TUAIRISC: Sárthaispeántas ón nGaeltacht agus Comórtas Peile na Gaeltachta buaite acu den chéad uair ó 1999

Is iad An Ghaeltacht an chéad fhoireann nach as Tír Chonaill iad a bhuaigh craobh na sinsear ó bhí an lá le Béal an Mhuirthead i gcluiche ceannais na bliana 2007

TUAIRISC: Sárthaispeántas ón nGaeltacht agus Comórtas Peile na Gaeltachta buaite acu den chéad uair ó 1999

Corn an Aire á bhronnadh ar chaptaen na Gaeltachta Colm Ó Muircheartaigh ag Uachtarán CLG Aogán Ó Fearghail ag Comórtas Peile na Gaeltachta i dTuar Mhic Éadaigh trátnóna

Tá cluiche ceannais na sinsear i gComórtas Peile na Gaeltachta buaite ag CLG na Gaeltachta den chéad uair ó 1999. Fuair fir Ghaeltacht na Ríochta an ceann is fearr ar Chill na Martra i dTuar Mhic Éadaigh tráthnóna agus bua neafaiseach go maith acu ar fhir Chorcaí, 4-17 in aghaidh 1-10.

Dúirt duine de bhainisteoirí na Gaeltachta, Conall Ó Cruadhlaoich, roimh an gcluiche go raibh an comórtas seo i measc spriocanna na foirne ag tús na bliana seo agus cé go raibh sciorta den ádh acu i gcoinne na Rinne sna babhtaí leathcheannais aréir, ba léir a rún buaite ó thús na himeartha anseo.

Beidh lucht leanúna na Gaeltachta ag cuimhneamh anois gan amhras ar an ré órga a bhí i ndán don chumann nuair a bhuaigh siad go deireanach an comórtas seo ar thairseach na mílaoise.

Is iad An Ghaeltacht an chéad fhoireann nach as Tír Chonaill iad a bhuaigh craobh na sinsear ó bhí an lá le Béal an Mhuirthead i gcluiche ceannais na bliana 2007.

Maidir le Cill na Martra, bhuaigh siad cluiche i gcomórtas na sinsear den chéad uair riamh Dé Sathairn agus bhí bua iontach gan choinne acu ar churaidh na bliana seo caite, Naomh Conaill, sna babhtaí leathcheannais Dé Domhnaigh, bua a chuir deireadh le forlámhas na bhfoirne as Tír Chonaill ar chomórtas na sinsear.

Gaisce ab ea an méid sin, ach bhí a gcabhóg déanta faoi leath-am sa chluiche ceannais seo. D’aimsigh An Ghaeltacht 2-3 i dtréimhse chinniúnach cúig nóiméad roimh an mbriseadh agus is amhlaidh a d’éirigh cúrsaí níos measa do Chill na Martra díreach roimh leath-am nuair a bronnadh cárta dearg ar a seanfhondúir Nollaig Ó Laoire a rinne calaois ar Chian Ó Murchú.

Bhí an t-ádh ar Ó Laoire nár bronnadh aon chárta air roimhe sin nuair a rinne sé taicleáil leis an dá chois ar Mharc Ó Sé.

Bhí ar Ó Sé an pháirc a fhágáil ach ní raibh aon easpa ceannairí eile ar an nGaeltacht. Bhí Seán M Ó Conchúir ar fheabhas ó thús deireadh na himeartha, mar shampla, agus ba é a roghnaíodh mar laoch na himeartha.

Farasbarr deich bpointe a bhí ag an nGaeltacht ag leath-am, 2-09 in aghaidh 0-5 agus na cúil faighte dóibh ag Tomás Ó Sé, le hiarracht aonair den scoth, agus PJ Mac Láimh.

Cé gur aimsigh Shane Ó Duinnín, duine de laochra chomórtas na bliana seo, cúl do Chill na Marta sa 44ú nóiméad, is ag cruachan in aghaidh na hainnise a bhí siad anois.

Fuair An Ghaeltacht dhá chúl eile sa dara leath,  ceann eile ag Tomás Ó Sé agus ceann ag Dara Ó Sé. Bhí rith an ráis ar fad le foireann Chorca Dhuibhne faoin tráth seo.

