raibh SCC 8-0 chun tosaigh leath bealaigh tríd an gcéad leath agus bhí buachaillí na Gaeltachta ag ceiliúradh arís cúig nóiméad ina dhiaidh sin agus an dara húd sa gcluiche acu.

Ba é Warren Seoighe a scóráil an uair seo agus léirigh sé coisíocht iontach sular scóráil sé sa chúinne. D’aimsigh Joe Ó Gubáin na pointí breise le cic iontach ón taobhlíne agus bhí cuma na maitheasa ar SCC agus iad 15-0 chun cinn.

Lena gceart a thabhairt d’imreoirí Ghailinne, tháinig siad ar ais go láidir. Ba iad ab fhearr as sin go deireadh an chéad leath agus d’aimsigh siad úd tar éis 31 nóiméad nuair a scóráil Bernard Corcoran.

Cé go raibh scoil na Gaeltachta 15-5 chun cinn ag leath ama ní farasbarr mór na deich bpointe sin agus cóir na gaoithe ag foireann Ghailinne sa dara leath.

Déarfá gur ghá do Scoil Chuimsitheach Chiaráin tús maith a chur leis dara leath agus b’in a rinne siad. D’aimsigh siad a dtríú húd agus gan ach nóiméad imeartha. Rinne Eoin de Buitléar, Dara Ó Domhnaill agus Colm Mac Donnacha uile iarracht an scór a fháil ach ba é Cian Ó Scanláin, ar deireadh, a rinne an beart.

D’fhág sin go raibh SCC cúig phointe dhéag chun tosaigh, 20-5, ach tháinig buachaillí Gailinne ar ais arís. D’aimsigh Dawson Maher úd dóibh tar éis 50 nóiméad agus fuair Cathal Flynn na pointí breise chun an bhearna a laghdú tuilleadh.

Lig SCC cúpla deis iontach le sruth ina dhiaidh sin agus bhí an baol ann go n-íocfaidís go daor as sin nuair a d’aimsigh Ronan McDonagh úd eile do Ghailinne. Rinne Flynn an beart arís leis an mbróg agus ní raibh ach aon phointe amháin idir na foirne, 20-19, agus an cluiche beagnach thart.

Ach léirigh buachaillí na Gaeltachta an mianach atá iontu nuair a bhí an crú ar an tairne. Scaoll ná scáth níor tháinig orthu agus ba é Cian Ó Scanláin, a bhí ar fheabhas i gcaitheamh an chluiche ar fad, a d’aimsigh úd na cinniúna dóibh chun an bua a chinntiú.

Scoil Chuimsitheach Chiaráin: Warren Seoighe; Myles Mac Donnchadha, Chris Seoighe, Seán Mac Donnchadha, Killian Ó Súilleabháin; Joe Ó Gubáin, Oisín Breathnach; Cian Ó Scanláin, Eoin de Buitléar, Antoine Ó hIcí; Brandon Ó hEidhin, Dara Ó Domhnaill; Seán Ó Conghaile, Conall Ó Gríofa, Colm Mac Donnacha. Fir Ionaid: Éanna Mac Cormaic in áit Killian Ó Súilleabháin (leath ama), Tadhg Ó Dálaigh in áit Cholm Mac Donnacha (70 nóim).

Scoil Phobail Ghailinne: Harry Balsiger; Dawson Maher, Bill Egan, Bernard Corcoran, Tristan Buckley; Cathal Flynn, Marcus Keena; Joshua Dunican, Deema Feehan, John Dunican; Calvin Fox Kenna, Ronan McDonagh; Clive Keena, Adams Reams, Oliver Cusack. Fir Ionaid: Dean Buckley in áit Marcus Keena (26 nóim), Aaron McCabe in áit  Calvin Fox Kenna (63 nóim), Marcus Kenna in áit Dean Buckley (63 nóim), Jack Buckley in áit Adam Reams (65 nóim)

Fág freagra ar 'TUAIRISC: Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua ina seaimpíní ar chúige Chonnacht'