Sárthaispeántas a bhí ann agus ní raibh Cill na Martra in ann do chomhghluaiseacht imreoirí na Gaeltachta agus na Corcaígh céasta ag leithéidí Thomáis Uí Sé agus Éanna Uí Conchúir. Is ar éigean a raibh droch-chluiche ag aon duine d’fhoireann na Gaeltachta agus ba chabhair dóibh chomh maith gur thug bainisteoir Chiarraí Éamonn Mac Muiris cead do Chathal Ó Lúing, atá ar phainéal na Ríochta, imirt sa chluiche ceannais.

Níos túisce tráthnóna bhí an lá le Naomh Náille as Tír Chonaill i gcluiche ceannais na sóisear agus an ceann is fearr faighte acu ar an bhfoireann baile Tuar Mhic Éadaigh a bhí ag imirt i gcluiche ceannais sa chomórtas den chéad uair. 2-14 in aghaidh 2-8 an scór deireanach a bhí ann. Ba é Stuart Johnson Naomh Naille laoch na himeartha agus d’aimsigh Stephen Griffin 1-7 dóibh.

Lucht scórála don Ghaeltacht:

S M Ó Conchúir (0-9, 4 chic saor); T Ó Sé (2-2); Dara Ó Sé (1-2, cic saor amháin); PJ Mac Láimh (1-1); É Ó Conchúir (0-2); C Mac an tSaoir, Ó Ó Sé (0-1 an duine).

Lucht scórála do Chill na Martra:

M Desmond (0-6, 6 chic saor); S Ó Duinnín (1-1); S Ó Ceilleachair (0-2); D Ó Duinnín (0-1).

An Ghaeltacht: 

T Mac an tSaoir; C Ó Murchú, C Ó Lúing, C Ó Muircheartaigh; P Ó Sé, M Ó Sé, PJ Mac Láimh; R Ó Sé, S Ó Garbhia; G Mac an tSaoir, D Ó Sé, C Ó Fiannachta; S M Ó Conchúir, É Ó Conchúir, T Ó Sé.

Fir Ionaid: 

C Ó Ceilleachair do M Ó Sé (30); Ó Ó Sé do G Mac an tSaoir (36); C Ó Garbhia do P Ó Sé (43); G Mac Gearailt do S Ó Garbhia (43); S Ó Bambaire do S Ó Conchúir (45); S Ó Grifín do C Ó Muircheartaigh.

Cill na Martra:

A Ó Conaill; S Ó Loinsigh, G Ó Mocháin, Daire Mac Lochlainn; S Ó Ceilleachair, D Ó Conaill, C Ó Laoire; G Ó Goillí, F Ó hÉalaithe; M Ó Conchúir, M Ó Deasúna, M Ó Duinnín; D Ó Duinnín, N O’Leary; S Ó Duinnín.

Fir ionaid:

D Mac Cárthaigh do M Ó Duinnín (30); P Ó Criodáin do S Ó Loinsigh (35), D Ó Laoire do F Ó hÉalaithe (40); D Ó hÚrdáil do M Ó Conchúir (46); M Ó Goillí do D Mac Lochlainn (46), G Ó Faoláin do D Ó Duinnín (50).

Fág freagra ar 'TUAIRISC: Sárthaispeántas ón nGaeltacht agus Comórtas Peile na Gaeltachta buaite acu den chéad uair ó 1999'

  • Mánus

    Imreoirí ag glaoch ar a chéile i mBéarla. Béiceáil agus saighdeadh i mBéarla le clos ón taobh líne. Lucht tacaíochta ag Béarlóireacht leis an mionlach le Gaeilge sa pubanna. Is léir ón chomórtas seo go bhfuil port na “Gaeltachta” seinnte. Cuireann an fhéile seo an comórtas damhsa seite ag Oireachtas na “Gaeilge” a líonann an halla le Béarlóirí i gcuimhne. Tá an coincheap comórtas “Gaeltachta” as dáta.

  • Traolach Ó Sioradáin

    Má’s fíor an méid atá scríte ag Mánus thuas, ba cheart deireadh a chur le comórtas peile na Gaeltachta.